Nuair a oscalaíodh an chanáil idir Albany agus Loch Erie i 1825, ba cheann de iontaisí móra an domhain í. D’fhéadfadh bád, anois, dul ó Nua Eabhrach go dtí na Locha Móra. Ní raibh an bothar iarainn fós ann agus mar sin bhí ana éileamh ar na báid chun daoine agus earraí a iompar. Bhí innealtóir Éireannach darbh ainm Christopher Colles ar na daoine is túisce (1786) a mhol an chanáil a thógabháil. Agus an fear is mó a bhí taobh thiar den tionscnadal, De Witt Clinton, Gobharnóir N.Y., Éireannach ab ea a shean athair.
Thosnuigh an obair ar an gcanáil in 1817 agus de réir Carl Wittke "We Who built America." bhí breis agus 3000 Éireanach ag obair uirthi in 1818. Mhéadaigh faoi dhó ar an uimhir sin gach bliain ina dhiaidh sin.. Ach cad a thug na hÉireannaigh ann in aon chor?
Sul ar tosaíodh ar an gcanáil, chaith suirbhéir darbh ainm Canvass White tamall i Sasana ag féachaint ar na canálacha a togadh ansan. Casadh innealtóir tógála darbh ainm J.J. McShane air agus d’éirigh cairdeas eatarthu. Dob as Tiobrad Arann dó agus bhí slua Éireannach ag obair faoi. D’éirigh le White, McShane agus a fhoireann a mhealladh anall go Nua Eabhrac. Ansan thosnaigh sé ag earcú in Éirinn. Tháinig na mílte agus d’fhágadar a rian ar an dtír. D’fhan cuid acu sna bailte beaga agus móra a d’fás ar fead na canála. Mhéadaíodar ar dhaonra Albany, Troy, Utica, Syracuse, Rome, Auburn, Rochester, Lockport, agus Buffalo. Tá sliocht a sleachta fós thuas stát. Lean sagairt mhiseanacha na hoibrithe ag léamh aifrinn agus ag éisteach faoistine. Pinginí na n-oibrithe a thóg na céad teampaill Chaitliceacha i dtuaisceart Nua Eabhrac. As an obair san d’fhás deoisí Albany, Buffalo agus Rochester.
Ar 26 Deireadh Fomhair, 1825, d’osclaíodh an chanáil go hoifigiúil. Bhí an Gobharnóir DeWitt Clinton i mBuffalo don ocáid. Bhí paráid mhór acu go ceann na canála agus chuaigh De Witt Clinton ar bord báirse agus thosnaigh ceithre chapall ghlasa á tharraingt síos an chanáil. Ar bord an bháirse bhí dhá shoitheach lán d’uisce ó Loch Erie agus bhíodar chun an t-uisce a thabhairt go Nua Eabhrac ar an mbád agus é a chaitheamh sa bhfarraige. Nuair a d’fhágadar Buffalo scaoileadar gunna mór. Leath mhíle síos an chanáil bhí gunna eile agus nuair a chuala an gunnadóir an chéad cheann scaoil sé an tarna ceann agus mar sin de síos go dtí Nua Eabhrac. Bhí 1812 gunna ar fad réitithe acu. Thóg sé 81 nóiméad chun an dea-scéala a chur go Nua Eabhrac. Chosnaigh ticéad den chéad ghrád $4 ó Nua Eabhrac go Albany agus ó Albany go Buffalo $14. Thóg an t-aistear sin tuairim is sé lá. Mall go leor déarfá ach thóg an cóiste coicís ar bhóithre garbha Nua Eabhrac.
Maireann neart scéalta fós i mbéaloideas an cheanntair faoi na hÉireannaigh, cuid acu fíor agus an chuid eile gan bheith ró-fhíor. Ní fearr rud a dhéanfainn anois ná roinn díobh-san a eachtraí dhaoibh.
An bhfuil fhios agaibh cén fáth nach raibh faidhb acu riamh le nathaireacha ar na casáin ar dhá thaobh na canáile? Bhuel bhí capt’n báid ag faire ar scata Éireannach lá. Thit duine acu isteach i bpoll. Bhí dhá nathair istigh ann agus cheap an capt’n go raibh deireadh leis an nduine bocht. Ach thóg fear eile mála as a phóca agus chaith sé roinnt cré as ar na naithreacha. I bpreab na súl bhí an dá nathair sínte chomh marbh le hart.
Follow us on social media
Keep up to date with the latest news with The Irish Echo
Bhí ionadh an domhain ar an gcapt’n go dtí gur chuala sé scéal Naomh Pádraig uatha. D’insíodar dó, go mbíodh sé de nós acu mála cré a bhreith leo ó Éirinn, mar chosaint ar chuile short oilc. Bhí smaoineamh ag an gcaiptéan. Thosnaigh sé ag ceannach cré ós na Éireannaigh go dtí go raibh carn mór den chré bheannaithe aige. Ansan do scaip sé fan na canáile í. Bhuel, ní fhachathas nathair ná a macasamhail i ngaireacht míle den chanáil as san amach. Ní dóigh liom go dtánadar ar ais ó shin.
Bhí fear eile darbh ainm Mac Cárthaigh a chuaigh isteach sa bhéaloideas de bharr bua a bhí aige. Ní raibh a sharú le fáil ag láimhseáil ainmhithe. Tiománaí asal a bhí ann. Bhíodh dhá fhoireann asal ag gabháil le gach báirse, ceann ag slaodadh (towing) an bháid agus an ceann eile ar board ag glacadh saoiste. Dheinidís uainíocht ar a chéile.
Bhí ana chion ag Mac Cárthaigh ar a chuid asal agus ar ndóigh bhí bá aca san leis-sean, más fíor don scéal. Mhúin sé cleas dochreidte dhóibh – conas téad righin idir an bád agus an tír a shiúl. Rinne sé téidshiúlaigh díobh. Nuair a thagadh tuirse ar na hasail a bhíodh ag tarraingt ligeadh sé fead as agus thagadh an fhoireann eile amach ar an deic. Stadfadh an dream amuigh ansan, chun go scaoilfeadh sé iad agus cheanglódh sé an bád den bhruach.
Nuair a righfeadh an téad leis an sruth thiocfadh na hasail neamhthuirseacha treasna na téide agus raghadh an dream eile ar bord. Taobh istigh de nóiméad bheidís ag bogadh leo arís. Agus cheap sibhse go raibh fóirne malartaithe rothaí ag an Indianapolis 500 tapaidh. Tá scéalta fós le cloisint faoi an dornálaí Paddy Ryan ó Thiobraid Arann, a raibh tigh tabhairne aige ar an gcanáil. Agus fear darbh ainm Paid Mac Cárthaigh an fear ba láidre orthu go léir. Taobh leis ní raibh i Paul Bunyon ach meatachán gan neart. Bhíodh sé in ann báirse a tharraingt lena fhiacla.
PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.
An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.