OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Chomh Scléipeach leis An Mangaire Súgach

February 16, 2011

By Staff Reporter

Nuair a luaitear Fílí na Máighe is ar Aindrias Mac Craith, an Mangaire Súgach, is túisce a smaoinítear de ghnáth. Ach tá dlúthcheangail idir é agus an file mór eile Seán Ó Tuama. Ba dheachair cur síos ar dhuine acu gan an duine eile a tharraingt isteach sa scéal. Deir eolaithe airithe gur rugadh an bheirt acu sa bhaile céanna, Baile an Fhantaigh, cúpla míle soir ó Chill Mocheallóg i gCo. Luimnigh. Ar aon nós b’ ansan a chéad chasadh ar a chéile iad. Is léir ón bhfilíocht go raibh aithne acu ar a chéile as a n-óige. I ndán amháin de chuid Sheáin a chum sé don Mhangaire deir sé; "gurbh aithne dhom id leanbh thú is id mháistir glic." Ceaptar go raibh cúpla bliain ag an Tuamach ar Aindrias agus is eol dúinn gur rugadh Seán timpeall na bliana 1707, agus go bhfuair an Mangaire bás idir 1793 agus 1795. Fágadh san gur mhair sé breis is ceithre fichid bliain d’ainneoin an óil agus an ragairne go léir a chuirtear ina leith. Cúpla bliain ó shin foilsíodh "An Mangaire Súgach" le Máire Comer Bruen agus Dáithí Ó hÓgáin. Is ón leabhar iontach san cuid mhaith desna fíricí san alt seo. Tá cóipeanna le fáil ó ‘Litríocht.com’.

De dheasca na bPéindlithe ní raibh scolaíocht ar fáil dona Caitlicigh san am san. Bhraitheadar ar na scoileanna scairte agus níorbh fholáir nó d’fhreastail an Mangaire ar ceann acu, mar a bhfuair sé eolas ar an Laidin, an Ghréigis, an Béarla agus ar chúrsaí matamaitice. Seans go raibh Seán agus Aindrias ar aon scoil le chéile agus gur fhás cáirdeas eatarthu ansan. Chuaigh an Tuamach ag múineadh go Cromadh thart faoin mbliain 1734. De réir dealraimh fuair sé cabhair ón Athair Nioclás Ó Domhnaill chun an scoil a bhunú. Go gairid ina dhiaidh sin fuair sé dornán airgid áit éigin agus cheannaigh sé tigh tabhairne. Bhí sé pósta fán am seo agus ceaptar gur chuir sé fios ar an Mangaire teacht agus an post mar mhúinteoir sa scoil scairte a ghlacadh ina ionad.

Is iomdha scéal a insítear faoin mbeirt ag imirt ghrinn ar a chéile. Ba dhuine flaithiúil é Seán, ró-fhial ar fad dar lena bhean Muireann. Chuir sé an rann seo leanas ar chlár ós cionn an dorais.

Níl fánach ná sárfhear ar uaisle Gaoidheal,

Bráthair den dáimh ghlic ná suaircfhear groí,

I gcás go mbeadh láithreach gan luach na dí,

Follow us on social media

Keep up to date with the latest news with The Irish Echo

Ná go mbeadh míle fáilte ag Seán Ó Tuama roimhe.

Dhealródh sé gur ghlac na bráithre agus na suaircfhir chéanna buntáiste ar Sheán ó am go chéile agus is léir gur tháinig colg air chucu níos mó ná uair amháin. Scríobh sé dán ag cur síos ar an scéal. Féach gur meadaracht an luimnigh atá ann, agus sna píosaí a leanas é freisin.

Is duine mé dhíolas leann lá

Is do chuireas mo bhuíon chun rancáis,

Mura mbeadh duine, im chuideachta dhíolfas,

Mise bheas thíos leis in antráth.

Níor thaitin an píosa seo leis an Mangaire mar cheap sé gur chuige féin a bhí sé. Seo vérsa amháin as an dán a chum sé á fhreagairt.

Níl binneas it laoi ná it sheandán

Is ní milis dar linn do streanncán,

Bíonn iomad de thoise, do ghloine gan líonadh,

Is d’uisce na díge it bhranndán.

Céad bliain ina dhiaidh sin chuir an Mongánach Béarla cliste ar an véarsa seo:

Both your poems and pints by favour,

Are alike wholly wanting in flavour;

Because its your pleasure, you give us short measure,

And your ale has a ditch water flavour.

Lean an t-aighneas idir an bheirt ar feadh tamaill, trí nó ceithre de bhlianta b’fhéidir. Is léir ón méid atá le rá ag an dTuamach agus ón mbéaloideas go raibh Aindrias ró-thugtha don ól, go raibh fadhb an alcóileachais ag cur air. Phós Aindrias ina mheán aois agus bhí iníon amháin ar a laghad aige. Is léir óna dánta nár éirigh sé as an ól ná an ragairne ámh. Is iomdha titim amach a bhí aige leis na sagairt — smaoinigh ar Slán le Máigh — ach i ndeireadh an l’ choimeádadh sé i dteagmháil leo i gcónaí. B’iad na sagairt a chuireadh na daltaí chuige agus mar sin bhíodh sé ag brath orthu.

Fuair a shean chara Seán Ó Tuama bás i mí Lunasa 1775 agus cuireadh i gCromadh é. Bhí Aindrias ar thaobh na huaighe agus "bháigh sé an chomhrainn le tuile deor." Ar ais i mBaile an Fhantaigh i dteannta a iníne a chaith sé na blianta deireanacha. Ceal spáis níl anso ach blas bídeach den scéal. Faigh an leabhar mar bhronntanas duit fhéin. Críochnód le véarsa as an marbhna a chum sé ar an dTuamach.

Níl file ná fáidh ó Mháigh go Béara,

Ná duine den dáimh nach cráite an scéal leo,

Sibhse ar lár gan fáil ar f’iseamh,

Is mise thar cách do chráis lem ré mé!

PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese