OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Irish Column: Ar Son Grinn

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Don tseachtain seo chuireas cnúsach beag de scéalta greannmhara le chéile ó fhoinsí éagsúla. Is ón mbéaloideas ar fad iad. Dúirt ‘Cú Uladh’ fadó agus é ag trácht ar an sort seo scéil; "Gheobhaidh sibh ionnta mór-chuid den chineál intinne, aigeanta agus méine a bhíodh ag na G’il fadó, agus gan sin a bheith againn, chan G’il atá ionainn ach Gaill."

Bhuail fear isteach i dtigh táilliúra lá agus colg air. "Cad a thug ort-sa an bríste a dhéanamh chomh dlúth san?" ar sé leis an dtáilliúir. "Is dlúithe é ná mo chraiceann." "Conas d’fhéadfadh sé bheith níos dlúithe ná do chraiceann, in ainm Dé?" arsan táiliúr. "Mar féadaim suí síos im chraiceann ach ní féidir liom suí in aon chor san mbríste seo," arsan fear bocht.

Lá fuar geimhridh a bhí ann agus tháinig buachaill óg go déanach chun na scoile. Rug an máistir greim muinéil air agus bhí sé ar tí leasadh maith a thabhairt dó nuair a labhair an buachaill. "A dhuine uasail," ar sé, "ná tóg orm é." "Bhí leach oighir ar an mbóthar," "agus bhí sé chomh sleamhain sin, go rabhas ag dul dhá chéim ar ais d’aon chéim ar aghaidh."

"Ach," arsan máistir, "ní shroisfeá an scoil in aon chor ar an gcuma sin." "Fuaireas san amach, a dhuine chóir, agus thiontaíos ar mo shála, thugas mo aghaidh ar an dtigh agus is ag déanamh fána dhéin, i ndiaidh mo chúil, a thángas anso."

Bhí lánúin ann aon uair amháin agus cha raibh siad i bhfad pósta, ach mar sin féin chan ógánaigh a bhí ionntu. Tháinig lá na rása. Chuaigh siad chuige na rásaí. Nuair a bhí siad ag spaisdeoireacht anonn is anall ar pháirc na rása, "Cogar a théagair," arsa an fear, "tá eagla orm nách bhfuil tú maiseach." "Táim ag tabhairt faoi ndeara go n-amharcann na daoine dó nó trí d’uairibh ar gach uile bhean dheas a chasas orthu, agus is gann dóbhtha amharc ort-sa ar chor ar bith." "A amadáin bhoicht," adeir sí, "cha raibh ciall agat ariamh, agus níl anois. Táthar ag amharc orm gan fhios duit, nuair a théann siad ar do chúlaibh. Siúil thusa i mo dhiaidh go bhfeice tú."

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

Chuaigh sise trí no ceathair de choiscéimibh i dtoiseach, agus shiúil seisean ina diaidh. Nuair a bhíodh duine ag teacht ina h-aghaidh chuirfeadh sí cárr (draid) nó gam-ghócha ar a béal, nó b’fhéidir go gcuirfeadh sí liobar mór uirthi, nó chuirfeadh sí a teanga amach. Bhí na daoine uile go léir ag amharc uirthi, is tionntódh siad arís is arís le h-aghaidh amhairc d’fháil uirthi.

I gceann tamaill thionntaigh sí ar a céile. "Anois," ar sise, "caidé tá agat le rá?" "Dar mo chond’," ar seisean, "is tú an bhean is deise ar an pháirc. Chan fhuil siad ag amharc ar aon bhean eile leath an oiread is tá siad ort-sa." "O, a ghogaille," adeir sí, "muna gcoinne tú do shúile i do thimpeall, goidfear mé uait."

Blianta fada ó shoin bhí sagart ag tabhairt seanmóra uaidh Dé Domhnaigh amháin ar Lá an Bhreithiúnais. Dúirt sé nách mbeadh aon teora leis an méid daoine a bheadh cruinithe le chéile an lá sin mar go mbeadh gach éinne ó Adhamh go dtí an duine deireannach a saolaíodh, ann. Taréis an aifrinn agus an sagart ag dul abhaile tháinig sé suas le sean bhean, is í ag siúl leí féin. "A athair," ar sí, "a’ bhfuil fhios agat caidé a bhfuil mé ag smaoineamh air?" "Mhuise ba dheachar é sin a rá," ar sé. "Bhíos ag smaoineamh," deir sí, "ar an ngleó bhéas ann Lá an Bhreithiúnais. Inis seo dom, a athair, an mbeidh Eóghan Rua ansin?" "Beidh go díreach," ar sé. "Agus an mbeidh Cromall ann freisin?" "Beidh gan dabht," ar sé. "Agus iad ins an ngleann céadna?" "Ins an ngleann ceanann céana." "Anam ‘an diabhal a athair, ach ní féidir leis an méid diabhal atá in ifreann iad a choimeád ó chéile!"

Ba ghnáthach, in áiteanna den tír, nuair a chailltí duine, roinnt airgid a chrinniú ag teach an chuirp le haghaidh an tsagairt. Bhí fear ag ceann dena tithe seo, uair amháin, agus rinne sé dearmad an t-airgead a thabhairt leis. Rith sé ar ais lena fháil. Chas an sagart dó. "Cá rachaidh tú a Sheáin?" arsan sagart. "Dearmad a rinne mé ar scilling," arsa Seán, "agus tá mé ag dul ina choinne." "Bhéara mise scilling duit ach go dtabharfaidh tú dom arís í," a deir an sagart. "Ó bhéarad," arsa Seán "go raibh maith agat."

D’fhill an bheirt ar theach an chuirp, sheas an sagart ag an mbord, an áit a rabhthas ag tógáil an airgid. Bhí na daoine ag teacht agus ag leagan an airgid síos ós comhair an tsagairt, agus tháinig Seán, agus ar seisean i gcogar, ag leagan na scillinge ar an mbord: "Seo í an scilling, ar ais,’ athair, agus go raibh míle maith agat."

Ba fhear siúil é Pádraig agus oíche amháin bhuail sé isteach i dteach i gConamara. Bhí fear a tí ag rá an phaidrín pháirtigh. Chuaigh Pádraig ar a ghlúnaibh. Bhí clocha an urláir ag gortú a ghlún. Ba fhada leis a bhí fear a tí ag gabháil den phaidrín. Bhain sé de a chóta. Chuir sé faoina ghlúnaibh é. "Anois go lá ort!" ar seisean.

Bhí fear ann uair agus bhí scata fear ag obair aige. Bhí sé ar leath-shúil agus in ionad na súile eile bhí blúirín gloine aige a bhí déanta go díreach ar nós súile. Tháinig glaoch air lá agus b’éigin dó dul go áit éigin eile agus ní bheadh éinne ansan ag faire ar na hoibrithe. Chuimhnigh sé ar seift; tharraing sé amach an tsúil ghloine agus leag sé í ar bun crainn agus dúirt: "Seo í mo shúil agus cuinneóidh sí áirdeal ar an ngnó anso nó go bhfillfidh mé." D’imigh sé agus bhí na fir bhochta á marú féin ag obair ar fead taimillín. Fá dheireadh thug sean-riadaire leis buicéad agus théaltaigh sé suas ar bharraibh a chosa go dtí an tsúil, leag sé an buicéad ar a bhéal faoi os cionn na súile agus chodail na fir go tráthnóna. PS. Tugtar riadaire ar sheanduine nó seanainmhí críona cliste, é lán ealaíona.

PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese