OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Irish Column: Eachtra an ‘Catalpa’

February 16, 2011

By Staff Reporter

By Barra Ó Donnabháin

In 1876, faoi choimirce ‘Clan na Gael’ cuireadh gníomh chun críche a léirigh don domhan gurbh é Clan na Gael an eagraíocht troda ba chumasaí dar thug aghaidh riamh ar an sean-namhaid. Sa bhliain sin d’éirigh le Clan na Gael seisear Éireannach a fhuascailt ó phríosún i bhFremantle in Iarthar na hAstráile agus iad a thabhairt slán go Meiriceá sa long Catalpa. Chun scéal an Catalpa a insint i gceart ní mór an cúlra stairiúil a mhíniú beagáinín i dtosach. Ní miste cur síos gairid a thabhairt ar bhunú na bhFíníní agus Clan na Gael agus ar mhaithe le hiomláine ní mór freisin cúpla focal a rá faoi na daoine seo leanas, James Stephens, John Ó Mahony, John Boyle Ó Reilly, John Devoy, Jerome Collins agus J.J. Breslin. Bhí lámh acu go léir san eachtra.

Tosóimid le James Stephens agus John Ó Mahony agus bunú na bhFíníní. Ghlac James Stephens páirt in Éirí amach 1848 agus goineadh sa cheathrú é ag Baile an Gharraí. Taréis na troda chuir cara leis tuairisc a bháis sna páipéir, bréag a chabhraigh leis éalú go dtí an Fhrainc mar ar casadh Seán Ó Mathúna air. Bhí páirt aige siúd san Éirí Amach chomh maith. Chuaigh an bheirt acu go Meiriceá níos déanaí agus bhuaileadar lena chéile arís i Nua Eabhrac in 1858. Chinneadar ar eagraíocht a bhunú thall is abhus chun saoirse na hÉireann a bhaint amach. Bhaist an Mathúnach, Na Fíníní, ar an gcumann i Meiricea agus thug Stephens an Irish Republican Brotherhood ar an eagraíocht in Éirinn. Faoi 1865 bhí 75,000 Fíníní in Éirinn amháin, ach má bhí ní i ngan fhios dona húdaráis é. Idir 1865 agus 1867 cuireadh fán nó príosún ar formhór ceannairí na bhFíníní. Ina measc san bhí John Devoy.

In 1861 bhí John Devoy ag freastal ar ranganna G’ilge in oifig an Nation nuair a ghlac sé móid na bhFiníní. Bhí sé gníomhach ag eagrú na bhfíníní ón lá san go dtí gur tháinig na Sasanaigh aniar aduaidh air i 1866. Ar feadh cúpla bliain sul ar gabhadh é bhí sé i mbun eagair na bhFíníní in arm na Breataine. I dtigh tabhairne Peter Curran, 1 Clare Lane i mBÁC a bhíodh an gnó seo ar siúil aige. Ach bhí spiairí ina measc agus gabhadh i dtigh tabhairne i Sráid Shéamais é agus gearradh cúig bliana déag príosúin air. D’éirigh le Peter Curran éalú go Meiricea. Thug Devoy cúig bliana faoi ghlas agus nuair a scaoileadh saor é i 1871 cuireadh toirmeasc air maireachtáil in Éirinn. Thug sé a aghaidh ar Mheiriceá mar ar lean sé leis an dtroid. Deir Seán Ó Lúing faoi dhíbirt seo Devoy — "Dá bhféadfadh cathú teacht ar oifigeáin impiriúla thiocfadh sé ortha ar ball mar gheall ar John Devoy a ligint as raon a ngreama. Mar bhí sé i ndán go mbeadh Devoy, fé cheann achair ghearr eile bliain ina fhear comhachtach i gClan na Gael."

Jerome Collins a bhunaigh Clan na Gael i Nua Eabhrac i 1867. (Scríobhas alt faoi anuraidh faoin dteideal ‘Turas an Jeannette’). Bhí scoilt tagaithe sna Fíníní sna Stáit ag an am. Seo mar a chuir Seán Ó Lúing síos air ina leabhar ‘John Devoy:’ "Seift a bhí á mheabhrú ag an gCoileánach chun Artur Prionnsa Chonnacht d’fhuadacht le linn dó bheith ar thuras chun na Stát. B’éigin eirí as an bplean ach de thoradh na n-ullmhuithe a deineadh ina threo tháinig fir as an dá aicme easaontachta Fíníní, dream Roberts agus dream Uí Mhathúna, le chéile. Tosnaíodh Clan na Gael ar an ndóchas go mbeadh sé ina thalamh choitian eatarthu. Ní raibh aon rún ag an gCoileánach cumann nua a bhunú a ghlacfadh áit na gcumann eile ach siné a thárla sa deireadh." Neartaigh an cumann de réir a chéile ach b’é turas an ‘Catalpa’ a chuir Clan na Gael i mbéal an phobail agus a chuir airgead sa chiste.

Ag filleadh ar Éirinn. Sa bhliain 1867 daoradh seachtar Fínín chun báis mar gheall ar an bpáirt a ghlacadar in Éirí Amach 1867. John Boyle O’Reilly, James Wilson, Thomas Darragh, Thomas Hassett, Robert Cranston, Michael Harrington and Martin Hogan, ainmneacha na bhfear san. Níor crocadh iad ar deireadh ach cuireadh an loch amach iad go dtí Fremantle in Iarthar na hAstráile lena saol a chaitheamh sa bhfásach. I mí Deireadh Fomhair, 1867 cuireadh ar bord na loinge ‘Hougemont’ iad i bPortland Shasana. Bhí 279 daoránaigh ar slabhraí i mbolg na loinge sin. Níor shroiseadar Fremantle go dtí an 10 Eanair, 1868, taréis 10,000 míle farraige a chur díobh.

Follow us on social media

Keep up to date with the latest news with The Irish Echo

Scaoileadar ancaire sa chuan agus le héirí gréine ligeadh amach na príosúnaigh ina mbeirteanna. Scaoileadh na slabhraí díobh ar an gcé. Ní bheidís riachtanach anois mar bhí an fharraige agus an fásach mar shlabhraí timpeall orthu. Gealt amháin a thabharfadh faoi éalú. Máirseáladh go dtí an príosún iad agus thug "Ceannfort an Phríosúin" léacht dóibh. Dúirt sé go mbeadh go leor caíonna éalaithe acu mar go mbeidís ag obair lasmuigh den champa ach mhol sé dhóibh gan dul ina leith. Go dtí sin níor éirigh le héinne éalú ón áit, dúirt sé, cé gur thug neart daoine faoi. Agus dúirt sé dá mbéarfaí ar dhuine ag éalú go gcuirfí chun báis ar áit na mbonn é.

Nuair a bhí deireadh ráite ag an gceannfort chuir John Boyle Ó Reilly cogar i gcluas Darragh; "Tá bealach as an áit seo agus gheobhaidh mé é, dearbhaím i láthair Dé go bhfaighidh mé é." Chomh maith do dhein. D’éirigh leis éalú i 1869 sa long seilge míolmór Meiriceánach Gazelle. Oifigeach de chuid an Gazelle darbh ainm Henry C. Hathaway a shábháil Ó Reilly agus thug slán go Meiriceá é. Bhíodar chomh mór le chéile agus a bheadh bó agus coca féir as san amach. Dob as New Bedford do Hathway agus bheadh lámh nách beag aige in eachtra an Catalpa níos déanaí. Dhá bhliain taréis éalú Ó Reilly tharraing litir aird Chlan na Gael arís ar Fremantle.

"Thárla go ráinig páipéar nuachta chun an champa ghéibhinn i bhFremantle agus go bhfaca na hÉireannaigh ann cuntas ar thabhairt amach a bhí ag Clann na Gael i Nua Eabhrac agus go raibh seoladh Peter Curran luaite sa chuntas," — Seán Ó Lúing. An chéad rud eile fuair Peter litir ó Martin Hogan ag impí air cabhair a thabhairt dóibh éalú as an ifreann ina rabhadar. Thug Peadar an litir do John Devoy. Ar lean.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese