Barra Ó Donnabháin
Ar an 20 Deireadh Fomhair, 1875, bhí an Capt’n Patrick D. Tyrell, agus beirt oifigeach eile ón Rúnseirbhís, ag coimhéad tí bháin treasna na sráide uathu i bhFulton, Illinois. Sa tigh bán bhí duine den bheirt ghóchumadóirí ab thréithí sa tír. Bhí sé ag obair ar a dhícheall ag bualadh airgid bhréige. Bunaíodh an Rúnseirbhís in 1861 mar gheall ar airgead bréige. Bhí an tír lán de. Is amhlaidh a mhéadaigh ar an ngalar sna blianta taréis an Chogaidh Chathartha. ‘Coney’ a thugaidís ar an airgead seo. Sna 1870í bhí an oiread sin ‘coney’ i gcúrsaíocht go raibh córas airgeadaíochta na tíre i mbaol. Shochraigh an Rúnseirbhís ar chniogbheartaíocht láidir a dhéanamh in aghaidh na ngóchumadóirí.
Ba ghnó mór é. De réir a chéile bhailigh an Rúnseirbhís fianaise faoi. Ba ghearr gur thuigeadar go raibh gréasán mór amháin ag feidhmiú sa mheán-iarthar faoi stiúradh James B. "Big Jim" Kinealy. Siúinéir ab ea é agus rugadh in Éirinn é i 1832. Chaith sé tamall i bpriosún abhus mar gheall ar chapaill nár leis féin a dhíol. Nuair a scaoileadh saor ó Joliet é cheannaigh sé stábla capall i St. Louis agus d’eagraigh sé gréasán góchumadóireachta. Bhunaigh sé dreamanna beaga ar fuaid na háite chun an ‘coney’ a scaipeadh agus fuair sé an bheirt ghóchumadóirí ab fhearr, Benjamin F. Boyd agus Nelson Driggs chun an t-airgead a bhualadh. Bhí sé ar muin na muice go dtí gur thaibhsigh Patraic D. Tyrell. Dob Éireannach é freisin. Tháinig sé Go Meiriceá i 1841.
Tamall roimhe sin fuair Tyrell ordú ó Washington; "Aimsigh agus gabh Boyd agus Driggs!" Thuig na húdaráis go mbeadh greim scornaí acu ar an eagraíocht ach an bheirt seo a bheith faoi ghlas acu. Chaith Tyrell naoi mí ar a dtóir agus anois bhí Boyd sa tigh bán treasna na sráide uaidh. Thug sé comhartha dá leathbhádóirí agus isteach leo. Ghabhadar Boyd agus a bhean chéile gan dua. Fuaireadar carn airgid agus uirlisí greanadóireachta freisin sa tigh. An lá céanna gabhadh Driggs. Gearradh cúig bliana déag ar Driggs agus deich mbliana ar Boyd. Fuair Tyrell ardú céime go ceannaire ar cheantar Chicago. Fágadh Big Jim Kinealy i gcruachás.
Is cuma nó muc duine gan seift. Smaoinigh Big Jim ar sheift. Ghoidfeadh sé corp Abe Lincoln agus bheadh sé mar bhrá gill aige go bhfaigfeadh sé Boyd ar ais slán agus $200,000 ó Stát Illinois. Anois nár dhána an t-éadan a bhí air fiú smaoineamh ar a leithéid de eachtra. Ach b’in ré Jesse James. Ní fheadar éinne cad a thug an smaoineamh ina cheann ach tamall de bhlianta roimis sin deir siad gur smaoinigh duine éigin ar an seift cheanna ach go bhfuair na póilíní gaoth an fhocail agus chuireadar stop leis. B’fhéidir gur chuala Big Jim faoi. Ar aon nós thosnaigh sé láithreach ag cur dream le chéile chun corp Lincoln a ghoid.
Thogh sé dream i Lincoln, sea b’in ainm na háite, agus mhínigh sé an beart dóibh. Thug an fhoireann turas ar uaigh Lincoln i reilig Oak Ridge dhá mhíle lastuaidh de Springfield. Labhraíodar le coimeádaí Ula Lincoln, John Carroll Power. Thug sé ar turas timpeall na háite iad, mar a dhéanadh le gach turasóir. Thaispeáin sé an sarcophagus dóibh mar a raibh corp Lincoln i gcónra chéadrais dheairg a raibh líneáil luaidhe inti. Bhí clúdach marmair ar an sarcophagus. Bhí dhá dhoras ag cosaint an tuama ar ghadaithe. Ba ghnáth-dhoras ceann acu a raibh fuinneóg ann. Bhí barraí iarainn agus glas crochta ar an gceann eile. Dúirt Power freisin nach mbíodh aon ghárda ann istoíche. Fadhb ar bith arsa na bithiúnaigh leo féin.
Follow us on social media
Keep up to date with the latest news with The Irish Echo
Ach bhí duine den dream tugtha don ól agus ba ghearr go raibh an scéal ar fuaid an bhaile aige. Tharraing an ráfla aird na bpóilíní orthu agus b’éigin do Big Jim bogadh as an áit agus aghaidh a thabhairt ar Chicago. Ach níor éirigh sé as an bplean. Bhí aithne aige ar fhear ansin darbh ainm Terence Mullen. Bhí tigh tabhairne aige ar a dtugtaí "The Hub". D’inis sé an scéal do Mullen agus do chara leis John "Jack" Hughes. Bhíodar beirt lán sásta cabhrú le Kinealy nuair a chualadar faoin $200,000. Bhí lámh ag Hughes sa ghóchumadóireacht freisin agus tamall roimis sin gabhadh é. Ligeadh amach ar bannaí é ach bhain sé na bonnaí as agus anois bhí lucht na Rúnseirbhíse ar a thóir.
Nuair a chuala Tyrell go bhfacathas Hughes san Hub chuir sé ‘roper’ nó spiaire dá chuid i mbun oibre. Lewis C. Swegles ab ainm dó ach thug sé Jim Morrissey air féin. Chaith sé seal i bpríosún rud a chabhraigh leis san obair seo. "Aimsigh Hughes agus faigh amach cad tá ar siúl aige," na hordaithe a thug Tyrell dó. Thosnaigh sé ag gnáthú an Hub agus d’éirigh sé cáirdiúil le Mullen. Thaitin sé le Mullen. Chuir sé Hughes agus Swegles in aithne a chéile. Bhíodh Swegles i gcónaí ag insint scéalta mar gheall ar rudaí neamhdhleathacha a rinne sé agus lá amháin luaigh sé go mbíodh sé tráth ina réabadóir reilige, go mbíodh sé ag goid corp. Leath a dhá shúil ar Mullen nuair a chuala sé an méid sin. Bhí cúpla duine eile uathu chun corp Lincoln a ghoid. Chuireadar an scéal faoi bhráid Swegles agus bhí sé sásta dul leo. Chuaigh sé láithreach go Tyrell leis an nuacht. Chuaigh Tyrell i gcomhairle le Robert Todd Lincoln, mac Abe, agus údaráis eile agus chinneadar ar fad a dtéide a thabhairt dona gadaithe agus breith orthu sa choir.
Shocraigh na gadaithe, Mullen, Hughes agus Swegles ar lá an toghacháin mhóir, 7 Samhain, 1876 chun an gníomh a chur chun críche. Bheadh Springfield plódaithe. Bheadh capall agus carr uathu chun an chónra a iompar. Fuair Swegles cara leis chun cabhrú leo mar dhea. Ghoidfeadh sé capall. Cheannaíodar uirlisí agus púdar agus chuadar ar an dtr’n go Springfield. D’fhan Big Jim sa chúlra mar ba ghnáth leis.
Ar an oíche chinniúnach chuaigh an triúr amach go dtí an reilig agus chuadar thar claí isteach gan dua. Thosnaigh Mullen ag obair ar an gcéad doras. I ngan fhios do Mullen agus Hughes bhí na póilíní i bhfolach lastiar den uaigh ag feitheamh le comhartha ó Swegles. D’éirigh le Mullen an dá dhoras a oscailt agus bhí Swegles ag faire na faille chun éalú agus scairt a chur ar na gárdaí nuair a sháith Mullen an láindéar ina láimh agus dúirt "Dírigh é sin ar an uaigh." Ní raibh dul as aige. Dhírigh sé an solas ar an uaigh agus d’éirigh le Mullen agus Hughes an sarcophagus a oscailt agus faoi dheireadh an chónra a tharraingt amach as. Dúirt Swegles go raghadh sé síos go dtí an geata féachaint an raibh a chara agus an capall tagaithe fós. Amach leis agus in ionad dul síos rith sé timpeall na hula agus thug comhartha dona gárdaí.
Bhí Mullen agus Hughes neirbhíseach agus bhogadar amach as an uaigh agus d’fhanadar faoi scáth chrann darach ag feitheamh le Swegles. Agus na póilíní ag téaltú amach as an seomra ina rabhadar scaoil duine acu urchar de thimpiste. D’imigh Mullen agus Hughes cosa in airde. Gabhadh an bheirt acu san Hub tamall ina dhiaidh sin. Cé go ndúradar gurbh é Swegles a bhí taobh thiar den rud ar fad níor chreid an coiste iad. Gearradh bliain príosúin orthu araon.
Níl anso ach cnámha an scéil. Léigh "The Great Abraham Lincoln Hijack" le Bonnie Stahlman Speer. Thug duine faoi chorp Washington a ghoid freisin ach sin scéal eile. É mo scél.
Gluais: Góchumadóir = counterfeiter. Ula = monument. Cniogbheartaíocht = crackdown.
PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.
An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.