OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Irish Column: Turas an ‘Jeanette’

February 16, 2011

By Staff Reporter

By Barra Ó Donnabháin

I litir a scríobh an Conallach, Dr. William Carroll chuig John Devoy in 1879 deir sé -"bhuaileas le Ó Coileáin aréir agus tá sé ag imeacht ar thuras go dtí an Mol Thuaidh. Ní dóca go bhfeicfimíd arís é. Cinnte ní fheicfimíd a leithéid arís." Bhí an ceart aige. Bhí Carroll ina chathaoirleach ar "Clan na Gael" ag an am agus b’é an duine a bhí i gceist aige ná an Corcaíoch Diarmaid Ó Coileáin, nó ‘Jerome Collins’ mar ab fhearr eolas air. Diarmaid a bhunaigh Clan na Gael ar an 20 Meitheamh, 1867, i dtigh Shéamais Mhic Shíthigh, Sráid Hester Nua Eabhrac. Fear fíor shimiúil ab ea é. Alt a scríobh Diarmuid Ó hÉaluighthe faoi agus a foilsíodh i bhFeasta, Bealtaine, 1949 a spreag mo shuim féin sa bhfear. Fuaireas eolas faoi Dhiarmaid freisin ón mBr. C. B. Ó Cuinn agus John Ridge. Níl anso agam ach cnámha loma a shaoil.

Ar an bPríomh-shráid Theas i gCathair Chorcaí mar a raibh gnó ag a athair a rugadh Diarmaid. Cuireadh oideachas maith air agus fuair sé céim san innealtóireacht. Fuair sé post mar chléireach oibre nuair a bhíodar ag tógáil droichid treasna na Laoi. Tá a ainm le feiscint fós ar an bpláta iarainn ar thaobh an droichid. Cé go raibh post cuíosach maith aige níor fhan sé i gCorcaigh ach thug a aghaidh ar na Stáit Aontaithe.

Thit sé i ngrá le Meiriceá agus b’ábhar iontais dó fairsinge agus éagsúlacht na stát. Chuir sé suim mhór in ‘ráid na tíre —– san aimsir. Siúd leis ar fuaid na stát ag bailiú eolais agus ag déanamh taighde. Thuig sé go bhféadfadh duine réamhaisnéis i bhfad níos cruinne a thabhairt ar an aimsir ach eolas na haimsire sna limistéir timpeall air a bheith aige. Rud nua ab ea an telegraf ag an am agus bhain Diarmaid úsáid as chun eolas a bhailiú agus córas iontaofa réamhaisnéise a bhunú. Fuair sé post leis an New York Herald mar réamhaisnéiseoir.

Bhí an suim ag James Gordon Bennett, úinéir an Herald, i dtuairmí Dhiarmada agus cheannaigh sé chuile short gléas nua-aimseartha dó. Ba ghearr go raibh rannóg dá chuid fhéin aige agus colún san Herald. Bhí an oiread san cliú air gur ghlac páipéir na hEorpa lena réamhaisnéisí freisin.

I rith an ama seo bhí Diarmaid gafa sna Fíníní, ag déanamh a chion féin ar son na hÉireann. Nuair a thosaigh na Fíníní ag troid eatharu féin chinn Diarmaid ar eagraíocht nua a chur ar bun chun sprid na haontachta a mhúscailt iontu arís. Is mar sin a tháinig Clan Na Gael ar an saol in 1867. Dála an scéil, tamall roimis sin bhí an Coileánach páirteach i bplean chun ‘Artur Prionsa Connachta’ a fhuadach agus é ar cuairt i Meiricea, ach níor éirigh leo an beart a chur i gcrích. Idir an páipéar agus na Fíníní bhí Diarmaid gnóthach.

Sign up to The Irish Echo Newsletter

Bhí James Gordon Bennett an tugtha do sheifteanna chun aird a tharraingt ar an Herald. B’é James a chuir Henry Morton Stanley go dtí an Aifric ar thóir Livingston in 1869. Deich mbliana níos déanaí tháinig fear darbh ainm George Washington DeLong chuige ag lorg cúnamh airgid air le haghaidh taiscéalaíochta sa Mhuir Artach. Chreid DeLong go raibh sruth te ag dul ó thuaidh ó ‘Muinceann Bering’ go dtí an Mol Thuaidh. D’éist Bennett go haireach leis agus ansan thug sé cuairt ar Rannóg an Chabhlaigh. Chuir sé an cás faoina mbráid agus thoileadar siúd íoch as an bhfiontar. I ndeireadh an l’ bhí an craiceann agus a luach ag Bennett.

Fuarthas sean-ghunnashoitheach, an Pandora, ó Shasana agus d’athcóiríodh í. Bhaist Bennett ‘Jeanette,’ ainm a dheirféar, uirthi. Cuireadh lón trí bliana ar bord agus ar an 8 Iúl, 1879 d’fhág sí Cuan San Francisco ar a haistear fada ó thuaidh. Bhí beirt fhear agus tríocha ar bord. Diarmaid a bhí ina fhear eolaíochta acu. Mar a dúras cheanna cheap DeLong go raibh sruth te ag gabháil ó thuaidh agus bhí sé ag brath air chun an bealach go dtí an Mol a choimeád oscailte dóibh. Chreid sé freisin go raibh an t-oileán ar a nglaotar ‘Wrangel Land’ i bhfad níos mó ná mar a bhí sé. Bhí dul amú air faoi dhó agus d’íoch sé go géar as.

Ní rabhadar ach píosa beag lastuaidh de Mhuir Bering nuair a dhún an t-oighear timpeall orthu. Chaitheadar dhá bhliain greamaithe mar sin sul a ndearna an t-oighear smidiríní den bhád. Thángadar uilig slán as an dtimpiste. Thugadar a n-aghaidh ó dheas ag tarraingt trí bhád bheaga ina ndiaidh. Nuair a bhris an t-oighear faoi dheireadh chuireadar chun farraige. Ansan bhuail stoirm uafásach iad. Scaipeadh na báid. Cailleadh ceann acu agus fágadh an dá cheann eile i bhfad óna chéile.

Bhí DeLong in aon bhád le Diarmaid agus shroiseadar Oileán Bolonoi i nDelta na Léna. Ní raibh duine ná deoraí ar an oileán chun cabhrú leo. Taobh istigh de sheachtain bhí a gcuid bia ídithe. Fuaireadar bás duine i ndiaidh duine. D’fhág DeLong an tuairisc seo ina dhialann — "Fri. 28 1882 Ireson died during the night -Sat.-Drysler, Boyd, Gortz died. Sunday 30, Mr. Collins dying." B’í sin an iontráil dheireanach. Iontach le rá tháinig fear darbh ainm Melville slán ón mbád eile agus de bharr a dhúthrachta, d’aimsíodh agus tugadh na coirp go léir ar ais go Meiriceá. Tugadh socraid stáit dóibh. Má thug féin, bhí aistear fós le taisteal ag an gCoileánach, mar socraíodh ar a chorp a chuir ar ais go hÉirinn mar aon le corp a mháthar. Fuair an bhean bhocht so bás i Nua Eabhrac agus í ag feitheamh le filleadh a mic.

Ar 8 Márta 1884, léadh Aifreann na marbh ós cionn Diarmada agus a mháthar, in Árd Eaglais Cholmáin, i gCóbh Chorcaí. Tógadh as san iad ar bhád suas an Laoi go dtí an chathair. Ag seo Diarmuid Ó hÉaluighthe ag cur síos ar cad a thárla ansan: "Do ghaibh an tsocraid ón gcaladh go mall righin agus mór líon pobail na cathrach dá tionnlacan fén bhfliche agus fén stealladh báistí ba dhéine dá dtáinig le fada. Go mall réidh léi suas tríd Gabhail a’ Spora agus siar Sráid na Blarnan gur ghaibh thar an cnoc amach go Currach Ciopán. Bhí deireadh an aistir ann fé dheireadh thiar. Bhí an Coileánach tar éis teacht abhaile."

Tá cros mhór Gh’lach le feiscint ós cionn na huaighe agus a haghaidh ó thuaidh.

PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese