Le Barra Ó Donnabháin
Bhí cáil ar na Déisibh sul ar tháinig Pádraig go hÉirinn. Deir na seandálaithe go raibh an-chuid trádála ar siúl idir an taobh sin tíre agus an mhór-roinn roimh theacht na críostaíochta go hÉireann. Ceaptar anois gur chuir na Muimhnigh eolas ar an Laidin agus gur eascair an córas scríobhnóireachta ar a dtugtar Ogham sa thréimhse réamh-chríostaí seo. Is sa Mhumhain atá formhór na gcloch oghaim— i gCiarraí, i gCorcaigh agus i bPort Láirge. I rith an ama seo chuaigh dreamanna Déiseach go dtí deisceart na Breataine Bige agus lonnaíodar ann. Fuarthas ogham-chlocha sa cheantar sin freisin agus is cinnte gurbh iad na Déisigh a thóg iad. Bhuel, tá na Déisigh fós ag scríobh agus ba mhaith liom anois dhá leabhar ón Rinn a lua agus cur síos gairid a thabhairt orthu — Scéalta Mhicil ag an Fear Mór, agus An Linn Bhuí -Iris Gh’ltacht na nDéise Uimhir 1. Tá na leabhair seo le fáil ón Irish Shop, 212-274-1923.
Rugadh an seanachaí Micil Ó Muirgheasa i Rath na mBiríneach i Rinn Ó gCuanach, Co. Phort Láirge, in 1850. Ag caint le Pádraig Ó Cadhla,uair amháin, dúirt Micil; "geallaim duit gur beag den léann a thuit riamh liom; ní bhfaigheadh an maistir aon rud a bhualadh isteach i m’ chloigeann – conas a gheobhad dar ndóigh agus gan aon rud aige sin acht an Béarla agus gan aon rud agamsa acht an Gh’ilge." Ach bhí lán Éireann de scéalta is de sheanchas na nDéise ina cheann ag Micil. Tráth éigin i lár na n-ochtaidí bhailigh Micil leis go Meiricea mar ar chaith sé ocht mbliana. Dhealródh sé nár fhoghlaim sé aon Bhéarla i rith na mblianta sin, toisc is dóca gur i dteannta G’ilgeoirí eile a bhí sé.
Taréis dó teacht abhaile arís thóg sé tigh agus chuaigh ag obair ar a phá l’ timpeall na háite. Thug sé scaitheamh ag obair le Seán Ó Coráin agus b’ ansin a casadh an múinteoir Pádraig Ó Cadhla leis i 1907. Bhí Pádraig an tógtha le Micil agus bhí smaoineamh aige. Dhá bhliain roimis sin shocraigh an Dr. Mícheál Ó Síocháin agus Pádraig go gcuirfidís ranganna ar siúl, an samhradh san, sa Rinn agus go mbeidís oscailte do mhuintir na háite agus do chuairteoirí chomh maith. "Scoil an Chalaidh" a tugadh ar na ranganna seo mar amuigh faoin ‘r ar an gcaladh a bhídís. An bhliain dar gcionn bhí bothán adhmaid acu ar thaobh an bhóthair agus tháinig an Dr de Hindeberg agus "An Fear Mór" -Séamas Ó hEochada, agus Diarmaid Stóice chun cabhraithe leo. Is mar sin a cuireadh tús le "Coláiste na Rinne."
Anois sé an smaoineamh a bhuail Pádraigh ná Micil a chur ag múineadh sa Choláiste. Labhair sé leis an bhfeirmeoir. "Theastódh Micil uainn, an sgaoilfeá linn é?" Más dul chun cinn dó é, ní mór liom duit é" ar sé. " Socraíodh le Micil ar an bpaiste, agus luigh sé isteach ar an múinteoireacht gan mhoill." Is mar sin a fuair Coláiste na Rinne seanachaí den scoth. D’fhan se ann go bhfuair sé bás in 1932.
Foilsíodh Sceulta Mhicil in 1923 don chéad uair agus bhí cáil orthu láithreach. San eagrán nua tá cur síos deas déanta ar Mhicil agus a ré ag Nioclás Mac Craith. Scéalta aille áiféiseacha atá sna scéalta féin agus iad lán chomh draíochtach anois is a bhíodar riamh. Tá siad ró-fhad le ceann a insint anseo ach ag seo scéal beag greannmhar ón Linn Bhuí. Tadhg Cúndún ardscéalaí agus rísheanchaí na nDéise a chuir ar phár é. Sa Mhaoilinn, i mBarra na Stuac, sa Seanphobal atá cónaí ar Thadhg. Is le Tadhg na focail idir lúibíní. Tá idir sean agus nua stair agus seanchas san iris bhreá nua seo.
Sign up to The Irish Echo Newsletter
Bhíodh cuid mhór muc acu fadó. Thugaidís ana aire dhóibh agus bhídís istigh sa chistin acu nuair a bheidís chun banbhaí a bheith acu. Bhí fear ar an mbaile dárbh ainm Seán, agus bhí sé go hana mhaith timpeall na gcránta. Chuiridís glaoch air go minic nuair a bhíodh cráin ar bhéalaibh breith. Bhí sé oíche i dtigh feirmeora ag faire cránach. Ní raibh ag an gcráin airithe seo ach deich sine agus rugadh aon cheann déag de bhanbhaí di. Nuair a d’éirigh an feirmeoir ar maidin d’inis Seán an scéal dó.
"Bhuel," arsan feirmeoir, "déanfaimíd ceann acu a thógaint ina pheata." "B’fhéidir go dtógfá fhéin é, a Sheáin? arsa sé. "E mhuise." ‘Ar ndóigh bhí Seán fiain chun an bhainbh.’ Fara sin gheall an feirmeoir go dtabharfadh sé a dhóthain bainne dhó chun an mhuc a chothú. ‘Thá go maith,’ arsa Seán agus thug an banbh leis. Thug Seán an aire don mhuc agus tareis tamaill b’fhearr agus ba raimhre an banbh ná na deich gcinn a bhí ag an bhfeirmeoir. ‘Agus ga’ haon áit a raghadh Seán raghadh an mhuc ina fhocair. Bhí sé mar a bheadh madra, ‘meacht thimpeall a chosa is ga’ hao’ rud.’
Lá breá samhraidh, chuaigh an sagart amach ar an mbóthar agus chonaic sé Seán agus an mhuc tamall uaidh suas an bóthar. ‘Gheobhaidh mé suas anois,’ arsa sé ina aigne féin, ‘go mbeidh iarracht agam as Seán." Suas an bóthar leis. Stad sé ag caint. "Tá an mhuc go hiontach agat, a Sheáin, ‘ ar sé. ‘Á mhuise maith go leor,’ arsa Seán. Bhí fhios ag an sagart, tá’s agat go raibh dúil sa mbraon age Seán mar gach aon scilling a bhíodh aige bhíodh sé ólta aige.’
"Is dóca,’ ar sé ‘go bhfuil an mhuc don mbaraille agat anois, a Sheáin." ‘Sheasaigh Seán ar an mbóthar agus d’fhéach sé síos ar an tigh tabhairne, agus d’fhéach sé ar an sagart, agus d’fhéach sé ar an muc.’ ‘Bhuel, a athair, ‘ ar sé, ‘thá me idir dhá chomhairle." "Cad iad an dá chomhairle?" arsan sagart. "Ní fheadar mé cé acu í dh’ithe nó í dh’ól a dhéanfaidh mé a Athair," ar sé. Ádh mór. Go raibh lá eile ag an bPaorach.
PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.
An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.