OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Ag Scamhadh Geatairí

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Ceist a cuireadh orm a spreag an píosa seo — "cad is brí le ‘ ag scamhadh geatairí’?" Bhuel, má bhíonn duine ag scamhadh geatairí do dhuine, bíonn sé ag déanamh obair uiríseal dó. Ach chun an meafar a thuiscint i gceart ní mór dul ar ais go dtí an seansaol — i bhfad roimh aimsir na haibhléise.

D’úsáidtí geatairí mar bhuaicisí sna lampaí — sna sligí agus na cumóga. Geataire a thugaidís ar smúsach na luachra. Is daoine óga, don chuid is mó, a chuirtí ag scamhadh geatairí agus ba leadránach an obair í. Seo mar a chuireann fear ón Rinn síos ar gheatairí i Sean-Chaint na nDéise:

"Croí na luachra bhíodh mar bhuaiceas acu, geatairí a thugtaí ar na buaicisí sin. Seo mar a dheintí é – brobh luachra ‘fháil, leath a chraicinn a bhaint ar a fhaid de, tosnú le t’ iongain ag a bhun agus í chur suas go dtín a bharra, agus thiocfadh an croí amach slán leat, trí nó ceathair de cheannaibh acu san a chur insa lampa agus bheadh solas maith ann."

In Uíbh Ráthach fuair Ó Duilearga an méid seo ó Sheán Ó Conaill in 1926. Bhí Seán sé bliana dhéag agus ceithre fichid ag an am agus gan aon Bhéarla aige. "Ba mhinic a’ lorg geatairí luachra mé. Chaithfí iad san a sgú (scamhadh) – an craiceann a bhaint díobh — agus a thriomú. Cuirtí braon íle ar an gcumóig agus an geataire a chur inti agus é a lasadh. D’fhanfadh sé ar lasadh faid a sheasódh an íle leis. B’shin solas maith againn, an uair sin, a cheapamair, ach táid go léir briste síos anois ó tháinig an pairifín. Níl scolb ná geataire anois ann."

Is ón ngiúis a fhaightí na scoilb. Usáidtí na scoilb chun solais chomh maith. Bhaintí an ghiúis sa phortach agus thógtaí abhaile í. Dheintí mion phíosaí le tua di agus chuirtí ar an lochta iad chun triomaithe. Dheintí scuilb — giotaí caola fada – díobh ansan. Chuirtí an scolb ar lasa i gcoinnleoir iarainn. "Bhíodh coinnleoir iarainn againn nuair a bhímís ag ithe ár gcuid bídh, agus scolb ar lasadh ann, agus dá dteastódh uaim dul sa chró, féachaint ar na ba, nó a gcrú, thugainn scolb agus sméaróid tine liom, chun é a lasadh sa chró," – Seán Ó Conaill. Chualas mo shean athair á rá go n-úsáididís beart scolb ceangailte dá chéile mar sholas nuair a bhídís ag seilg éanlaithe ist oíche fadó.

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

Ós na héisc a bhaintí furmhór na híle chun solais. An saghas éisc ab fhearr leo ná an gabhar. Ach úsáidtí an phollóg, an chrothóg agus an séirdín freisin. Ní foláir nó bhí boladh uafásach ós na lampaí céanna. Bhíodh íle na ráibe go maith leis chun solais – d’úsáidtí chun olann a sméaradh freisin í.

Bhíodh coinnle geireacha acu — as geir na n-ainmhithe a dheintí iad. Is amhlaidh a leáfaí an gheir agus scaoilfí isteach i múnla í agus bheadh buaiceas de shnáth cotúin socraithe sa mhúnla. Ligfí di fuaradh ansan agus bheadh coinneal acu. Ait le rá ní raibh an choinneal chéireach coitianta in aon chor. Is dóca nách raibh na beacha ró fhluairseach céad bliain ó shoin.

Bhíodh lampa cairbíde ag mo shean athair. Is mianra cairbíd a bhfuil dealramh guail uirthi. Gintear gás inlasta nuair a mheasctar uisce agus cairbíd le chéile. Is amhlaidh a chuirtí cairbíd in umar beag ag bun an lampa. Ós a chionn san bhíodh umar eile ina gcuirtí uisce. Bhíodh luamhán rialaithe ar an lampa chun uisce a scaoile síos. Bhíodh píopa ag dul ón cairbíd go dtí an lampa féin chun an gas a bhreith aníos. D’fhéadfá neart an tsoluis a rialú leis an luamhán. Solas gorm a bhíodh ar an gcairbíd. Chífeá ar rothair agus ar chairteacha iad. D’fhéadfá pléascán breá a chur le chéile ach cairbíd agus canna stáin a bheith agat. Níor ghá ach poll a chur i dtóin an channa, píosa cairbíde a chaitheamh isteach ann, braon uisce a chur ar an gcairbíd, an clúdach a chur ar ais agus lasán a chur leis an bpoll. B’éigin dom éirí as na pléascáin nuair a phleasc an canna féin idir mo dheartháir agus mé féin lá agus fuair Briain cneadh ina láimh. Droch-channa ba chúis leis an dtimpiste ach ormsa a cuireadh an mileán. Bíonn máithreacha mar sin.

Thárla Breandán Feiritéir bheith anso agus mé ag scríobh an ailt so. Tá lán Éireann de bhéaloideas agus de sheanchas na Gaeltachta aige. Seo seóidín uaidh. Bhíodh "sop siuirdín" nó "sop siúrdáin" i poll an iarta i ngach tigh chun píopa nó coinneal a lasadh. Ní bhíodh lasáin acu i gcónaí agus má bhí féin bhíodar costasach.

Gluais. Buaiceas = wick. Giúis = bog deal. Scolb = thin strip of bog deal used as a light. Geataire = the inside of a rush used as wick. Coinnleoir Iarainn = sconce or rush-light. Gabhar = scad. Crothóg = small pollock. Séirdín = pilchard. Luamhán rialaithe = regulator lever. Sop siuirdín = wisp of straw.

Fuaireas litir ó Laura Guardi á ra go mbeidh ranganna Seana-Gh’ilge ar siúl gach re seachtain, 4:30-6:30 ag tosú 10/3/98, san Irish Book Shop, 580 Broadway Rm. 1103. Seán Uasal Gillen a bheidh i mbun na ranganna agus is do Gh’ilgeoirí sách líofa iad. Má tá suim agat iontu, cuir glaoch ar Laura ag 718-965-8428

PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese