OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai An Buachaill Báire

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

"An raibh fhios agat," arsa Tom Connolly liom lá, "gur bhunnaigh Synge a dhráma – The Playboy of The Western World – ar scéal fíor a chuala sé ósna daoine ar Arainn?" Dúras nách raibh an t-eolas san agam agus d’fhiafraíos de cá bhfaighfinn cur síos air. Dúirt Tom go raibh leagan den scéal le fáil i leabhar de chuid Thomáis Uí Mháille – An Ghaoth Aniar, faoin dteideal "Buachaill Imeartha Iarthair Dhomhain." Cainteoir dúchais ba ea Tom agus dob as Connamara dó. Fuair an fear uasal bás tamall de bhlianta ó shin. Ar dheis Dé go raibh sé!

Ar aon nós mhúscail Tom mo shuim sa scéal. Chuardaíos dóigh agus andóigh don leabhar céanna agus thángas faoi dheireadh ar chóip de in Éirinn. Fuaireas ar £1.50 é agus bhíos lán sásta liom féin. Díreach mar dúirt Tom bhí an scéal ann agus bhaineas an taitneamh as. Ag seo síos achoimre dhe.

Rugadh an "Buachaill Báire" gar do Chloch na Rón, Co. na Gaillimhe, timpeall na bliana 1840. De Mháilligh an Chaltha ab ea é. Ní thugann Tomás Ó Máille a ainm baiste dúinn. Feirmeoir go raibh paiste beag talún aige ab ea a athair. Bhí sé tugtha don ól agus d’fhéadfadh sé bheith ina dhiabhal ceart nuair a bhíodh braon fén bhfiacail aige. Scafaire breá láidir a bhí sa mhac agus meas ag fia agus fiolar air. D’imigh sé leis ón athair nuair nách raibh ann ach stócach agus chuaigh ag obair ar bord loinge. "Chruthaigh an fharraige go maith dhó." Gach pingin a shaoradh sé chuireadh sé abhaile ag a athair í. Taréis tamaill cheannaigh seisean gabhaltas brea talún leis an airgead.

I gcionn aimsire phós an fear óg agus tháinig sé abhaile. Má tháinig níorbh áil leis an sean fhear neamhspleáchas ar bith a thabhairt dó. Go gairid ina dhiaidh sin fuair a mháthair bás agus phós an sean leaid arís. Thug an mac ina cheann lá, garraí beag fataí a chur dó féin agus amach leis agus láí nó rámhan ina láimh leis. Bhí an t-athair roimhe sa chasán agus thug sé faoi an láí a bhaint de. San imreas fuair an sean fhear buille a d’fhág sínte ar fhleasc a dhroma é. Thug an bheirt bhan isteach chun a’ tí é agus bhí gach dealramh air go raibh sé ar tí bháis. "Ó bhí an bheirt fábhrach dhó in aghaidh an athar mholadar dó dul ar a theitheadh ón dlí." Chomh maith do dhein.

Dhealródh sé go bhfuair an t-athair bás go luath i ndhiaidh na troda, ach sul ar éag sé labhair sé leis na póilíní. Chaith an mac cúpla mí i gConamara agus na péas sa tóir air. Is iomaí eachtra a bhain dó sa tréimhse seo agus ba thoil Dé é gur thug sé a chraiceann slán leis. B’éigin dó Conamara a fhágaint agus a aghaidh a thabhairt ar oileán Garumna. Fuair sé bád ansin a thug go hArainn é. "Bhí bean mhuintreach dó i gCill Rónáin, bean de Mháilleach a bhí pósta ag fear de Mhuintir Iarnáin in Arainn." D’fhan sé aici ar fead tamaill.

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

Bhí trua ag muintir an oileáin dó mar thuigeadar an scéal. Ghoill an rud a bhí déanta aige go mór ar a intinn agus cheap na hoileánaigh go raibh sé ag dul as a mheabhair; é ag gabháil timpeall ina aonar gan labhairt le héinne. Chuiridís cóisirí beaga ar siúl dó. Chuiridís cluichí cártaí agus damhsa ar bun dó mar an gcéanna. Bhí cumhacht nach beag ag a bhean ghaoil ar an oileán agus nuair a chuala sí go raibh na péas ag bolú timpeall chuir sí bád leis go hInis Meán. Chaith sé tamall fada ansin go bhfuair na póilíní gaoth an fhocail arís. Thángadar timpeall ar an dtig ina raibh sé oíche, ach lig fear a tí air gurbh eisean an Buachaill Báire dáiríre agus gabhadh é in ionad an Mháilligh. D’éaluigh sé siúd amach sa dorchadas agus chuaigh i bhfolach i scailp cois trá.

Ag an am sin bhíodh báid ag dul as Árainn go Ciarraí le prátaí. Nuair a bhí ceann acu ag imeacht oíche tugadh scéala dhó agus chuaigh sé ar bord. Tháinigh sé i dtír i dTrá Lí agus shiúl sé as san go Corcaigh. Fuair sé obair mar mhairnéalach ar shoitheach a bhí ag dul go Meiricea. D’fhan sé ar na báid agus fuair sé ardú céime i ndiaidh ardú céime go raibh sé ina chapt’n. Tamall ina dhiaidh sin sheol sé bád Meiriceánach isteach i gCuan na Gaillimhe agus "thug sé na reigiúin dó féin arís." Ní raibh aithne ag éinne air "ach an té ar thogair sé a aithne a chur in iúl dó." D’imigh sé as radharc agus "níor frítheadh scéal ná scuan ar an dtaobh seo uaidh mura bhfuair a dhaoine muintíre nó a lucht aitheanntais féin é." D’alp sléibhte na Gaillimhe é.

Deir Tomás Ó Máille ag deireadh an scéil, ag trácht ar an "Playboy" — "bheadh sé anois (1918) tuairim is ceithre fichid dá maireadh sé." Ag léamh idir na línte, creidim go raibh aithne ag Tomás ar an bhfear agus ana sheans go raibh sé marbh. Ní bheadh sé ag tarraingt aird air mura mbeadh. Is minic a bhíonn an fhírinne níos iontaí ná an chumadóireacht.

PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8 a.m., an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8 a.m.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese