OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai: An Buachaill ó Chill Áine

February 16, 2011

By Staff Reporter

By Barra Ó Donnabháin

I lár na gcaogaidí sea thosuíos ar an Meán Scoil i Ros Mhic Treoin, Co. Loch Garman. Bhí iománaithe an Chont’ i réim ag an am mar bhíodar díreach taréis bhuachaint ar Chorcaigh sa chraobh cheannais. I measc laochra na nGarmanach bhí triúr deartháir – Billy, Bobby agus Nicky Rackard. Sár iománaithe agus daoine uaisle den scoth ab ea iad. Dob as Cill Áine dóibh agus bhí baint acu le laoch mór eile de chuid Loch Garman. Rugadh agus tógadh iad i dtigh a tógadh ar shuíomh sean tí inar chaith "John Kelly the Boy from Killanne" a shaol gearr. Bíonn na Garmanaigh meabhrach i rudaí a thárla i 1798 go dtí an lá tá inniu ann. Ni haon ionadh é sin nuair a smaoiníonn tú gur maraíodh suas le 30,000 duine taobh istigh de mhí sa bhliain 98.

Alt a scríobh Tom Dunne don iris History Ireland, "Wexford’s Comóradh ’98 politics, heritage and history" a sheol siar ar bhóithrín na gcuimhní mé. Nuair a d’ionsaíodh Ros Mhic Treoin ar an gcúigiú lá de Mheitheamh 1798, b’iad fir ó bharúntacht Bheanntraí, faoi cheannas Seán Ó Ceallaigh a bhí chun tosaigh sa troid. Bhriseadar ar Mhilíste Bhaile Átha Cliath ag Geata na dTrí bPiléar agus mhairíodar an Tiarna Mountjoy san iarracht. Ba Gh’ilgeoirí formhór na bhfear san , deir Tom.

Bhí sé tugtha faoi ndeara ag staireolaithe nách raibh aon fhianaise dhearfa riamh ann go raibh tionchar ag na hÉireannaigh Aontaithe ar na fir seo agus dreamanna eile dá sort i Loch Garman. Anois creideann leithéidí Dunne agus Kevin Whelan (The Tree of Liberty) gurbh í an Gh’ilge ba chúis le sin. Chosain an teanga iad ar an domhan lasmuigh. An t-aon dán comhaimseartha atá againn ag eachtraí ar an dtroid, is dán G’ilge é — Bualadh Ros Mhic Thriúin. Pléifimíd an taobh san den scéal lá eile. Ar ais go dtí Seán Ó Ceallaigh.

Tá cur síos breá ag Seán Ua Cearnaigh ar an gCeallach ina leabhar brea "B’iad a d’adhain an tine bheo." Muna bhfuil an leabhar san agat déan gar duit fhéin agus ceannaigh é. (Cuir scairt ar 212-274-1923). Bhaineas úsáid as an leabhar san, agus Songs of 1798 le Seán Ó Brádaigh agus Deoraidhe G’dhil ag Eachtradh ar Bhliain a 1798 le Myles Byrne sa chur síos beag seo leanas.

Rugadh Seán Ó Ceallaigh i gCill Áine sa bhliain 1773. Bhí a mhuintir go maith as – siopa agus feirm acu. Dhealródh sé nách raibh sé ós cionn seacht dtroithe mar a mhaíonn P.J. McCall san amhrán ach bhí sé gar go leor do 6′ 6". Tá an méid seo le rá ag a chomhghuaillí sa chogadh, Myles Byrne, faoi. "Caithfead anois tagairt a dhéanamh do Sheán Ó Ceallaigh ó Chill Aine, ábhar ár síor-chaointe, a raibh sé de cháil air ag gach a raibh aithne acu air, nó a chonaic é ar pháirc an bhuailte, go raibh na tréithe dob fhearr ann a fhéadfadh a bheith san té ba mhó a mbeadh grá aige ar a thír; ba é an t-ógánach é a bheadh ina Hoche in Éirinn dá leanfadh an cogadh agus dá mbeadh an bua ag G’il."

Follow us on social media

Keep up to date with the latest news with The Irish Echo

Bhí sé bliain ar a laghad sna hÉireannaigh Aontaithe nuair a bhris an cogadh amach. Ghlac se páirt sa chath ag Inis Córthaidh agus bhí lámh aige i dtógáil champa na reabhlóide ar Chnoc Fhíodh na gCaor. Bhí sé ag ceann an tslua nuair a briseadh ar Mhilíste na Mí 30 Bealtaine ag na Trí Charraigh. Thuill saighdiuirí Bheanntraí cáil dóibh fhéin an lá úd.

Tháinig Seán ar scata dá chuid réabhlóidithe lá amháin ina dhiaidh sin agus iad ar tí sáirsint de chuid an Woodbrook Yeomandry a lámhach. D’aithn sé an fear — ba chomharsa dó é — agus shaor sé óna saighdiuirí é. Fara sin thug sé cáipéis dó á rá nár chóir do aon réabhlóidí aon dochar a dhéanamh dó. Chúir sé a ainm mar Choirnéal in Arm na hÉireann leis an bhfógra. Dhíol sé go daor as an dea-ghníomh san.

Mar a dúras cheana, ghabh na reabhlóidithe Ros Mhic Treoin ar an 5ú Meitheamh. Ach mo léan goineadh an Ceallach go dona ar Shráid Mhichíl. Tógadh go Loch Garman é go tigh a dheirféar. Bhí sé ag téarnamh agus ag teacht ina neart arís nuair a d’athghabh na Sasanaigh an baile ar an 22 Meitheamh. I measc na nGall bhí an sáirsint úd gur shábháil Seán é trí seachtainí roimis sin. "Cúisíodh an Ceallach láithreach agus b’é an príomh-fhianaise a tugadh ina aghaidh ná an chaipéis a thug sé don sáirsint bradach," -Seán Ua Cearnaigh. Crochadh Seán ar dhroichead Loch Garman agus caitheadh a chorp isteach san abhainn.

Tá scéal éile a bhaineann le Seán nách miste a lua anso. Bhí sé geallta le bean dárbh ainm Máire Ní Dhúill. Maireann sí sa bhéaloideas mar Molly Doyle agus scríobh William Rooney dán faoin ngníomh éachtach a thuill cáil dí le linn Chath Ros Mhic Treoin. Is amhlaidh a chuir sí a hathair abhaile agus ghlac sí a áit sa chath. Seo véarsa amháin ó "The Heroine of Ross" le William Rooney, ag cur síos ar cad a rinne sí nuair a bhí ag dul go dian ar na hÉireannaigh:

Then a figure rose above us, ’twas a girl’s fragile frame,

And among the fallen soldiers there she walked with eyes aflame,

And her voice rang ó’er the clamour like a trumpet ó’er the sea:

"Who so dares to die for Ireland, let him come and follow me."

P.S.: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese