OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai An Buachaillín Buí

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Ar an 5, Bealtaine, 1895, bhí líníocht daite, de chuid Richard F. Outcault, sa New York World faoin dteideal "Hogan’s Alley." Glactar leis go coitianta anois gurbh é seo an chéad stiallchartún a foilsíodh in aon pháipéar. Sa chartún bhí buachaillín maol, mór-chluasach, cosnochta, a raibh léine fhada bhuí síos go troigh air, darbh ainm Mickey Dugan. Níorbh fhada go raibh leath na cathrach i ngrá leis, na daoine bochta ach go háirithe. Chuir Mickey agus a chuid gníomhaíochta cosmhuintir na cathrach i dtinneálaí gáire. Ba ghearr go raibh an Yellow Kid ar chuile short rud, bréagáin, léintí, todóga, gallúnach 7rl. Bhí sé sna hirisí, agus ar Broadway fiú. Ba ‘Cabbage Patch Doll’ nó ‘Pokemon’ na haimsire sin é. Agus dob uaidhsean a shíolraigh leithéidí Mickey Mouse agus Bugs Bunny níos déanaí.

Bhunaigh Outcault ‘Hogan’s Alley’ ar an gceantar in Oirthear Íochtarach Manhattan a dtugtaí Na Cúig Phointe air ag an am. Dob ann a lonnaigh na mílte imirceach Éireannach i bplódtithe lofa. Ar na sráideanna seo mhair Mickey Dugan agus a cháirde, Terry McSwat, Molly Brogan, Kitty Dugan, Gladys Lynch, Vincent Farrell agus Liz. Ar léine bhuí Mhící scríobhadh an cartúnaí abairtí cliste agus grinnithe greannmhara i dtaobh an tsaoil. Níl aon dabht ná gur thit na himircigh Éireannacha i ngrá leis an mBuachaillín Buí. Bhí fuinneamh an imircigh agus dánacht na sráide i Micí. Ba smuigín brusanta é. Níor leasc leis bob a bhualadh ar an uasaicme ná magadh a dhéanamh futhu. Tá Mící le feiscint in "The East Side Kids" nó i mórán de charachtair James Cagney fiú. Labhair Outcault thar ceann an duine ar an tsráid, ar son an oibrí.

Ba throdaithe agus marthanóirí ar fad iad Micí agus lucht Hogan’s Alley. Ach mar sin féin ní dóigh liom go raibh smaoineamh dá laghad ag Outcault i mBealtaine 1895, go mbeadh sé féin agus Micí, laistigh de bhliain, páirteach i gCogadh Mór na bPáipéar a fearadh idir Joseph Pulitzer ón New York World, agus William Randolph Hearst ón New York Journal. Seo mar a thárla.

Tháinig William Randolph Hearst go Nua Eabhrac i 1895 chun páipéar a cheannach. Bhí sé ina fhoilsitheoir agus eagarthóir ar an San Francisco Examiner agus bhí carn mór airgid aige. Bhí ard mheas aige ar an World agus Pulitzer. Ar ndóigh chaith sé cúpla bliain ag obair in oifigí an World nuair a bhí sé ag foghlaim na ceirde. Anois chuir sé roimhe páipéar níos fearr ná an World a chur ar an tsráid. Cheannaigh sé an New York Journal. D’fhoilsigh sé an chéad eisiúint den Journal 8, Samhain, 1895. D’ísligh sé an costas ó dhá phingin go pingin amháin. Chuir sé fógraí ar gach falla ó Rockaway go Staten Island á rá go raibh páipéar níos fearr faoi dhó ná an World le fáil ar leath an chostais. Bhí an lasóg sa bharrach.

Ba ghearr go ndearna Pulitzer an cleas céanna – bhain sé pingin de chostas a pháipéir féin freisin. Ach ansan ghoid Hearst an fhoireann eagarthóireacht ina hiomláine ó Pulitzer. Thug sé tairiscint dóibh nárbh fhéidir leo a diúltú – bhí an t-airgead chomh maith sin. I measc na ndaoine a fuair sé ón World bhí an cartúnaí Richard F Outcault. Agus Outcault ag fágaint slán ag an World d’fhág a chuid carachtar slán ag Hogan’s Alley agus d’aistríodar go McFadden’s Flats. Lean ealaíontóir darbh ainm Luks ag dearadh an chartúin don World agus ar feadh tamaill bhí beirt Bhuachaillín Bhuí sa chathair.

Sign up to The Irish Echo Newsletter

Cúpla mí ó shoin bhronn cara liom cóip den leabhar "The Yellow Kid, A Centennial Celebration of the Kid Who Started the Comics" orm. Is as an leabhar iontach seo na fíricí seo ar fad. Sa réamhrá tráchtann William Randolph Hearst III ar an sort nuachtánaíochta a cleachtadh ag an am agus deir sé nár chuir sé ionadh ar bith air riamh gur ainmníodh an ré sin i stair na nuachtán as cartún –"For it was the Yellow Kid who supplied the image for the phrase Yellow Journalism." Níor thuigeas go dtí sin go raibh baint ag an mBuachaillín Buí leis an nuaíocht gháifeach a chuirtí i gcló go rí mhinic céad bliain ó shoin. Cad is Yellow Journalism ann? Seo sampla duit. In 1898 chuir Hearst griangrafadóir go Cuba chun pictiúir den ‘chogadh’ a fháil. Dúirt an fear leis, "A dhuine uasail níl aon chogadh ar siúil i gCuba." "Faigheadh tusa na pictiúir agus soláthróidh mise an cogadh," arsa Hearst. Sin agat "Yellow Journalism." Chumadar an nuacht nuair ba ghá.

Ar ndóigh chuaigh an Buachaillín Buí féin go Cuba ag troid i gcoinne na Spáinneach cúpla mí sul ar thosnaigh an troid. Throid sé go cróga freisin sa chogadh Greco-Turk. Bhí an pholaitíocht le léamh i gcuid mhaith desna cartúin a chruthaigh Outcault. Uair amháin chuir na cartúin uachtarán an Pháirtí Phoblachtaigh, Thomas C. Platt, ar na craobhacha feirge agus thug sé iarracht faoina stopadh. D’iarr sé ar an Seanadóir Timothy E. Ellsworth bille a thabhairt ós comhair an Oireachtais chun cosc a chur le cartúin dírithe ar pholaiteoirí. D’árdaigh an Buachaillín Buí agus a chomrádaithe raic. Theip ar an mbille.

Móitíf fhéiltiúil, in obair Outcault, ba ea láithreach mhífhreagrach an Bhuachaillín Bhuí ag ócáidí na n-uasal sa chathair. Mar shampla chaith sé oíche ag an "oprer" i dteannta Mrs George Jay Gould. Bhí sé i láthair ag cluiche idir Princeton agus Yale agus bhí sé ag taispeántas capall — áiteanna nách leagfadh duine dá short cos riamh. Smaoinigh ar an sult a bhainfeadh muintir McFadden’s Flats as an sort seo magaidh. Bhaineas féin sport nách beag as.

Níor mhair an Yellow Kid ach tuairim is trí bliana sna na páipéir. Deir siad gur chuir an Cogadh Spáinneach-Meiriceánach deireadh leis – cogadh a raibh lámh aige féin ann. Níor thaitin rudaí buí le Hearst agus cogadh ar siúil de réir an scéil. Ach d’fhág sé a rian ar meon na gcartúnaithe a lean é. Tugann an Buachaillín Buí radharc comhbhach dúinn ar shaol atá imithe – agus imeacht gan teacht air. Tugann sé ar chamchuairt timpeall Hogan’s Ally sinn. Tá na pictiúir daite lán d’fhuinneamh fós agus dob fhiú do aon duine a bhfuil suim aige/aici i stair shóisialta na haimsire sin an leabhar seo a léamh.

Gluais. Plódteach = tenement. Stiallchartún = cartoon strip. Móitíf fhéiltiúil = recurrent motif. Láithreach mhífhreagrach = incongruous presence. Smuigín = snotty nosed brat. Brusanta = impertinent.

PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese