OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai An Cailín Bán

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Ar an 6 Meán Fomhair, 1819, fuarthas corp mná óige ar bhruach na Sionnainne lámh le Cill Rois i gCo. An Chláir. Ba léir ó staid an chuirp gur maraíodh go fealltach í. Buaileadh buile le tréine sa leathcheann uirthi a scoilt a blaoscán. Ina theannta san bhí téad ceangailte go dlúth timpeall uirthi. Mheas na póilíní go raibh cloch nó tromán de short éigin nasctha de ach gur scaoil sé agus phreab an corp aníos.

Tharla go raibh bean óg ón gceantar ar iarraidh ar feadh tamaill agus bhí muintir na háite in amhras láidir go raibh baint éigin ag a fear céile lena cás. Mí sul ar thángthas ar an gcorp bhí daoine á rá go raibh an bhean bhocht marbh agus gurbh é an gaige saibhir d’ fhear céile a bhí aici agus a ghiolla a mharaigh í. Dhealródh sé go raibh na húdaráis den tuairim céanna Nuair a aithníodh an corp tugadh Coiste Cróinéara le chéile agus gan aon ró-mhoill cuireadh dúnmharú réamhbheartaithe i leith na beirte agus cuireadh barántaisí gabhála amach ortu.

Ellen Hanley an t-ainm a bhí ar an mbean mharbh. Ní raibh sí fós sé bliana déag d’aois nuair a maraíodh í. Fuair a máthair bás nuair a bhí an-óg agus chuaigh sí chun cónaithe lena huncail ar fheirm bheag cúpla míle lasmuigh de Chromadh Co. Luimnigh. De réir gach tuairisce b’ chailín alainn dealfa gnaíúil í. Bhí meas agus cion ag muintir na háite uirthi. Dhealródh sé gurbh í a háileacht a tharraing aird a dúnmharfóra uirthi; fear darbh ainm John Scanlon. Ba dhaoine mór le rá iad a mhuintir agus bhí gaol agus cleamhnas acu le maithe agus mór uaisle na tíre. Chaith sé tamall ina oifigeach in arm Shasana. Bhí sé tugtha don ól agus don ragairne. Bhí an iomarca airgid agus ama aige. Bhí giolla dílis aige, fear darbh ainm Stephen Sullivan. Ba mhó de chara ná de ghiolla dó é.

De chinniúint chonaic Scanlon Ellen lá ar an tsráid, agus chuir sé dúil mhór inti. Labhair sé léi cúpla uair agus ansan thug sé féin agus an Súilleabhánach turas uirthi sa bhaile; Bhuaileadar isteach lá, ag teicheadh ón mbáisteach, mar dhea, agus fuair Scanlon caoi labhairt léi i ngan fhios dá huncail. Ceaptar gur gheall sé dí go bpósfadh sé í ach imeacht leis. Ghéill sí dhó agus socraíodh ar lá chun éalaithe. Ní dúirt Ellen tada lena huncail agus ar shlí tá an méid sin intuigthe mar ba chailín óg saonta í agus bhí sí i ngrá. Ach má bhí Scanlon dáiríre fúithi cén fáth nár labhair sé leis an uncail?

Ar aon nós d’imigh Ellen ar an 26 Meitheamh, gan slán a fhágaint ag a huncail, agus ní fhaca sé beo arís í. Níl fhios againn cá ndeachadar an oíche úd nó ar pósadh dáiríre iad. Gan dabht bhí searmanas de shaghas éigin acu agus bhí sagart nó duine gléasta suas mar shagart i láthair. Deir daoine gurbh é Sullivan a bhí in éide an tsagairt ach is deachair é sin a chreidiúint ó bhí aithne mhaith ag Ellen air. Ana sheans nár pósadh go hoifigiúil in aon chor iad ach mealladh Ellen bhocht. Níor mhair ‘mí na meala’ ró-fhada. Ní raibh i ndán do Ellen ach coicís eile ar an saol seo.

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

Chuadar chun cónaithe go dtí an Gleann. Chaitheadar coicís i dteach ósta ansan agus thug Ellen le fios do mhuintir na háite go rabhdar pósta agus creideadh í. Chítí an triúr ag spaisteoireacht agus ag bádoreacht thart. Ansan i lár Mhí Iúil thug muintir an Ghleanna faoi ndeara nach mbíodh Ellen le feiscint i dteannta a fir chéile a thuilleadh. Ceistíodh é agus dúirt sé gur fhág sé i gCoill Rois í le cara. Go luath ina dhiaidh sin dúirt sé go raibh sí i gCill Chaoi agus níos déanaí fós, nuair a bhí na comharsain ag éirí amharsach, gurbh amhlaidh a d’éalaigh sí le capt’n loinge. Mhéadaigh ar an amhras. B’ait leo an pósadh ó thús. Cad ab áile le duine uasal mar Scanlon le duine den chosmhuintir. Ní ghlachfadh a mhuintir léi go deo.

An lá a cuireadh dúnmharú i leith na beirte chuaigh na póilíní amach go tigh Scanlon féachaint a’ bhféadfaidís teacht orthu. Ní raibh a ndath ná a dtuairisc le fáil ann. Thugadar dona bonnaí é chomh luath is a tháinig an corp chun solais. Bhí Scanlon ar teicheadh ar feadh dhá mhí nuair a fuair na húdaráis scéala go bhfacathas é ar ais ina cheantar dúchais. Cuireadh dream armtha amach ina dhiaidh. Chaitheadar cúpla uair ag cuardach an eastáit agus bhíodar ar tí imeachta nuair a thug póilín sáthadh dá bhaignit do charn tuí a bhí caite i gcúinne i gcró na mbó gan aon choinne go deo aige go raibh éinne ann. "Tar amach as san a chladhaire gaid nó cuirfead urchar tríot," ar sé. Le sin léim Scanlon amach agus a lámha san ‘r aige.

Cuireadh ar triail é. Chuir a mhuintir fios ar Dhónal Ó Conaill chun é a chosaint. Dúirt Ó Conaill gurbh amhlaidh a mhairigh an giolla, Sullivan, Ellen i ngan fhios dá mháistir. Ag cosaint Scanlon a bhí sé, dúirt Dónal. Bhí eagla air go dtabharfadh na hUí Scanláin bata is bóthar do John dá bhfaighidís amach go raibh sé pósta le hEllen. Ach rinne an cúisitheoir spior spear de sin agus chruthaigh sé gurbh é Scanlon féin a cheannaigh an téad lenar ceanglaíodh Ellen. Fuair an coiste Scanlon cointach sa choir agus daoradh chun báis é. Sul ar crochadh é dhearbhaigh sé go poiblí nach raibh lámh ná pairt aige i marú Ellen.

Dhá mhí ina dhiaidh sin gabhadh Sullivan. Daoradh chun báis é freisin. Sul ar crochadh é d’adhmaigh sé gur thug sé Ellen amach ar an abhainn agus gur mharaigh sé í le buille dá ghunna. Dhearbhaigh sé freisin gurbh é Scanlon a ghríosaigh é chuige.

Seans go mbeadh an Cailín Bán dearmadta fadó murach an leabhar a bhunaigh Gerald Griffin ar an eachtra; "The Collegians." Níos déanaí stáitsigh Dion Boucicault an dráma "Colleen Bawn" ag tarraingt ón leabhar. In 1869 d’fhoilsigh Richard Fitzgerald cuntas finné súl "The True History of the Colleen Bawn." Bunaíodh fiú ceoldráma, "The Lily of Killarney," ar an scéal. Foilsíodh "The Tragic Story of the Collen Bawn" le Mac Lysagh agus Clifford i 1953. Fuaireas cóip de ón mBhráthair Ó Cuinn agus táim fíor bhuíoch de as a chabhair.

Ag trácht ar dhúnmharuithe beidh an t-údar Don Mullan ag seoladh a leabhair nua "The Dublin and Monaghan Bombings" ag 7:00 pm ar 11/1 i dtabhairne "O’Lunneys Times Square," 151 W. 46th Street (idir 6th & B’way). Má tá tuilleadh eolais uait cuir scairt ar 212-840-6688.

PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese