OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai An Cogadh do Chríochnaigh Éire

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Foilsíodh "Five Seventeenth-Century Political Poems," — cúig dhán ar chuir Cecile Ó Rahilly eagar orthu, — i 1952. Sraith dánta polaitiúla atá sa leabhar a cumadh idir 1640 agus 1660 agus a nochtann dúinn dearcadh na bhfilí comhaimsire ar chás na hÉireann. "Caointe foirmeálta poiblí maorga is ea iad, sa mheadracht a dtugtar caoineadh uirthi, ag cur síos ar anchás na hÉireann i bhfriotal fíoghartha reitriciúil," Aisling Ghéar , Breandán Ó Buachalla lch 118. Deir Ó Buachalla gurb iad na dánta seo an phríomhfhoinse Gh’ilge atá againn ar stair na mblianta san. Mar dúirt Séathrún Céitinn fiche éigin bliain sul ar cumadh na dánta seo " i nduantaibh atá cnáimh agus smior an tseanchusa." Thugas cúpla lá á n-athléamh le déanaí agus is iontach go deo an méid staire atá iontu, stair a bheadh ceilte ar ár radharc murach na dánta bheith againn.

Tá dearcadh an fhile féin le brath i ngach dán acu. Díríonn Donnchadh Mac an Chaoilfhiaclaigh ar na dlithe éagóracha a cuireadh i bhfeidhm chun talamh na nGael a bhaint uatha. Cur síos ar an gcogadh sa Mhumhain atá ag Dáibhí Cúndún. An chos ar bolg agus an ghéarleanúint ar an Eaglais atá ag cur as do Éamonn an Dúna. Stair na gCárthach atá á plé ag Seán Ó Conaill. Ag moladh Eoghain Ruaidh agus ag caoineadh a bháis atá an Síogaí Rómhánach*. "Ach dá phearsanta nó dá áitiúla aon chuid faoi leith d’aon dán acu, agus pé acu Muimhneach nó Ultach, Corcaíoch nó Ciarraíoch, tuata nó cléireach a scríobh, is é an fócas náisiúnta céanna agus an fráma tagartha céanna atá acu go léir – Éire ia a hanchás,." Ó Buachalla, Aisling Ghéar lch 120.

Tá Éire bhocht cloíte lag. Tá Séarlas II ar a chaomhnú agus na Púraitínigh i gcumhacht.. Níor dhream uasal iad na Púraitínigh: —

Acht brosgán brocach do bhodachaibh céirde,

do shíolbhach striapach, piast is méirleach,

Sign up to The Irish Echo Newsletter

nach fios san Eóraip ó ló an chéadfhir

Cia an chú chac gach neach don fhéin duibh.

Ní raibh acu paidir ná creideamh ná meas ar léann ná ar fhilí. Cuireann na dánta síos ar theampaill á leagadh agus sagairt á marú. Cogadh ar son an chreidimh fhír a bhí ann. Ach buadh ar na hÉireannaigh, faraoir. B’é Díoltas Dé é, gur chailleadar an lá, deir cuid dena filí. Mallacht an Phápa deir duine eile, mar gur chuir Nuntio an Phápa, Rinnuccino, dreamanna airithe Éireannach faoi choinnealbhá. Ach i ndeireadh na ndánta braitheann tú saghas éigin dóchais fós ag borradh aníos, — dóchas i nDia agus i Séarlas II. Ag seo síos cúpla smaoineamh simiúil ón gcnúsach.

Ag trácht ar Henrí VIII deir an Síogaí – "do léig go truaillithe uaidh a chéile/ ar Anna Builín a inghean chéadna." Ráfla coitianta ba ea é sin, i Sasana agus in Éirinn — gur phós Henrí a iníon féin i.e. Ann Boleyn. Tá cuntas le fáil ar an gceist i De Origine Schismati Anglicani, ag Sanders. Tá tagairt don scéal i ndán de chuid Raifterí fiú – Seanchas na Sgeiche, — "agus phós sé a iníon féin mar mhnaoi is mar chéile."

Cuireann Éamonn an Dúna na fíricí lom díreach ós ár gcomhair. Is fiú d’éinne a bhfuil suím aige sa stair an dán seo a léamh. Luann sé go raibh daoine "ina gcéadaibh dá dtarrang chun gach cuain ar fuaid Éireann, dá gcur don Spáinn ar ais nó ar eigin." Deir sé freisin go mbíodh — " gabháil is priosáil gach l’ orthu, is a dtiomáin go hoileánaibh Statesy," sé sin le rá na West Indies. Dhíoltaí mar sclábhaithe ansan iad agus chuirtí ag obair ar na plandálacha siucra iad. I rith an ama chéanna cuireadh na mílte Éireannach freisin go dtí Virginia agus na plandálacha tobac. I measc na ndaoine seo bhí ana chuid sagart.

I Mí Iúil 1652 ceapadh dlí i gcoinne na sagart nó mar dúirt Éamonn, "Cuirid mar dhlí againn díbirt cléire." De réir an dlí dá dtiocfadh sagart isteach dá dheoin féin thabharfaí thar sáile é. I dtosach thabharfaí go dtí an Fhrainc nó an Spáin iad ach taréis tamaill chromadar ar iad a thabhairt go dtí na Barbadoes mar a raibh easpa oibrithe. Ansan i 1657 thosnuíodar ar iad a chur i bpriosún. Ar feadh dhá bhlian chuirfí aon shagart a ghabhfaí go hÁrainn nó go hInis na Bó Finne, mar a raibh botháin bheaga curtha in áirithe dhóibh. Tugadh drochíde orthu, is léir. "Doibh fé ghorta ní folamh gach féile, Is an iomad in Inis Bó Finne a’ dul d’éaga." I nDeireadh Fomhair na bliana 1659 tugadh ordú do Ghovanór na Gaillimhe na príosúnaigh seo go léir a chur go dtí an Fhrainc.

Rud eile a ghoill ar Éamonn —"Culaí Aifrinn bíd acu mar éadach." Dá ngabhfaí sagart nó dá ndófaí séipéal, ghoidfí na héidí agus na haibídeacha naofa agus d’úsáidfí go naomhaithiseach iad – "an ruifil cóir chun srón do shéide," ….. "cailísí ordha chun óil ar fhéasta," … "portús Mhuire san teine ‘na sméir dhuibh."

Agus bhí na hÉireannaigh féin ag sceitheadh ar a chéile. "Cuid le a naímhdibh ag díol a ngaolta is cuid ag spiaireacht i ndiaidh na cléire." Bhí deireadh le tursanna go tobair bheannaithe – "Ní leómhthaidh duine againn turas a dhéanamh." Agus rud ba mheasa fós -"Fíoghar na croise ní fhuilingid d’fhéachain, coisreaga, altú is beannú béile." Is leor san don tseachtain seo. Go raibh sibh choíche óg.

An Síogaí Rómánach a thugtar ar an ndán de ghnáth, ach tá gach dealramh ar an scéal gurbh é ainm cleite an fhile féin é. I bhfoínse amháin tugtar a ainm dúinn — Cathaoir Buidhe Ó Maolmhuaidh. Sa Róimh a scríodh an dán agus ana sheans go raibh an Síogaí ina shagart ann. Ón gcanúint deir siad gurbh as Co. Liatroma dhó. Sé an t-aon fhile é den chúigear a chuireann an mileán ar Shéarlas I – "Is gearr ina dhiaidh gur thionnsgain Séarlas Ar nós a athar le cleasaibh is le bréagaibh." Ní raibh an oiread san meas aige ar rithe Shasana. Déarfainn go n-aontódh formhór mhuintir na tíre leis.

PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese