OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai An Fáinne, Cuimhní Cinn

February 16, 2011

By Staff Reporter

Cúpla lá ó shoin agus mé ag síománaíocht thart ar an chathair bhuail mé le sean-chomrádaí nách bhfaca mé leis na blianta. Bhí mo sháith iontais orm a fheiceáil ina sheasamh romham i lár na sráide, mar dúradh liom go raibh sé thar sáile le tamall fada. Cibé ar bith le scéal fada a dhéanamh gairid ní rabhamar ró-fhada ag caint le chéile go dtug mé fé ndeara an fáinne óir — fáinne den sean-chineál — a bhí sé ag caitheamh ar bhrollach a chóta.

Dar liom féin — bulaí fir thú. Ní ró-mhinic na l’thanta seo a tchítear an fáinne á chaitheamh. I ndiaidh sin agus mé ar mo bhealach abhaile, thoisigh mé ag smaoineamh ar mo shean-chara agus ar an fháinne. Thug sé chun mo chuimhne an lá a chuaigh mé fhéin faoi scrudú, an feitheamh fada taobh amuigh den fheithealann, ag fanacht lenar seal, ansin an bród a tháinig orainn nuair a foilsíodh na torthaí. Ar an droch-uair bhí taobh eile den scéal, an brón agus an díomá a bhí ar aghaidh na ndaoine nár éirigh leo sa scrudú.

Agus na scrúdaitheoirí féin, ar dheis Dé go raibh siad — mar Sheán Óg Ó Tuama a bhí ina uachtarán ar Chonradh na G’ilge ina lá agus Máirtín Ó Cadhain a bhí ina ard-rúnaí ar feadh tamaill fhada ar Ghasra An Fháinne agus daoine eile a d’oibrigh go dian ar son na G’ilge. Is maith is cuimhin liom go fóill iad ag bronnadh an Fháinne orainn. Tugadh le fios dúinn go raibh sé éigeantach labhairt i gcónaí as G’ilge le fáinneoirí eile. Go bhfios dom tá an riail san i bhfeidhm go fóill. Níl mé cinnte caidé mar a chuirtear na mic léinn faoi scrúdú ar na saolta seo, nó an mbíonn a leithéid ann anois.

I mo am-sa bhíodh ort bheith in inmhe comhrá a choinneáil ar feadh leath-uaire ar a laghad le crothú don choiste go raibh an fáinne tuillte agat. Má d’éirigh leat bí cinnte gur ghnóthaigh tú é. Dala an scéil thárla na himeachtaí seo i gCampa an Gheibhinn, sa Churrach, i rith na ndaichidí. Cuirfidh mé deireadh leis an tuairisc bheag seo. Idir an dá linn, deirim le Fáinneoirí óga agus aosta an Fáinne a chaitheamh gach uair is féidir. Bígí bródúil as mar is rud an-stairiúil é agus fríd na blianta nuair nách raibh mórán lenár spreagadh, bhí sé mar cúl taca againn agus ag Conradh na G’ilge.

— Seán Ó Siadhail

Siúl liom Féin

Follow us on social media

Keep up to date with the latest news with The Irish Echo

Tráthnóna inné agus mé ag spaisteoireacht thart timpeall an cheantair chuaigh mé anonn go Macaire Rabhairte, áit a dtéim go minic. Ba ghnách liom siúl ar an trá ach tráthnóna inné d’aithrigh mé é sin. Shiúl mé isteach i lár na ndumhcha. Seo uair amháin a bhí an ceart agam. Is deas siúl ar an trá féin ach tráthnóna inné, an chéad rud a chonaic mé agus mé go fóill istigh sa ghluaisteán, ná péire lachan thíos fúm ar an fheamainn ag ithe — péire seil-lachan. Sin lacha chomh dóighiúil le lacha ar bith eile ar domhan. D’fhan mé píosa ansin ag amharc orthu. Nuair a d’éirigh siad san ‘r tháinig mé amach as an ghluaisteán. Bhí an tráthnóna chomh deas is a thiocfadh leis bheith. Gaoth fhionnuar agus spéir ghlan ann. Ní raibh duine ar bith le feiceáil ar an trá.

Ansin ar an bhomaite shocraigh mé siúl isteach i lár na ndumhcha in áit na trá. Thosaigh mé agus ní raibh mé i bhfad istigh nuair a bhí fhios agam gur cheart an cinneadh a rinne mé. An radharc a bhí romham ní fheicfeá ait ar bith eile é. Na dathanna a bhí ann, corcra, dearg, bándearg, bán, buí, glas, donn agus gach dath eile atá ar an domhan. Ní fhaca mise rud ar bith cosúil leis ariamh i mo shaol féin. Cúpla lá roimhe sin bhí mé ag caint le m’uncail agus ag gearán nár chuala mé an fhuiseóg ag canadh leis na blianta.

Bhuel, ní chreidfeá ach ní amháin gur chuala mé ach chonaic mé é ag éirí suas sa spéir, ag ardú is ag ardú go dtí nách raibh sé le feiceáil ach é ag canadh an t-am ar fad. Ansin ar an bhomaite thit sé as an spéir chomh gasta le cloch.

Ag siúl ar aghaidh liom ansin chonaic mé bumbóg ag crinniú pailine ón seamar agus na bláthanna eile a bhí chomh fairsing amuigh ansin sa chaorán. Páirc amháin agus í clúdaithe le nóiníní, é bán ar fad le dath corcra measctha isteach ann. Bhí seilidí ann cuid acu le blaoscanna orthu. Fáinleóga ar lorg na míoltóga, an bhumbóg ag obair leis an t-am ar fad.

Ní raibh mé buartha mar shiúl mé mé isteach i lár na ndumhcha in áit mo ghnáth-shiúl ar an trá. Sílim go racaidh mé an bealach sin arís le cuidiú Dé. Thaitin sé chomh mór sin liom. Táim cinnte go bhfuil i bhfad níos mó rudaí le feiceáil agus le cluinstin chomh maith. Mar a deireann siad, tá sé in am dúinn stopadh agus na bláthanna a bholadh. Déan é uair éigin agus bainfidh tú sult as, táim cinnte de sin.

— Tomás (Sóisear) Mac Cionnaigh

P.S. Ar an Satharn 14 Mí na Samhna, ag Our Lady of Lourdes High School, Boardman Road, Poughkeepsie, NY, ón a 9a.m. go dtí 5p.m. beidh "The History of the 1798 Rebellion -workshop, concert and lectures," ar siúl faoi choimirce "The Kevin Barry Irish Club."

B’fhiú dhaoibh bheith ann. Beidh Ethel agus Bill Brogan agus mé fhéin ag súil libh.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese