Le Barra Ó Donnabháin
Sa tsean aimsir théadh slua Ciarraíoch go Port Láirge gach bliain ag baint na bprátaí. Bhíodh ana mheas ag muintir na Déise orthu de bharr a n-deisbhéalaí. An té a bhíonn siúltach bíonn sé scéaltach deir siad agus chruthaigh an Seabhach fírinne an tseanfhocail mar bhailigh sé cnúsach mór scéalta, ósna sean daoine, mar gheall ar na Ciarraígh fhánacha san, i dtosach na haoise seo caite. D’fhoilsigh sé cuid acu sa Lóchrann.
Bliain amháin dá raibh alán spailpíní ag teacht aniar ó Chiarraí casadh sagart ar slua díobh ar an mbóthar. "In ainm Dé," ar seisean, "cathain a bheidh bhúr ndeireadh aniar?" D’iompaigh duine acu siar air agus dúirt: "Beidh, a athair," "nuair a bheidh ár n-aghaidh siar arís." Níor chuir an sagart a thuilleadh ceisteanna ar Chiarraigh.
Dála an scéil, d’inis an Ciarraíoch, Mícheál De Mórdha, scéal dom tamall ó shin a chuir ina luí orm go bhfuil an fhéith sin fós iontu. Bhí duine éigin ó RTÉ ag cur ceisteanna ar TD nua-thofa ón Neidín le déanaí. "Cad is dóigh leat den smaoineamh sin i dtaobh na "gondolas?" ar sé. Dob amhlaidh a mhol duine éigin cabhlach gondol’ a chuir ar na locha i gCill Airne chun turasóirí a mhealladh isteach. "Ana smaoineamh ar fad," arsan TD, "ach ‘bhfuil fhios ag éinne cad a chosnódh sé lena g-cothú sa gheimhreadh?"
Fionán Mac Coluim a ghríosaigh muintir an Kerry People chun An Lóchrann a bhunú agus cuireadh an chéad uimhir amach mí Márta 1907. Leanadh de go mí Abráin 1913 agus i rith an ama sin foilsíodh caoga uimhir ar fad. I dtosach, bhíodh idir Gh’ilge is Bhéarla ann agus is gnóthaí an Chonnartha is mó a bhíodh á bplé acu. I 1908 nuair a deineadh eagarthóir den t-Seabhac d’éiríodar as an mBéarla ar fad agus thosaíodar ar litríocht agus béaloideas a shuathadh.
Bhíodh ana éileamh ar an bpáipéir ar fuaid na Mumhan, ach go háirithe, agus deir an Seabhac go mbíodh na leanaí scoile á léamh don tsean-mhuintir. Sa tslí sin mheallaidís na sean daoine chun scéalta a insint, agus chuiridís go dtí an fear eagair iad. Bhíodh duaiseanna le fáil ag na daoine beaga san as a saothar. Bhronn innealltóir darbh ainm Séamas F Fuller taoscán maith airgid ar an Lóchrann chun íoch as na duaiseanna. Ach ní ag braith ar shaothar na ndaoine óga amháin chun béaloideas a bhailiú a bhíodar. Bhíodh an Seabhac féin agus daoine mór le rá sa Gh’ilge, Seán Tóibín, Peadar Ó hAnnracháin, agus Cormac Ó Cadhla mar shampla, i mbun pinn freisin.
Follow us on social media
Keep up to date with the latest news with The Irish Echo
Sa bhliain 1932 thug an Seabhac faoi cuid den tsaothar seo a chur ar fáil agus d’fhoilsigh sé "An Seanchaidhe Muimhneach." Deir sé sa réamhrá: "Is é fáth an leabhair seo ábhair áirithe béaloideasa a foilsíodh sna blianta ó 1907 go dtí 1913 sa Lóchrann a shaoradh ó bhaol a gcaillte agus chun iad a chur ar fáil arís don phobal coitianta, don dream a chuirfidh suim i gcultúr agus i stair na G’ilge, agus don dream eile, fós, a gheobhaidh orthu féin eolaíocht agus idirmheas béaloideasa a shaothrú. Tá i gcló annso an chuid is fearr dá raibh sa Lóchrann de bhéaloideas —- scéalta gach cinléil, aistí ar bhéasaibh, ar phisóga, orthaí, paidreacha agus cluichí leanbh." Anois, ag seo síos, im’ fhocail féin cúpla seód ón leabhar iontach sin.
Is iomaí scéal agus piseóg a leanann an chuach in Éirinn. Sa lá tá inniu ann bíonn gach éinne ag súil lena guth a chloisint mar is comhartha an tsamhraidh í. Ní raibh sé chomh simplí sin fadó mar creideadh gur bhraith sé ar cioca cluas leat inar labhair sí den chéad uair, cioca an t-ádh nó an mí-ádh a bhí id’ chomhair i rith na bliana. Dá gcloisfeá an chuach id’ chluais dheis bheadh an t-ádh leat i rith na bliana. Bhain an chluas chlé le mí-ádh agus, i bhfad uainn an t-olc, dá labharfadh sí taobh thiar díot ba chomhartha do bháis féin é nó bás duine ana-ghaolmhar duit. Mar sin ní maith an comhartha an chuach a chlos den chéad uair san gcluais chlé nó san gcúl.
Piseóg eile a bhíodh acu -"dá labharfadh an chuach ar chrann gan duilleóg go mbeadh deireadh an tsaoil chucu láithreach." Is léir nár thárla a leithéid fós buíochas le Dia. Luann Colmcille an chuach ag labhairt ó chrann gan duilleóg mar chomhartha deiridh an tsaoil ina thairngireacht ar ndóigh.
Agus seo ceann a mbeadh suim, b’fhéidir, ag muintir Wall Street ann. Dá dtosnódh duine ag caitheamh píosa airgid ó láimh go láimh nuair a chéad airíonn sé an chuach ag labhairt, ní bheadh ceal airgid air go deireadh na bliana san.
Thugaimís seileog na cuaiche nó smug na gcuach ar an gcubhar bán a gheibhtear ar dhuilleoga áirithe i Mí na Bealtaine. Bíonn péistín ghlas istigh sa chubhar. Deir na saineolaithe nách bhfuil aon bhaint ag an gcuach leis agus gur piseóga na scéalta eile thuas. Mhuise, nár airí sibh an chuach mar shaineolaithe!
Taréis na mallachta san ní fearr rud a dhéanfainn ná críochnú le dá altú thraidisiúnta. Nuair a shuíonn tú chun boird abair "Cuir do bheannacht, a Thiarna, ar an mbia seo a thugais dúinn le caitheamh agus cuir do bheannacht orainn féin, tré Íosa Críost ár dTiarna. Amen." Taréis an bhéile abair "Céad míle buíochas le Dia thug an bheatha so dúinn. Go dtuga sé beatha na nGrást dár n-anam."
PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.
An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.