OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai An Mhaol Bhuí

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin Fuaireas e-phost le déanaí ó dhuine a bhí ag lorg eolais faoi thagairtí don bhó dhraíochta sa litríocht agus sa bhéaloideas. An bhfuil aon trácht ar a leithéid de ainmhí sa Gh’ilge, an cheist a chuir sé orm. Mar is eol do gach G’ilgeoir tá. Ní gá ach breathnú ar an leabhar ‘Motif-Index of Early Irish Literature,’ le Cross, chun é sin a thuiscint. Tá na ba draíochta ana choitianta sa bhéaloideas freisin. Tá scéalta faoin Ghlas Ghaibhneach — an bhó a mbíodh ar a cumas aon árthach dá mhéid a líonadh le bainne — le cloisint i ngach Gaeltach go dtí an lá tá inniu ann. Bíonn an bhrí liath nó bán leis an bhfocal glas de ghnáth nuair is ainmhí a bhíonn i gceist. Bíonn na ba draíochta bán den chuid is mó agus go minic bíonn cluasa dearga orthu. Uaireannta sciobann an t-aos sí nó na daoine maithe bó ó dhaonnaí agus uaireannta eile bronann siad ceann air. Ní fearr rud a dhéanfainn ná sampla a thabhairt dhaoibh.

Fuair Peadar Ó hAnnracháin an scéal deas so in Iarthar Chorcaí céad bliain ó shoin agus foilsíodh sa "Seanchaidhe Muimhneach" é fén dteideal ‘An Mhaol Bhuí.’ Ní dóigh liom go mbeadh sé ró éasca teacht ar chóip den leabhar breá úd sa lá tá inniu ann. Ach muna bhfuil uait ach scéal na Maoile Buí ní gá duit an leabhar anois. Dóibh siúd nár tógadh faoin dtuaith, is ionann bó mhaol agus bó gan adharca.

‘Bhí sa tseanashaol, feirmeoir maith gustalach thiar i dtaobh thuaidh de Chnocán an Aifrinn agus pé ainm baiste a bhí air ba de mhuintir Loinsigh é. Tá dhá bhaile ann, Gleann Locha agus Ceann Seannabhó agus tá sruthán mar theorainn eatarthu. Níl fhios agam go ró-mhaith ciaca baile den dá bhaile sin go raibh an Loinseach ina chonaí ann agus ar ndóigh ní mór ná gur cuma linnne anois ciaca áit acu ina raibh sé ach bhí sé in áit éigin ann pé in Éirinn é. Bhí bean agus clann aige ba chreidiúint d’aon fhear. Bhí ba agus caoirigh agus capaill aige. Bhí sólás aigne aige. B’fhuirist a aithint air nách raibh buairt ná brón air. Ach is minic nách buan é an rath. Tháinig athrach saoil chuige siúd leis, an fear bocht. Tháinig mí-ádh agus mí-rathúnas air. Tháinig meathlú agus galair agus scaipeadh ar a raibh aige idir chlann agus bheithígh. Tháinig lá air nuair nách raibh de chuideachtain aige ach a bhean, agus nuair nách raibh de leaba faoi ach sop tuí agus nuair nách raibh bó ná gamhain ná fiú amháin an gabhar ar an bhfeirm aige. Bhí sé ana dhealbh ana bhocht ana bhuartha agus níor thaise dá bhean é.

Bhíodar mar seo ina gcodladh oíche agus ní ró chompórdach an leaba a bhí futhu, nuair a dúisíodh iad. Fothram éigin a chualadar amuigh. Ba ghearr ina ndúiseacht iad nuair d’airíodar guth iontach ag labhairt ag an bhfuinneóg agus sé dúirt sé ná: ‘Éirigh id’ shuí, Ó Loinsigh, Tá an Mhaol Bhuí agus an laogh Buí i gCaol Mhuillín na Leath,’ Scanraíodh an bheirt, ní nách ionadh, agus ní baol gur éirigh an Loinseach. Ní lú ná éirigh a bhean. Níorbh fhada dhóibh gur airíodar an guth arís agus na focail chéanna á rá aige. Agus tamall ina dhiaidh sin labhradh na focail arís agus ansan d’airíodar ana fhothram ar fad faoi mar a bheadh carbad mór iolrothach ag gluaiseacht de dhroim na gcarraigeacha amuigh agus siar ó dheas ón dtigh. Níor thit aon chodladh orthu go maidin. Bhíodar ag cur is ag cúiteamh féachaint cad ab fhearr le déanamh i dtaobh na cainte.

Le breacadh an l’ d’éirigh an Loinseach agus d’imigh sé síos go Caol Mhuillín na Leath agus is air a bhí an t-áthas nuair a chonnaic sé bó mhaol bhuí agus gamhain deas buí lena cois agus iad araon ina luí sa luachair. Thiomáin sé leis abhaile iad agus chrúigh a bhean an bhó. Líon sí áras (árthach) mór de mhaothail bhreá bhuí(maothal = bainne saibhir, beestings). B’shin é athchasadh an ratha ar an lánúin. Bhí an saol ag éirí leo as san amach ar feadh mórán blian go dtí nách raibh aon duine chomh gustalach leo i gClann Labhráis. Bó thorúil ab ea an Mhaol Bhuí agus bhí bó agus fiche de bha a shíolraigh uaithi ag na Loinsigh sul a dtáinig aon athrú ar a gcuid áidh.

Ní dóca go dtiocfadh an mí-ádh crosta orthu go brách muna mbeadh an botún a rinne an bhean lá agus an tsean Mhaol Bhuí á crú aici. Speach dá dtug an Mhaol bhuail sí an calán crúite agus dhoirt sí a raibh ann. Má dhoirt bhuail an bhean í leis an mbuarach. Ní dhearna an Mhaol ach gabháil an doras amach agus trí ghéim a ligint asti. Ba ghearr go raibh gach bó desna ba cruinnithe ina timpeall. Chuadar i bhfochair a chéile síos le fána faoi dhéin Chuan Bheanntraí agus isteach sa bhfarraige leo ins an áit go dtugtar Tráigh na Maoile air anois. Ní gan ábhar a tugadh Tráigh na Maoile ar an dtráigh sin. Tá alán cloch fan na trá san agus ‘sé deirtí gurbh iad san na ba buí a shíolraigh ón Maol Bhuí.

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

Sin é eachtra na Maoile Buí dhuit faoi mar a chualasa féin é sul ar rugadh aon duine agaibhse agus is mar sin ba mhaith liom é dh’insint do mhuintir óig an l’ seo, agus má bhíonn sé de dhánaíocht ag éinne agaibhse é dh’aithinsint nó é a sríobh, aire dhaoibh, agus ná loit é, mar ba mhór an méala scéal mar é sin a lot.’

Ba mhór gan dabht. Bhuel, a léigheoirí, sin é mo scéilín anois dhaoibh don tseachtain seo, agus mara bhfuil sibh sásta leis ní mise faoi ndear é, ach an duine a thug dom é — Peadar Uasal Ó hAnnracháin. Fuair Peadar bás sna seascaidí agus a shaol fada caite aige ag saothrú na teangan. Mar gheall ar an obair a rinne Peadar agus a leathbhádoirí sábháladh neart béaloideasa a bhí i mbaol a chaillte. Beimíd go dteo faoi chomaoin acu. Ar dheis Dé go raibh siad! PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8 a.m., an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8 a.m.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese