OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai An Seabhac Siúlach

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

I mí Bealtaine 1858 tháinig stróinséir go hIarthar Chorcaí chun teagmháil a dhéanamh le Dónall Óg Mac Cártha agus Diarmuid Ó Donnabháin Rosa. Bhí litir aitheantais aige ó chara leo, díoltóir éadaí i nDroichead na Bandan, dárbh ainm Séamas Ó Mathúna. Sul ar fhág an stróinséir an ceantar ghaibh agus ghlac Rosa agus Mac Cártha móid an IRB uaidh. Ba é James Stephens, nó an Seabhac Siúlach, mar a thugtaí air, a bhí ann. Deir Seán Ó Lúing gurbh é Séamas Ó Mathúna a bhaist "An Seabhac Siúlach" ar Stephens. D’oir an t-ainm dó mar shiúl sé Éire faoi thrí sna blianta tosaigh sin ar son an IRB. Thit focail Stephens ar thalamh mhéith mar bhí Cumann na bhPhoenix, cumann a bhunaigh Rosa cúpla bliain roimis sin chun saoirse na hÉireann a chothú, faoi lán seol ag an am. Ina leabhar "Ó Donnabháin Rosa," deir Ó Lúing, "Ní raibh mí caite ó theacht Stephens nuair a bhí nócha fear faoi mhóid ag an IRB as an gcéad a bhain le Cumann na bhPhoenix."

Rugadh Stephens i gCill Chainnigh i 1824. Ghlac sé páirt in Éirí amach 1848 agus goineadh sa cheathrú é ag Baile an Gharraí. Taréis na troda chuir cara leis tuairisc a bháis sna páipéir, bréag a chabhraigh leis éalú go dtí an Fhrainc. Chuaigh sé go dtí Meiriceá ina dhiaidh sin, áit ar casadh Seán Ó Mathúna air agus shocraíodar ar beart a dhéanamh. Chinneadar ar eagraíocht a bhunú thall is abhus chun saoirse na hÉireann a bhaint amach. Bhaist an Mathúnach, Na Fíníní, ar an gcumann i Meiricea agus thug Stephens an Irish Republican Brotherhood ar an eagraíocht in Éirinn.

Chuaigh an IRB ó neart go neart agus faoi 1865 bhíodar an láidir — 200,000 ball in Éirinn amháin. Bhí páipéar acu an Irish People agus leithéidí John Ó Leary, Charles Kicham, Thomas Clarke Luby agus Ó Donnabháin Rosa ina bhun. Dáiríre bhí i bhfad níos mó ar siúl ag na fir seo. Thug Stephens na V’anna orthu mar b’ ardchomhairle an IRB iad. Bhí arm agus cabhlach Shasana insíothlaithe acu freisin. Agus bhí an Cogadh Cathartha thart i Meiricea agus bhí na mílte saighdiúir oilte réidh chun buille a bhualadh i gcoinne na Sasanach. Ach bhí spiaire de chuid an namhad ina measc, fear darbh ainm Pierce J. Nagle. Fuair sé post in oifig an Irish People agus ba ghearr go raibh sé i dteagmháil leis na húdaráis. Níor thugadar mórán aird air i dtosach go dtí gur sheol sé litir chucu a ghoid sé as póca teachtaire a bhí ar meisce. Litir a scríobh Stephens féin a bhí inti agus é lán de thréas ó thosach deireadh.

Ghaibh na Sasanaigh an ceathrar agus slua mór eile i Meán Fomhair na bliana 1865. D’éalaigh an Seabhac Siúltach uathu ámh agus chuireadar £20,000 ‘ar a cheann.’ Ghabhadar é dhá mhí ina dhiaidh sin. Tugadh ós comhair na cúirte é agus as san go príosún Richmond. Bhí slua gárdaí timpeall air ar an dturas go dtí an príosún. Ag seo achoimre ar scéal a éalaithe a scríobh duine dárb ainm John G. Rowe, don Gael, Feabhra 1900. Dúirt sé go bhfuair sé na firicí ó John Devoy fear a raibh lámh aige féin san eachtra.

Cuireadh Stephens i gceallóg bheag ar an triú hurlár i bpríosún Richmond. Bhí ceallóga eile fan an phasáiste agus istigh i gceann acu bhí Charles Kickham. I gceallóg idir Kickham agus Stephens bhí gadaí óg dárbh ainm McLeod. D’aon ghnó a cuireadh ann é chun an gháir a thógáil dá gcloisfeadh sé aon rud as an ngnáth. Lasmuigh den doras ag ceann an phasáiste bhí fairtheoir armtha. Ag tóin an phasáiste bhí dhá dhoras, agus ba dhoras iarainn ceann acu.

Follow us on social media

Keep up to date with the latest news with The Irish Echo

I ngan fhios dona húdaráis, i measc na bhfeidhmeannach sa phríosún bhí fear a raibh meas mór aige ar Stephens. John J. Breslin ab ainm dó agus bhí cúpla deartháir leis san IRB. Bhí sé ina reachtaire ar an ospidéal agus bhí na heochracha do chuile dhoras laistigh den phríosún aige. Luaigh duine dena deartháireacha leis go raibh ball den IRB, Daniel Byrne, ina fhairtheoir oíche sa phríosún freisin. Bheadh eochair aige siúd don chúl doras. Chuir sé cogar i gcluais Byrne agus chuaigh an bheirt acu i gcomhairle leis an gCoirnéal Thomas Kelly, Gael-Mheiriceánach a raibh cáil mhór air. (Dhá bhliain níos déanaí d’ionsaigh foireann ón IRB veain a raibh an fear céanna faoi ghlas inti agus scaoileadar saor é. Maraíodh garda san ionsaí agus crochadh Allen, Larkin agus Ó Brien dá dheasca.)

Ní raibh aon fhadhb leis an eochair a bhí ag Byrne mar bheadh an eochair ina sheilbh ar feadh na hoíche ach cé go bhfanadh Breslin i seomra sa phríosún bhíodh air na heochracha a chur i dtaisceadán gach oíche. Rinneadar stampáin i gcéir bheach dena heochracha agus rinneadh cinn nua. Thriaileadar iad. Ar an dtaobh amuigh bhailigh Kelly agus John Devoy dháréag fear le chéile agus thugadar gunnaí dhóibh — ar eagla na heagla. Fuaireadar rópa fada láidir freisin.

Dé hAoine, 24 Samhain 1865 níor bhain Stephens a chuid éadaí de ach shín se siar sa leaba. Ag a haon a chlog d’éirigh Breslin agus suas an staighre leis. D’oscail sé an dá dhoras agus isteach leis. D’éalaigh sé síos an pasáiste go doras Stephens. D’oscail sé go cúramach é agus scaoil an Seabhac amach. Thug sé gunna dó. ( An mhaidin dár gcionn dúirt an gadaí McLeod gur chuala sé iad ach go raibh eagla air go ngearrfaí a scórnach dá ndéarfadh sé focal).

Síos leo agus amach sa chlós mar a raibh Byrne ag feitheamh leo. Bhí falla ard timpeall an chlóis. Bhí fhios acu go raibh dréimire fada, — chun na lampaí a lasadh — i mbothán sa chlós. D’aimsíodar é agus leagadar i gcoinne an fhalla é. Ní raibh sé fada go leor. Fuaireadar cúpla bord ón bproinnteach agus chuireadar an dréimire in airde orthu. Suas le Stephens agus thar an falla leis. Bhí bothán ar an dtaobh eile agus bhí sé in ann dreapadh anuas. Treasna chlóis eile leis go dtí falla eile. Chaith sé dorn méaróga thar falla amach agus caitheadh isteach an rópa. Ba ghearr an mhoill ar an Stephens an falla a chur de agus thionlaic Devoy agus Kelly é go tigh sábháilte.

D’fhág Breslin agus Byrne an dréimire mar a raibh sé. Cúpla uair ina dhiaidh sin d’ardaigh Byrne an gháir. Bíodar amhrasach faoi ach fuair coiste neamchiontach é. Níor thit aon amhras ar Breslin. D’fhan sé bliain eile ag obair sa phríosún agus ansan d’imigh sé go Meiricea. Glachtar leis go coitianta gurb é Breslin a smaoinigh ar an seift chun na Fíníní a bhí faoi ghlas i Freemantle a shaoradh — an ‘Catalpa Affair’ atáim á rá. Ach sin scéal eile.

PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese