OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai An tAthair Mathew sna Stáit Aontaithe

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

I ndeireadh na gcaogaidí bhíos féin agus cara liom, Traolach Mac Suibhne, san Swan and Cygnet, i gCorcaigh, oíche. Bhí sé ag druidim le ham soip nuair a bhuaileamar amach ar Shráid Phádraig nó "Pana" mar a thugaimís uirthi. Ní fheadar arbh é an t-‘r nó an t-ól a chuir i mo cheann é ach bhuail fonn cantana mé. Ní raibh ach cúpla nóta as mo bhéal sul ar rug Traolach ar láimh orm. Thug sé seáb caoga slat suas an tsráid agus greim daingean aige fós orm. "Bog díom, in ainm Dé, nó cad tá ort," arsa mise? "Ná faca tú Fr. Mathew ag glinniúint orainn," ar sé? Bhí dealbh Fr. Mathew i lár Pana agus é ag féachaint trasna na habhann. Bhí tuairim ag Traolach go mbíodh se ag faire ar an Swan agus ar na daoine a ghnáthaigh é. Seans go raibh an ceart aige ó tá an Swan i deannta na nDódóanna le tamall agus tá Fr. Mathew fós mar a raibh aige riamh.

Saolaíodh Theobald Mathew i gCo. Tiobraid Arainn, 10 Deireadh Fomhair, 1790. Daoine acmhainneacha ab ea a mhuintir. Bhí féith bhog i dToby ó thosach. Bhí sé fial flaithiúil bronntach. Níor chuir sé ionadh ar aon duine nuair a chuaidh sé le sagartacht. Oirníodh é Domhnach Cásga 1813. Thug sé tamall i gCill Chainnigh sul ar seoladh é go dtí an áit bheannaithe úd ris a ráitear Corcaigh.

Duine éacúiméineach ab ea é agus bhíodh ana chaidreamh aige le daoine ó reiligiúin eile agus bhí meas nách beag ag cuid acu air. Ina measc bhí Quaker dárbh ainm William Martin, fear a raibh spéis mhór aige sa chreach a bhí á déanamh ag an ól ar na daoine bochta sa chathair. I 1835 bhunaigh sé cumann lánstaonta agus bhí sé ag gabháil timpeall ag tathaint ar dhaoine geall in aghaidh an óil a thógaint. Thuigh sé sul i bhfad go raibh gá aige le Caitliceach le dealramh chun cabhrú leis. Thug sé faoi Theobold a mhealladh isteach sa ghluaiseacht. D’éirigh leis agus i 1838 thóg Fr. Mathew féin an geall leis na focail "Seo linn, in ainm Dé!"

Tháinig na mílte go Corcaigh chun Fr. Mathew a fheiscint agus a chloisint. Thóg a bhformhór an geall. Ansan thosnaigh sé ag taisteal Éireann. Fá 1843 bhí breis is trí mhilliún staonaire in Éirinn. Thug sé turas ar Shasana agus ar Albain. Fearadh fáilte roimhe chuile áit. I 1843 fuair sé cuireadh teacht go Meiricea ó easpag Philadelphia, Francis P. Kenrick. Chinn sé go raghadh sé anonn an bhliain dar gcionn.

Idir an dá linn rinne Kenrick iarracht ar an eagrán Douai-Rheims den Bhíobla a chur ar fáil do Chaitlicigh sna scoileanna poiblí. Rith sé amach ar fuaid na cathrach go raibh an t-easpag ag iarraidh an Bíobla a chaitheamh amach mar abhar scoile. Bhí dhá chíréib mharfacha sa chathair. Maraíodh fiche duine agus gortaíodh na céadta. Chuir Fr. Mathew a thuras ar athló. Ansan bhuail an Gorta Éire agus d’fhan an tAthair lena thréad go raibh sé thart. I Mí Bealtaine 1849 chuaigh sé ar bord loinge i Liverpool agus thug a aghaidh siar. Bhí sé gar dona trí fichid agus ní raibh an tsláinte go maith aige. Dá mbeadh fhios aige cad a bhí roimhe seans nách dtiocfadh sé in aon chor.

Follow us on social media

Keep up to date with the latest news with The Irish Echo

Ar feadh a shaoil in Éirinn shéan sé an pholaitíocht. Ní raibh na hÉireannaigh Óga ná Domhnaill Ó Conaill buíoch de dá bharr sin ach sheas sé an fód. Ní túisce i Nua Eabhrac é ná é i gcruachás. Bhí dhá dhream ag feitheamh le fáilte a chur roimhe – an t-ardmhéra Protastúnach Caleb Woodhull agus an t-easpag trodach Dagger John Hughes. D’éirigh le Caleb Theobold a bhreith leis agus chaith sé cúpla seachtain i dteannta na bProtastúnach agus cónaí air i dtigh galánta — Irving House. Ar ndóigh bhí cruinithe aige i dTeach na Cathrach agus thug sé an "geall" dona sluaite ann. Ach d’éirigh le Hughes é a mhealladh ar ais agus choinnigh sé greim air ina dhiaidh sin. Deireadh Mí Iúil chuaigh sé go Boston. Bhí na fadhbanna céanna aige ansin. Cheap an t-easpag Fitzpatrick go raibh Fr. Mathew ró-cháirdiúil ar fad leis na Págánaigh. Ansan thug William Lyod Garrison cuairt air.

Sa bhliain 1841 chuir Fr. Mathew a ainm le cáipéis a chuir Domhnall Ó Conaill go dtí na hÉireannaigh i Meiriceá á ngríosadh i gcoinne na sclábhaíochta. Fara sin chuir Theobold fáiltí móra roimh Freidrick Douglas nuair a thug sé cuairt ar Chorcaigh i 1845. Bhí Garrison ag súil le cabhair mhór i bhfuirm bolscaireachta ón sagart agus thug sé cuireadh dhó labhairt ag cruinniú an tseachtain dar gcionn. Dhiultaigh sé dó. Bhuail néall feirge Garrison agus d’ionsaigh sé Theobold san Liberator. Thug sé fimíneach agus meatachán air. Bhí fadhb ag Theobold sa deisceart agus sa tSeanad ina dhiaidh sin de dheasca na n-altanna.

I Mí na Nollag 1849 shrois Fr. Mathew Washington. I dTeach na nIonadaithe moladh rún agus glacadh leis d’aon ghuth — suíochán a thabhairt don sagart ar urlár an Tí. Sa Seanad, cé gur ionsaigh Jefferson Davis agus John Calhoun é, fuair sé suíochán freisin. B’é an Marquis de Lafayette an t-aon duine roimis sin a fuair onóir dá short. An lá dar gcionn fuair sé cuireadh chun dinéir sa Teach Bán ó Zachary Taylor. Níorbh aon dóichín é Fr. Theobold Mathew.

Thug sé dhá bhliain go leith sa tír seo agus thaisteal sé 37,000 míle. Bhí sé breoite lag ach thug sé an geall do bhreis is leath mhilliún duine. Ní beag sin de theist air.

Maireann sé fós ar bhéalaibh daoine i gCorcaigh. Seo leath rann ó "The Boys of Fairhill" :

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese