OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai An tAthair Peter Whelan, Dea-Shamárach

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Cuireadh an tAthair Peter Whelan i mí Feabhra na bliana 1871 i Savannah, Ga. Ba í an tsochraid ba mhó a bhí acu riamh í sa chathair sin. Lean sé chóiste agus ceithre fichid an marbhchóiste go dtí an reilig. I measc na sluaite bhí buíon seana shaighdiúirí de chuid na Stát Comhcheangailte, cuid acu ar leath-chois agus cuid acu ar leath láimh. Ag labhairt thar ceann na saighdiúirí dúirt an Coirnéal Olmstead CSA: "Chuir sé gliondar ar mo chroí, ag leanúint chorp an fhir naofa seo go dtí an uaigh, nuair a smaoiníos ar an bfáilte a bheadh ag Dia na Glóire roimhe mar gheall ar chomh cruinn is a lean sé lorg Íosa Críost ar feadh a shaoil."

Saolaíodh Peter Whelan timpeall na bliana 1800 i Loch Garman. Tá fhios againn gur fhreastail sé ar Choláiste Birchfield (Naomh Ciarán) i gCill Chainnigh ó 1822 go 1824. Nuair a scairt Dia air le bheith ina shagart, thug sé a aghaidh ar Mheiriceá mar a raibh an t-easpag John England ag lorg sagart dá dheoise nua in North Carolina agus Georgia. Seans go raibh baint ag an Doctúir Pádraigh Ó Ceallaigh, Iar-Uachtarán Birchfield agus Easpog Dheoise Richmond, lena theacht go Meiriceá. Ar aon nós oirníodh ina shagart é i gCharlestown, mí na Samhna 1830. Chaith sé dhá bhliain ag obair mar rúnaí in oifigh an easpaig agus ansan cuireadh amach mar mhisinéir é go dtí na bailte beaga is móra ar fuaid North Carolina. Ba é a léigh an chéad aifreann riamh i Raleigh sa bhliain 1832.

I mí Feabhra na bliana 1837 cuireadh go Locust Grove, Georgia é, mar shagart paróiste. Chaith sé naoi mbliana déag ag obair go dian sa cheantar sin. Thóg sé tigh dó féin agus séipéal. Bhí feirm bheag aige. Ba mhisinéar é dáiríre agus ba ar muin capaill a thaistil sé an dúthaigh de ghnáth. Bhíodh an-chuid Éireannach ag obair ar na bóithre iarainn na l’thannta san agus thugadh sé cuairt orthu go minic.

Bhris an Cogadh Cathartha amach i 1861 agus láithreach bonn bhí Savannah i lár na cuilithe. I gCuan Savannah, ag cosaint an phoirt, bhí Fort Pulaski. Bhí buíon saighdiúirí ann, na Montgomery Guards, agus b’Éireannaigh ar fad iad. Bhí séiplíneach uathu agus thoiligh Whelan dul ann. Bhí sé bliain agus trí fichid ag an am. Thosaigh sé ag léamh aifrinn agus ag cabhrú leis na saighdiúirí i gcúrsaí spioradálta sa dún. Bhí meas mór ag na saighdiúirí go léir air idir Chaitlicigh agus eile.

Ba lá mór é sa daingean, an 17 Márta 1861, nuair a bronnadh bratach nua ar na Montgomery Guards. Dob amhlaidh a cheannaigh an Capt’n Guilmartin píosa breá síoda agus chuaigh leis go dtí clochar Shiúracha na Trócaire i Savana mar a raibh bróidnéir den scoth a rinne bratach bhreá dhó. Bhí cláirseach agus seamróga gréasta uirthi. Lá Le Pádraigh thoirbhir an Maor John Foley an bhratach don mheirgire Bernard Ó Neill. Bheannaigh Whelan an bhratach. (Tá an bhratach ar taispeáint i "Fort Pulaski National Monument sa lá tá inniu ann.)

Follow us on social media

Keep up to date with the latest news with The Irish Echo

Ar 10 Aibreán d’ionsaigh fórsaí an Tuaiscirt an dún agus ghabhadar é an lá dar gcionn. Cuireadh na cimí go léir ó thuaidh go Governor’s Island, Nua Eabhrac, an tAthair Whelan ina measc. Isteach i ndaingean ar oilean darbh ainm Castle William a cuireadh iad. Bhíodar fuar fliuch ochrach. Fuair Whelan cead Aifreann a rá gach maidin agus rinne sé teagmháil leis an Athair William Quinn,sagart paróiste St Peter’s ar Sráid Barclay. Chuir Quinn bia agus éidí troma geimhridh chucu agus d’éirigh leis brú a chur ar na húdaráis Whelan a scaoileadh saor. Thug an Ginearál Dix cead dó imeach. Dúirt Whealan go raibh sé fíor-bhuíoch de ach go bhfanfadh sé i dteannta na bhfear. D’fan sé leo go ndearnadh malairt chimí leis na Deisceartaigh i mí Iúil 1862. Scaoileadh saor ar fad iad ansan agus cé gur fhan an meirgire Ó Néill sa Tuaisceart, d’éirigh lena cháirde an bhratach a thabhairt ar ais ó dheas faoi cheilt.

Chuaigh Whealan ar ais go Savannah mar ar chaith sé dhá bhlian ag obair sa pharóiste, sna hospidéil agus leis na saighdiúirí a bhí de shíor ag teacht is ag imeacht. Ansan d’iarr an t-easpog air dul go priosún Andersonville áit a raibh na mílte príosúnach ón Tuaisceart faoi ghlas. Áit chamrach bhréan ghalarach gan sláintíocht gan fionn uisce ab ea é. Na cléirigh eile a chuaigh ann ní rabhadar in ann fanúint ann. D’fhan Whelan ann gur shaor Sherman na príosúnaigh. Uair amháin fuair Whelon iasacht $16,000 ó fhear gnó chun plúr a cheannach. Rinneadh cístí de agus tugadh amach iad. ‘Whelans Bread’ a thug na príosúnaigh ar na cístí sin. Shábháil sé na céada duine ón mbás. Níor dhearmad na príosúnaigh riamh é. Seo mar a chuir príosúnach amháin síos air. "Chonaiceas go minic é ar a ghlúine taobh le corp lofa; in aireagal an mhorgtha ag cur ola ar fhir a bhí ag fáil bháis; agus ag tabhairt sóláis dona hainniseoirí bochta go raibh deireadh dúile bainte dena mbiseach." "Ba chuma leis dubh bán nó buí thú," dúirt duine eile, "chabhraigh sé le chuile short." Dea-Shamárach ab ea é.

Taréis an chogaidh gabhadh an Capt’n Henry Wirz, an fear a a bhí i gceannas ar Andersonville. Bhí fonn díoltais orthu sa Tuaisceart agus daoradh chun báis é. Bhí trua ag Whealan dó agus thug sé fianaise ar a shon ach ba shaothar in aisce dó é. Crocadh Wirz. Chaith Whelan na blianta deireannacha i Savannah ag freastal ar a thréad. Is léir ós na tuairiscí sna páipéir an cion a bhí ag muintir Savannah air agus an grá a bhí acu dó. É sin in áit ‘nar ghnáth fuath a bheith acu do Chaitlicigh. Seans go bhfacadar Íosa Críost sa tsean sagart uamhal san.

(Táim fíor-bhuíoch de Eibhlín agus John Zurell as ‘Fr. Whelan of Fort Pulaski and Andersonville’ a bhronnadh orm agus de Ellen agus Gerry Lynch as ‘Clear the Confererate Way.’)

Gluais: "aireagal an mhorgtha" = gangrene ward. "deireadh dúile bainte dena mbiseach" = who had no hope of recovery.

PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8 a.m., an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8 a.m.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese