OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai An tIománaí ar an gClaí

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Le déanaí bhíos ag léamh áit éigin go raibh an t-Aontachtaí Edward Carson (1854-1935) an-tugtha don iománaíocht le linn a óige. I gCastle Ellen gar do Bhaile Átha an Rí i gCo. na Gaillimhe a rugadh a mháthair agus théadh ‘Ned’ siar go dtí an sean áit ar a l’thanta saoire gach bliain. Chuir sé suim go hóg sna cluichí Éireannacha a bhíodh ar siúl ag na buachaillí sa cheantar. Bhí dúil mhór aige san iomáint. Bhí sé maith a dhóthain le bheith ar an bhfoireann áitiúil. Chuir an scéal ag smaoineamh mé ar na daoine éagsúla i stair na hÉireann a raibh baint acu leis an gcluiche ársa san, is aithnid dúinn ó ré na Tána agus an tSeanchais Mhóir. Is ó Bhíobla na hiomána, "Scéal na hIomána" le Liam P. Ó Caithnia cuid mhaith dena fíricí seo leanas. (Dala an scéil, nuair a bhí Carson ag freastal ar Choláiste na Trinóide d’fhás cáirdeas idir é agus Oscar Wilde agus thagadh Oscar go Baile Átha an Rí ina theannta go minic. B’in cáirdeas nár mhair. In 1895 sa chás Wilde v. the Marquis of Queensbury scrios Carson, abhcóide Queensbury, cáil a shean charad.)

Nuair a thug an garsúr Setanta a aghaidh ar Eamhain Mhacha fadó, ní dhearna sé dearmad ar a chamán ná a liathróid. Ar a bhealach chun na hEamhna thabharfadh sé lasc lán-láidir den chamán dá liathróid agus sul a dteagmhódh sí le talamh bheadh sé fúithi le buille eile a thabhairt di. Mar sin dó go hEamhain. Ní hionadh gur leis an gcamán a tharraing sé aird an rí air féin ar dtús. Níos déanaí nuair a d’ionsaigh cú alltach Chulainn é ba leis an gcamán agus an liathróid a mhairigh sé é. Chuir bás an chon brón mór ar Chulann ach gheall Setanta go mbeadh sé féin ina chú aige go bhfaighfeadh sé ceann eile. Is uaidh sin a fuair sé an t-ainm Cú Chulainn.

Bhí fear mór le rá eile sa tsean litríocht a raibh baint ag an iomáint lena ainmniú. Maon a thugaidís air, ó bhí sé balbh. Bhí sé lá ag iomáint nuair a bhuail buachaill eile treasna na lurgan é. Leig sé beic as agus thosnaigh ag spalpadh eascainní. Stad a raibh sa pháirc ag féachaint air, go ndúirt duine acu "Labhraid loinseach" nó "labhraíonn an stróinséar." Is mar sin a fuair Labhraid Loinseach a ainm. Dáiríre ba dhia bunaidh na Laighneach é agus níl sa scéal ach iarracht ar an ainm a mhíniú. Mar sin féin léiríonn sé stádas an chluiche sa tsean aimsir. Bhí uasaicme dhúchasach na hÉireann an-tugtha don iomáint. Agus de réir an bhéaloideasa bhí dúil nach beag ag na Daoine Maithe san iománaíocht freisin. Ait le rá níor thugadar an grá céanna riamh don pheil.

Ní haon ionadh na hÉireannaigh agus na Daoine Maithe ‘ bheith sáite i gcluiche ársa traidisiúnta. Is díol suime é ámh go raibh spéis ag an ‘bhfoireann ó chríoch Dover’ san iomáint ón chian aimsir freisin. Tá tagairt do ‘hurling’ i mBaile Atha Cliath chomh fada siar le 1209 agus luaitear an iomáint i lár an 14ú haois, i Reachta Chill Chainnigh. Fágann sin go raibh na Sasanaigh in Éirinn ag iomáint agus na húdaráis thall ag iarraidh cosc a chur leis an gcleachtadh sé chéad bliain ó shin. Faoi 1700 bhí na tiarnaí talún féin sáite sa chluiche.

Sa bhliain 1699 scríobh Sasannach darbh ainm John Dunton píosa faoi chluiche a chonaic sé. Ba ghráin leis an bhfear céanna na ‘Wild Irish.’ Thug sé "a nest of disarmed, lewd, lousy, lazy, Rebels," orainn. Deir Ó Caithnia nár mhiste leis maslaí Dunton mar gheall ar gur fhág sé píosa breá eolais againn ar an iománaíocht i litir a scríobh sé.

Follow us on social media

Keep up to date with the latest news with The Irish Echo

"Suas le cúig bhlúire is fiche eolais atá ar bháirí iomána sa litir seo. Is léir, mar shampla, gur chluiche coiteann a d’imrítí Domhnaigh agus l’thanta saoire; gur chamáin baise a bhí acu, agus liathróidí ruainneacha" (Scéal na hIomána). Fara sin is léir go mbíodh uasal agus íseal ag faire ar an gcluiche agus dúirt Dunton go raibh timpeall 2000 duine i láthair an lá úd, agus go raibh páirc na himeartha 200-300 slat ar fhaid. Bhíodh paróistí agus barúntachtaí in iomaíocht le chéile. Taréis an chluiche bhíodh bairille beorach ag na fóirne agus ba ghnáth cúpla píobaire a bheith ann freisin. "Besides, our squire, the Conq’rours Hearts to cheer, Will treat them with a cask of humming beer."

Dhealródh sé gur ghnáth do dhuine uasal éigin bairille beorach a bhronnadh ar na hiománaithe. Ar uairibh bhronnaidís féiríní orthu freisin. Agus bhídís féin páirteach sa chluiche go minic. Ar ndóigh thuill cuid acu cáil mhór dóibh féin mar iománaithe. Ní gá ach duine amháin acu a lua anso mar shampla, John Cuffe, MP, Viscount Desart 1730-1767. Mhair a cháil sa bhéaloideas go dtí céad bliain ó shin. Ach ní John Cuffe a thug a thionóntaí air ach Seán a’ Chaipín. Bhíodh meas ag fiú na Buachaillí Bána air. Ghabhaidís thart fána thigh oícheannta agus chuiridís trí liú astu ina onóir. Deir siad gur chabhraigh sé go minic le daoine a bhí ar a dteitheadh. Fuair sé bás go hóg de dheasca gal péinte a análú. Bhí an ceantar go léir faoi bhrón. Críochnód le píosa a scríobh file éigin ag caoineadh Sheáin ach faraor níl ach sé líne den iomlán ar eolas againn:

Tagann osna im chroí is deora im leachain,

Nuair ná feicim thú id jaicéad uaine is id chaipín dearg,

Ag déanamh commanding ar na hiománaithe maithe.

Tá do chamán ar fiaradh fád leaba,

Is tá do liathróid á bualadh ag buachaillí an bhaile,

Is go mbuailfeá poc ball ann chomh hard leis an ngeallach.

PS. Ag trácht ar an Gh’ilge tá sé beartaithe ag Seán agus Bríd Robhartaigh, Andy Carr, Éamon Ó Duacháin, Eibhlín Zurell agus mé fhéin teacht le chéile, uair sa mhí, ar an cheathrú Domhnach, le dreas cainte bheith againn. Tiocfaimid le chéile ar a cheathair a chlog san Irish American Hall i Mineola. Bíonn Céilí ag CCÉ ar an lá san a thosnaíonn ar a sé a chlog. Táimíd ag tabhairt cuireadh dhaoibh go léir bheith linn. Feicfimid sibh tuairim is a ceathair ar an 25 Márta.

Chuir iníon le Seán agus Bríd, Kathleen Lavin agus a fear céile Dom CD nua traidisiúnta amach le déanaí. Is CD seoigh é. Faigh cóip. Tá sé le fáil ón Manor Irish Gift Shop, Stewart Manor, nó ó Kathleen’s of Donegal, Rockville Center.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese