OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Anbhás ar an mBinn Dubh

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Nuair a bhíos óg bhí teachín gleoite aoldathach ar thaobh an bhóthair tuairim is leath-mhíle laistiar dinn. Is ann a chónaíodh Jerome Ó Conchúir agus a bhean ionúin Cáit. Aintín lem’ athair ab ea Cáit. Bhí deich mbliana fichead slánaithe ag Jerome sul ar chuireas aithne cheart air. Fáthach d’ fhear téagartha ard a bhí ann. Bhíodh neart trír ann ina lá, de réir na scéalta. Cé go mbíodh cuma dhúr air agus d’féadfadh sé bheith borb-bhriatharach tarcaisneach ar uairibh bhí croí mór aige agus bhíodh sé ana chineálta linn-ne, na leanaí. Bhíodh bata siúil aige i gcónaí agus samhlaím fós é ag siúl roimhe go barrthuisleach sa gháirdín beag a bhí aige ar thaobh an tí.

Chuir eascainí agus garbh-chaint Jerome isteach ar mháithreacha na háite ó am go chéile ach bhraitheas mar sin féin go raibh meas acu air agus b’fhéidir trua acu dó. Chualas mo mháthair a rá níos mó ná uair amháin nár chóir a bheith dian ar Jerome bocht agus an méid a bhí fulaingthe aige. Diaidh ar ndiaidh d’éirigh liom a fháil amach cad a thárla dó. Dob amhlaidh a bhain taisme uafásach dó sa bhliain 1892, taisme a d’fhág bacach lena shaol é. Ait le rá ní raibh éinne ró-thuilteanach labhairt liom faoin timpiste le linn m’óige. Aon uair a chuirinn ceist ar mo mháthair faoi, ní thabharfadh sí ach freagra gearr neamhcheangailteach dom: "Thit carraigh mhór ar an bhfear bocht sa choiréal ar an mBinn Dubh, slán mar a n-instear é." (Fuaireas an t-eolas seo leanas ó leabhairín a scríobh David Walsh, ón Cork Examiner, agus ó Jerome féin agus ósna comharsain.)

D’osclaíodh an coiréal i 1830. Faoi 1890 bhí cáil mhór ar "Chairéal na Binne Duibhe" ar fuaid na hEorapa agus bhí glaoch mór ar a chuid slinnte. Bhíodh suas le céad duine fostaithe ann. Bhí gach dealramh ar an scéal i 1892 go raibh dea-bhail ar an gcomhlacht gur leo an coiréal, ach ní raibh. Bhíodar báite i bhfiacha. Níl fhios ag éinne anois cad ba chúis le seo. Bhí an banc agus na creidiúnaithe eile sa mhullach orthu ag lorg a gcuid airgid. Mar sin ní ag smaoineamh ar shábháilteacht a bhí baill an chomhlachta ach ar airgead. Saint ba bhun leis an dtubaiste. Ba léir freisin nach raibh meas madra ag an gcomhlacht ar na fir bhochta a bhí ag tochailt faoin gcnoc.

Chun teacht ar an slinn b’éigean dóibh dul síos tríocha slat nó mar sin ar dtús. Obair dhian chostasach ba ea í sin. Ach nuair a bhí an poll déanta thosnaíodar ag déanamh tollán isteach faoin gcnoc. Bealach an-éifeachtach ó thaobh costais ab ea é seo ach d’fhéadfadh sé bheith baolach. Dá mbainfí an iomarca slinne as na tolláin d’fhéadfadh an cnoc titim isteach orthu de cheal tacaíochta.

Taréis tamaill d’éirigh scoilt sa chnoc de dheasca na tochailte. Nuair a chéad tugadh faoi ndeara í, i Mí Feabhra, rinne na fir casaoid leis an mbainisteoir. Ní dhearna an comhlacht, ámh, ach fear ón mbanc a chur amach chun an scoilt a iniúchadh. Ní raibh aon bhaol ann, dar leis. Níos déanaí nuair a mhéadaigh ar an scoilt agus ar imní na bhfear ghearánadar arís agus cuireadh innealtóir amach, ach rinne seisean spior spear den scéal freisin.

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

Ar a sé a chlog ar maidin, ar an 20ú de Mhí Iúil 1892, chuaigh deichniúr fear ag baint slinne sa gcoiréal. Buachaillí ab ea trúir acu dáiríre. Ní raibh Seán O Néill ach trí bliana déag d’aois. Bhí Jerome Ó Conchúir 14 agus Seán O Donnabháin 16. Fara na buachaillí ar an bhfoireann bhí athair Jerome, Domhnall agus triúr de mhuintir Uí Fhéichín, chomh maith le Mícheál Tóibín, Séamas Ó Mathúna agus Donncha Ó Dobhuir. De réir gach tuairisce bhí eagla thar an ngnáth ar chuile dhuine acu an mhaidin áirithe seo. Bhíodar le bheith ag obair faoi aragail agus laistiar den aragail ‘sea bhí an scoilt úd a chuir an imní go léir orthu. Níl fhios againn anois cad a chuir an sceon iontu an mhaidin airithe seo ach dúirt iníon Jerome liom gur chuala sí a hathair á rá go minic gur chualadar sort díoscáin ag teacht ón gcarraigh.

Labhraíodar leis an saoiste ach bhagair sé an geata ortha. Bhí an t-ochras níos treise ná an t-eagla agus isteach faoin gcnoc leo. Uair go leith ina dhiaidh sin thit an cnoc orthu. Chualadar fothram neamhghnáthach agus bhraitheadar an charraig ag crith. Thosnuíodar ag rith ach níor éirigh ach le beirt acu éalú, Jerome agus Séamas Ó Mathúna. Dúirt Jerome gur thug a athair sonc sa dhrom dó, díreach nuair a bhí carraig mhór ar tí a mharfa agus dúirt "tabhair aire dod’ mháthair." Bhí breis is caoga ag obair sa choiréal ag an am agus rinne siad a ‘ndícheall báis agus beatha’ chun a gcomrádaithe a shábháilt. Dóbair dóibh féin nuair a thit píosa mór carraige eile ón aill taobh leo. Thógadar triúr marbh as an bpoll agus b’éigean dóibh cúigear a fhágaint thíos faoi míle tonna carraige, athair Jerome ina measc. Ar feadh cúpla lá bhí duine amháin ar a laighead beo den chúigear mar chualathas é ag gabháil dá chasúr ar na carraigeacha. Go dtuga Dia saol níos fearr dóibh ar an dtaobh thall den teorainn.

San aimsir san ní raibh árachas ná pinsean baintrí le fáil agus ní bhfuair muintir na bhfear marbh faic. Bhí sé de mhisneach ag coiste cróinéara faillí a chur i leith an chomhlachta cé gur iarradh orthu gan a leithéid a dhéanamh. Níos déanaí fuarthas an bainnisteóir cionntach i bhfaillí agus gearradh cúpla mí príosúin air. Dhealródh sé gur cuireadh an bhreith sin ar ceal ina dhiaidh sin.

Dúnadh Coiréal na Binne Duibhe i 1950. Idir 1892 agus 1950 maraíodh triúr eile ann. Dála an scéil, i 1892 fuair na hoibrithe ocht scillinge in aghaidh na seachtaine. D’oibríodar sé lá sa tseachtain ó éirí go luí na gréine. Má bhí an comhlacht ar easpa airgid ní mar gheall ar thuarastail arda é. Tógadh leacht cuimhneacháin dona fir i 1978 sé bliana agus ceithre fichid taréis na timpiste.

Agus Jerome. Rinne sé rud ar a athair. Nuair a chneasaigh na leontaí thug sé a aghaidh ar Milwaukee agus na mianaigh. Chaith sé roinnt blianta ann agus thug sé tamall eile sa Bhreatain Bheag. Chuir sé an t-airgead abhaile chun a mhathar. Fuair sé bás i 1963. Ar Dheis Dé go Raibh siad uilig!

PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese