OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Aon a Hart an tAon beag Ceart

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Le linn m’óige bhíodh muintir na tuaithe an-tugtha do chluichí cártaí. "Mara ndéanann sé lá prátaí a bhaint déanfaidh sé lá cártaí a imirt," deir an sean-fhocal. B’aoibhinn an caitheamh aimsire iad. Ach níor chaitheamh aimsire na cártaí ag cuid de mo chomharsana ach sort reiligiúin. Dob ionann, dar leo, botún imeartha agus peaca marfach. Leag mise an t-aon hart i gcluiche oíche amháin nuair nár chóir dom é agus tharraingíos oighear mo pháirtí orm. Níor mhaith sé an botún beag san riamh dom. Is cuimhin liom an uair dheireanach a bhuaileas leis. "Cuireann an banbh tusa i gcuimhne dhom fós," ar sé, agus colg ag teacht arís air fiche éigin bliain taréis na coire. An banbh a thugtar ar an aon hart in áiteanna. Níl a leithéid de rud agus botún beag i bhfoclóir an chearrbhaigh dhíograisigh.

Don tseachtain seo táim chun cur síos gearr a thabhairt ar na cártaí agus na téarmaí a bhaineann leis na cluichí cúig feichead, aon is triocha agus cúig is dachad. Ó bíonn a dtéarmaí féin ag gach ceantar agus bíonn trí nó ceithre leagan ar gach focal, d’ úsáideas na focail mar a fuaireas i bhFoclóir Uí Dhónaill iad san alt féin. Tá gluais bheag agam ag deireadh an ailt.

Tá dhá chárta is caoga i bpaca cártaí. Tá ceithre dhath nó culaith ann: hart, iolra hairt; muilleata, muileataí; spéireata, spéireataí; agus triuf, triufanna. Tá dath dearg ar an muileata agus an hart agus dath dubh ar an spéireata agus an triuf. Tá trí chárta dhéag i ngach culaith, an rí, an bhanríon, an cuireata, an deich, an naoi, an t-ocht, an seacht, an sé, an cúig, an ceathair, an trí, an dó, agus an t-aon. An t-aon hart, an trí muileata, an deich triuf, an t-ocht spéireata agus mar sin de.

Chun cluiche a thusnú roinntear cúig chárta an duine ar na himreoirí. Seo mar a chuir Séan Ó hAodh síos ar na himeachtaí seo i "Seanchas ó Chairbre:" "Thumfaidís féachaint cé leis déanamh. An té ba lú spotaí siné a dhéanfadh iad. Shuaithfeadh sé iad agus ghearrfadh an fear ba ghoire dhó ar a thaobh deas iad. Dhéanfadh sé ansan iad. D’iompódh sé cárta agus b’shin é an mámh cinn." Ba mhámh gach cárta den dath san agus ba dhrámh gach cárta de dhath eile. Dá mb’é an t-aon a iompódh sé, bheadh cead aige é a ghlacadh chuige ina láimh agus an cárta ba mheasa a chaitheamh uaidh. Dá mbeadh aon an mháimh ina láimh ag imreoir d’fhéadfadh sé an mámh cinn a thógaint agus cárta eile a chur béal faoi ar an mbord.

An fear ar thaobh clé an déantóra siné an chéad fhear a imreodh. Dá leagfadh sé siúd mámh chaithfeadh gach éinne an dath a imirt, sé sin mámh as a láimh féin a imirt. Dá mbeadh cárta de dhath an mháimh ag duine agus gan a imirt bheadh sé ag ceilt, agus dá mbéarfaí air chaithfeadh sé a lámh a chaitheamh suas.

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

Tugtar cúig ar gach imirt timpeall mar is fiú cúig é ach amháin i gcás an mháimh mhóir. Is fiú deich an mámh mór i 25 agus 45 agus aon déag i 31. De ghnáth ‘sé cúig an mháimh an mámh mór ach muna bhfaigheann éinne an cúig sé an cárta is láidre amuigh a bhíonn ina mhámh mór. An té a bhuaileann an cúig is é a leagann an chéad chárta eile.

I gcás na gcluichí 25, 31, agus 45, ag seo síos na cártaí in ord cumhachta: an cínán (cúig an mháimh); an cuireata ansan: an t-aon hart ansan cuma cén dath atá ina mhámh; aon an mháimh; an rí; an bhanríon; más cárta dearg an mámh is fearr na cártaí arda ná na cinn ísle agus más cárta dubh an mámh bíonn na cártaí ísle níos fearr ná na cinn arda. Buann an dó triuf ar an deich triuf mar shampla. Is fíor sin, cuma mámh drámh é. An deich triuf, an deich spéireata, an dó hart agus an dó muileata na ceithre chárta is lú gradam sa phaca. Ní fiú deich triuf é a deir siad i dtaobh rud gan mhaith.

Anois, bhfuil sibh réidh? Téimís siar céad bliain go ‘Caisleáin Óir’ agus tigh Mháirtín i Rann na Feiriste áit a bhfuil cluiche cúigh is fiche ag tosú: "Cé leis an roinnt?" "Le Séimí anseo." Rann Séimí iad agus thiontaigh muileat. "Goidé rud é, Shéimí?" "Muileat." "Muileat an mámh, is maith an drámh an sruth." D’imir Micí Og. "Sílim go ligfidh mé sin thart," arsa an Cearrbhach. Chuir Pádraig Airt an rí air. "Goide a rinne tú a uascáin?" "Bhí mé ‘gheall ar cur isteach chuig Séimí," ar sé. "Is deas do chur isteach, —– " anois tá titim láimhe aige agus má tá aon dath ar chor ar bith aige tá an chéad chúig leis." "Seo, a Shéimí," arsa an Cearrbhach, " bíodh lámh do ranna agat." Fuair Séimí sin leis an dó muileat.

An chéad uair a rann an Cearrbhach iad, thiontaigh sé aon. Thóg sé an carda cinn, ghlan sé a lámh, fuair lámh a ranna le drámh, tháinig chun cláir le cuileat, agus chuir an cluiche as cúl doirn." Go dtí an tseachtain seo chugain; Mura leaga tú mámh leag mada maith drámh!

GLUAIS: Mámh, mádh = trump. Cúig = five, trick. Mámh mór = best trump. Cíonán, cíoná, na méir = five of trumps. Cuireat(a), cuileat(a) = jack, knave. Lámh do ranna, cúig do lámhdhéanta = your dealer’s trick. Déan na cártaí = deal the cards. Is leat déanamh = it’s your deal. Bain díobh nó gearr dhíobh = cut the cards. Cé leis roinnt, cé leis déanamh? = whose deal is it. Déantóir, fear ranna nó bean ranna = dealer. An dath a imirt = to follow suit. Tumaimís = Let us dip or cut cards; person with lowest card, i.e. least spots, deals. Cheil sé = he reneged, did not follow suit. Triuf, sruth = clubs, according to Dineen ‘triuf’ is from English ‘treff,’ a cudgel. Cad tá suas, cad is mámh? = What’s trumps? Bhuail sé an cúig = he won the trick.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese