Le Barra Ó Donnabháin
Do-bheir súil ó dheas gach lá fó seach
Ar thráigh na mbarc an cailín,
Is súil deas-soir go dlúth thar muir,
Mo thrua anocht a haicíd,
A súile siar ag súil le Dia,
Sign up to The Irish Echo Newsletter
Thar tonntaibh fiara gainmhe;
Cloíte lag beidh sí gan phreab
Go bhfillidh Mac an Cheannaí.
Sin Aogán O Rathaille ag cur síos ar chás ainnir shéimh na súl glas — Éire féin. Í thíos ar an dtráigh ag súil le cabhair a theacht gach aon lá. Tá a laoch agus a leannán, Mac an Cheannaí, imithe uaithi ach ní chuireann sí a súil de go fóill. Faoi dheireadh an dáin, ámh, nuair nách mbíonn aon tsúil aice lena theacht go deo arís, faigheann sí bás de gheit. Cuma cad deir an seanfhocal dob ionann súil le muir agus súil le huaigh i gcás Mhac an Cheannaí.
Sa Gh’ilge baineann na céadta cor cainte le baill an choirp – leis an gceann, béal, cluas, lámh, cos agus súil – ach go háirithe. Ba mhaith liom inniu ceann acu, an tsúil, a phlé. Caithimís mar sin ár súil ar an bhfocal súil. Tá ‘súil’ na G’ilge agus ‘sol’ na Laidine gaolmhar dá chéile. Tagann siad ón ngas Ind-Eorpach céanna , focal a chiallaíonn ‘grian.’ (Tagann ‘grian’ ón ngas *goro leis an mbrí teas. Smaoinigh ar an abairt -Déan do ghoradh.) Ag seo síos slám desna cora cainte a bhfuil an focal súil ag roinnt leo.
An té go mbíonn seacht gcúram an tsléibhe air, deir siad go bhfuil sé go dtí a dhá shúil in obair. Tá daoine ann nách gcreideann aon rud ach an rud a fheiceann siad lena súile cinn. An cara nách bhfaca tú le bliain déarfá nár leag tú súil air le bliain. Dá mbeadh braoinín sa bhreis agat oíche agus dá gcasfaí leat é ar maidin déarfá -"Chasadar sa tsúil orm é." Tá daoine ann agus ní thabharfaidís an oiread agus a chaochfadh do shúil uatha in aisce. Dís a bheadh ag insint bréag ar a chéile déarfá futhu go rabhadar sna súile ar a chéile. Caochann duine súil ort le greann nó le gliocas. Dúirt fear liom fadó gur thit sé i ngrá le bean shaibhir ach ní leomhfadh sé labhairt léi. Dúirt sé go mbíodh sé ag caochadh súil uirthi sa dorchadas. Sin cúthaileacht duit.
Bíonn ‘coinne’ i gceist sna solaoidí seo leanas. Cheapas go dtiocfadh Seán abhaile inniu ach tá mo shúil curtha agam de anois mar tá sé ró-dhéanach. Nílim ag súil leis a thuilleadh. Níor tháinig fear a’ phoist ach tá mo shúil leis fós. A Sheáin a chroí cad a bhain duit, bhí súil abhaile leat aréir? Is ionann sin agus a rá go rabhathas ag súil go dtiocfadh sé abhaile. Tá súile dearga agat ag an ngol deir siad le leanbh a bheadh ag olagón. Tá cáithnín faoi mo shúil, déarfá dá raghadh rud éigin sa tsúil ort. Tá sé i dtosach mo shúile – sé sin le rá in aice na sróine. Tugtar deireadh na súile ar an dtaobh eile.
Is fearr duit súil romhat ná dhá shúil i do dhiaidh, deir an seanfhocal, agus is maith an chomhairle í ar ndóigh. An té go mbíonn súil in airde aige bíonn sé ar a airdeall, ag faire ar chúrsaí timpeall air. An duine a bhíonn ag dréim le rud nách féidir leis a bhaint amach deir siad go gcuireann sé a shúile thar a chuid. Tugtar Súil Uí Dhúda le hArd na Rí nó Súil Thaidhg le tiarnas, ar an dúil a chuireann daoine i rudaí dofhaighte. Má thagann duine taobh na súile caoiche ort tagann sé aniar aduaigh nó i ngan fhios ort. Má chuireann tú rud ar a shúile do dhuine, cuireann tú i dtuiscint nó i gcuimhne dó é. Dá gceapfá go bhfaca tú fear chugat ar an mbóthar abair, cé nach raibh éinne ann, déarfadh duine gur "ar do shúile a bhí sé.
Tá na cinn seo leanas sothuigthe: Bhí a dhá shúil sáite ionam, nó bhí sé ag faire go géar orm. Leath a dhá shúil air nuair a chonaic sé an radharc. Bhí a shúile amuigh ar a cheann le heagla. Bhí leithead méise móire ina dhá shúil le hionadh. Bhí gach aon tsúil air chomh mór le práta. Agus dona daoine a bhíonn ag troid ó am go céile: D’fhágas cnap ar a shúile. Thugas súil dhubh dó. Chuir mise at ar a shúil. D’fhágas an tsúil ar an malainn aige.
Bhí fear ann uair amháin a bhí ar leathshúil agus bhí cleamhnas á dhéanamh aige le bean ón gceantar. Tháinig sé ag triall uirthi lá agus chaitheadar tamall ag comhrá le chéile. Nuair a bhí sé ag imeacht abhaile dúirt sé léi, " Tá súil agam gur gearr go bhfeicfidh mé arís thú." "Tá," ar sí, "agus súil eile nách bhfeicfidh go deo mé." Tá súil agam nár phósadar a chéile.
Tá súil agam nach raibh súil in airde agaibh le scéal simiúil uaim don tseachtain seo. Mo léan, tán sibh suas go dtí na súile i gcora cainte. Coinnígí bhur súile suas. Beidh lá eile againn.
Tháinig suaimhneas an bháis ar bheirt charad le gairid, Frances Reilly, máthair Patricia, agus Tom Connolly, as Carna, fear a raibh baint mhór aige leis an Irish American Society Minneola ar feadh na mblianta. Ar dheis Dé go raibh an bheirt acu.
PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.
An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.