OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Baile Átha Cliath 1597

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Bhí tráthnóna Dé hAoine, 11 Márta, 1597, gaofar tirim. Bhí an crann tógála* ar Woods Quay ag dílochtú loinge agus bhí slua beag ag faire ar an obair. Bhí buíon fear ag láimhseáil na dtéad agus saoiste dárbh ainm Stephen Sedgrave á dtreoiriú. Bairillí púdair a bhí á dtabhairt i dtír acu, agus bhí suas le 140 acu ina gcarn mór i lár na sráide. Bhuail an clog ós cionn Gheata an Droichid a haon. Go tobann, le splanc dhalltach agus torann uafásach phléasc an púdar. Maraíodh ar a laghad 126 duine sa phléascadh agus leagadh breis is dhá scór tithe. Ní mór a mheabhrú anso go raibh daonáireamh Bhaile Átha Cliath beagáinín faoi 10,000 ag an am. (* crane).

In 1597 ní raibh greim daingean fós ag na Sasanaigh ar an dtír. Bhí arm mór acu ó thuaidh ag iarraidh smacht a chur ar Aodh Ó Néill agus a cháirde. Lón cogaidh a bhí sna bairillí don arm. Ó bhí cáirde ag Aodh fiú i mBAC, bhuail amhras na húadaráis i dtosach. Sabaitéireacht? Thosnaigh an tArdmhéara ag ceistiú finnéithe.

Ní fada, ámh, gur díríodh an fiosrú ar John Allen, feidhmeannach, a raibh "Cléireach Lastlann na Banríona" mar theideal air. Bhí sé de chúram ar Allen, an púdar a thabhairt i dtír agus féachaint chuige go dtabharfaí ón gcé go dtí an caisleán go sábháilteach é. Nuair a phléasc an púdar bhí John i dtigh tabhairne ag ól in ionad is a bheith i mbun oibre. An chéad cheist a cuireadh air; "Cén fáth ar fágadh an oiread sin púdair ina charn sa tsráid?" De ghnáth bheadh slua cairteoirí agus aistirí ag crochadh na mbairillí leo chomh luath is a thiocfaidís i dtír. Bheul, an lá áirithe seo bhí na cairteoirí ar stailc agus ba John Allen ba chúis leis.

Ba lúbaire ceart John. Aon uair a mbeadh long le dílochtú aige chuirfeadh sé buíon phreasála amach agus ghabhfaidís na cairteoirí bochta, chuirfidís ag obair iad agus i ndeireadh an l’ ní íochfaidís as an obair. Bhí deireadh na foighne caite ag na cairteoirí. Chuadar ar stailc. Dúirt siopadóir gur dhiultaigh na cairteoirí dó boscaí éisc a thabhairt ón gcé go dtí an siopa mar go raibh eagla orthu roimh Allen. Díol súntais é gur ainmneacha Gaelacha atá ar na cairteoirí ar fad a ceistíodh. Is léir gur bhain an sort san oibre leis an gcosmhuintir.

Fionnadh fadhb leis na bairillí ón mbád seo seachas lastais eile, freisin. De ghnáth chuirtí an púdar isteach i soitheach agus ansan chuirtí an soitheach sa bhairile, ar son sabháilteachta. Ach cuireadh an púdar díreach isteach sna bairillí sa chás seo. Ní rabhadar sceithdhíonach. Thug ceannaí ó Manchester fiannaise go bhfaca sé fear ag ríleáil bairile suas an tsráid agus beirt leanaí ag cabhrú leis. Chonaic duine eile púdar ag teacht ó bhairille. I ndiaidh a chéile thángadar ar an dtuairim gur de thimpiste a phléasc an púdar, agus nár mhioscais ach faillí a bhí taobh thiar de. Ní raibh aon bháisteach ar feadh tamaill agus bhí gach rud tirim. Chreid na húadaráis gur splanc ó chrú capaill a las an púdar. Gearadh téarma fada priosúin ar Allen. Bhí an t-ádh leis mar fuarathas púdar agus gunnaí ina thigh ósta. Ach dob amhlaidh a bhí mion-ghnó dá chuid féin ar siúl aige. Bhíodar sásta nách raibh sé ag díol gunnaí leis na hÉireannaigh.

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

D’fhág an timpiste BÁC i dteannta mór airgeadúil. Lorg Comhairle na Cathrach £14,076 ar an rialtas. Ní bhfuaireadar é ná a leath. Ach bhí cúrsaí go dona i mBÁC i bhfad sul ar phléasc an púdar. I dtosach na bliana 1597 bhí gorta sa chathair agus bhí daoine ag fáil bháis leis an ocras. Ó 1594 go 1596 bhí na Samhraí an fhliuch agus fuar agus theip ar na barraí. Mhéadaigh ar chostas cruithneachta faoi thrí. Ag cur le cruatan na ndaoine bhí na sluaite saighdiuirí sa chathair i rith an ama agus b’éigin dona daoine lóistín agus bia a sholathar dóibh. Anois gheall an rialtas 12d in aghaidh an l’ as gach saighdiúir ach thógfadh sé a thrí oiread san chun íoch as an mbia féin. Bhíodar an mhall leis an airgead freisin. Fá 1600, bhí 1,200 teaghlach ag feitheamh fós lena gcuid airgid.

Tá tuairisc againn ó dheireadh 1597 á rá go raibh saighdiuirí ag fáil bháis ar thaobh sráideanna gan bia gan deoch gan fothain. "Níl meas madra ar na hainnseoirí bochta," deir sé. Cuid mhaith des na saighdiuirí a bhí ag teach ón gcogadh bhí aicíd éigin orthu, rud a chuir eagla ar mhuintir na cathrach agus ní gan fáth. Tháinig galar marafach ar neart daoine i ndeireadh 1597 agus fuair slua díobh bás. Thug Comhairle na Cathrach faoi ospideál a thógaint ach ni bhfuair siad an t-airgead chuige. B’ "annus horribilis" í 1597.

Fuaireas na fírící thuas ó alt a scríobh Colm Lennon, Dublin’s Great Explosion of 1597, agus cheapas go mbeadh suim agaibh iontu. Dála an scéil, chreid Sasanach mór amháin ag an am gur Dia a bhí taobh thiar den timpiste. Cheap sé go raibh an Fear thuas braon dena hÉireannaigh agus a gcuid peacaí. Ni athraíonn ach na hainmneacha.

PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese