OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai B’Aoibhinn Bheith Beo!

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Murach Conradh na G’ilge ní dóigh liom go mbeinn ag scríobh colún G’ilge do pháipéar i Nua Eabhrac san 21ú haois. Dúirt Máirtín Ó Cadhain nach mbeadh a leithéid de rud agus scríobhnoir G’ilge ann gan an Conradh. Glactar leis go coitianta go raibh lámh nach beag ag an gConradh in Éirí Amach na Cásca agus i stair chultúrtha na tíre ó shin i leith. Agus an méid sin ráite, ní thógfá ar dhuine dá gceapfadh sé go mbeadh mionscrudú déanta ag scoláirí ar an eagraíocht féin agus go mbeadh cruach mhór leabhar le fáil ag cur síos uirthi. Ach mo léan géar ní mar sin atá an scéal ach measaim go bhfuil rudaí ag athrú beagáinín chun feabhais. Cúpla mí ó shin bhronn Traolach Ó Riordáin cóip dá leabhar nua-fhoilsithe orm, "Conradh na G’ilge i gCorcaigh 1894-1910." Leabhar scolártha údarásach atá ann a chlúdaíonn tréimhse chorraitheach chlaochlaitheach i stair Chorcaí. Chuardaigh sé nuachtáin áitiúla Chorcaí ar lorg fáisnéise ar imeachtaí an Chonartha. D’aimsigh sé ór. Tugann sé ‘cuntas ar chrothú eagraíochta cultúrtha, ar shlánú modhanna teagais traidisiúnta agus ar fhorbairt na nuachumadóireachta.’ Fara sin scrúdaíonn sé ‘an ceangal idir an náisiúnachas agus an cultúr sa tréimhse thábhachtach seo.’

Ní rabhas ach tosnaithe ar an leabhar nuair a thug sé chun mo chuimhne píosa breá a scríobh Donncha Ó Cróinín i mbrollach an leabhair "Scéalaíocht Amhlaoibh Í Luínse" ag cur síos ar l’thannta órdha tosaigh an Chonartha i gCorcaigh: "B’aoibhinn bheith beo ag an am," deir sé mar "an litríocht a bhí chomh fada san ar feo sínte, thosnaigh sí ar bheith ag eascar arís. Bhí na páipéir agus na hirisleabhair ag dul i raidhsiúlach: bhí an Claidheamh Solais ann, agus tháinig An Lóchrann agus Banba agus Glór na Ly, agus tuilleadh nach iad. Is beag ná go raibh an tAthair Peadar dulta i seilbh an Cork Weekly Examiner! Agus ní foláir nó bhí na léitheoirí ann mar do bhí ardghlaoch i gCorcaigh i dtosach na haoise ar na páipéir úd. Chuaigh an Connradh i neart, agus bhí borradh agus fás fé obair na G’ilge. Bhí Craobh na Laoi fé bhláth i gCathair Chorcaí, agus níorbh aon radharc neamhchoitianta sa tsaol san scata de lucht rothaíochta a fheiscint ag triall in aghaidh an aird siar, ar thóir gaoithe agus G’ilge in iarthar cnoc. Chuir Coláiste na Mumhan i mBéal Átha an Ghaoraigh, chuir sí rothaí fúthu go léir. Bhí séala canónda na litríochta curthu ag an Athair Peadar ar Ghaoluinn Mhúscr’i, agus dhírigh na scoláirí móra féin ar bheith ag gabháil siar. Thagadh an tAimhirgíneach agus Tomás Ó Rathaile agus Gearóid Ó Murchú agus Dónal Ó Corcora agus Muintir Dhonnachú Charraig na bhFear agus is mó tréimhse shaoire a chaitheadar i mBaile Mhúirne. Ní folamh a bhíodh na leabhair nótaí acu ar a bhfilleadh abhaile dhóibh."

Gabhann an píosa corraíl agus drithleacht na haimsire sin. Cruthaíonn Donncha pictiúr aluinn dúinn. Séard a dhéanann Traolach Ó Ríordáin lena leabhar nua ná fráma a chur ar an bpictiúr sin. Ní de dhroim oíche a tháinig an mhúscailt mheanman seo agus an spéis sa chultúr ar an saol, mar a mhíníonn sé sa chéad chaibidil. Nuair a cuireadh síol an Chonartha i gCorcaigh i 1894 bhí an talamh treafa fuirste ag dreamanna eile ina choinne. Bailíonn brobh beart, deir siad. Chomh fada siar le 1848 bhí ranganna G’ilge á reachtáil i gcathair Chorcaí ag an Desmond Confederate Club, cumann a bunaíodh faoi choimirce na nÉireannach Óg. Bhíodh ranganna G’ilge ar siúl acu dhá uair sa tseachtain. Sé pingine in aghaidh na seachtaine a dhíoladh gach scoláire as na ranganna so. Bhí lámh ag fear darbh ainm John Windele (1801-65) i mbunú an chumainn. Thuill sé cáil mar sheandálaí agus bhíodh sé ag gabháil timpeall ag bailiú clocha oghaim. Táid fós le feiscint san Ollscoil. Fear eile a bhí páirteach sa chumann ab ea Denny Lane. Bheadh páirt aige siúd i mbunú an Chonartha níos déanaí agus bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Staire agus Seandálaíochta Chorcaí, cumann atá go breá bríomhar go dtí an lá tá inniu ann.

Sa bhliain 1876 bunaíodh Cumann Buanchosanta na G’ilge i mBaile Átha Cliath chun an teanga labhartha a shlánú agus chun staidéar a dhéanamh ar an litríocht. Faoi dheireadh na bliana 1877 bhí seacht gcumann i gCont’ Chorcaí ag feidhmiú faoina choimirce. Chuir na cumainn rompu an Ghailge a bheith á múineadh sna scoileanna agus chuireadar duaiseanna ar fáil chun na múinteoirí a spreagadh. "Mar thoradh ar an mbeartas úd tháinig borradh ar líon na n-oidí a raibh teastas acu i múineadh na G’ilge" (lch 20). Dream a thug an-chabhair dona cumainn seo ab ea na sagairt. Agus bhí sagairt áirithe ag saothrú na teanga ina bparóistí féin, an tAthair Peadar Ó Laoire mar shampla. Bhí cumainn eile ann, freisin, a thug lámh chabhartha don ghluaiseacht, cumainn nach gcloistear faic futhu anois ach a bhí fíor-thábhachtach ag an am.

‘Bhí an tsuim sa teanga le feiceáil i gcumainn eile a raibh ranganna G’ilge á múineadh iontu. Ar na heagraíochtaí seo bhí an Young Men’s Society (YMS) agus an Cork National Society a bhí go láidir i gcathair Chorcaí. Cumann Caitliceach ba ea an YMS a bunaíodh i Luimneach chun luachanna morálta na bhfear óg a chosaint. Bunaíodh an chéad chraobh Chorcaíoch in 1853 agus faoi dheireadh an chéid bhí gréasán forleathan de chraobhacha an YMS i mbailte ar fud an chont’. Bhí an eagraíocht sa chathair agus a macasamhail in Eochaill i measc shíntiúsóirí Irisleabhar na G’dhilge nuair a tháinig an foilseachán amach in 1882. Chuir an YMS comaoin mhór ar na Conraitheoirí agus iad ag iarraidh craobhacha a bhunú agus ranganna a thosú.’ (Conradh na G’ilge i gCorcaigh 1894-1910 lch. 23). Sin blas beag den mhianach torthúil atá sa leabhar.

Follow us on social media

Keep up to date with the latest news with The Irish Echo

Rugadh Traolach i Nua Eabhrac agus tá dochtúireacht sa Gh’ilge aige ó Ollscoil na hÉireann, Corcaigh. Beidh ranganna G’ilge ar siúl aige in Ollscoil Montana, Missoula, i mbliana. Ní folamh a bheidh leabhair nótaí Gh’ilgeoirí Montana ag teacht as na ranganna san. Cúpla bliain ó shin chuir sé ranganna ar bun i San Francisco agus ina dhiaidh sin i Nua Eabhrac. Cuireann sé timirí díograiseacha Chonradh na G’ilge i gcuimhne dhom. Bheadh Peadar Ó hAnnracháin ana mhórálach as. Go raibh sruth agus gaoth leat i gcónaí a Thraolaigh!

PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese