Le Barra Ó Donnabháin
Chuir Rialtas Shasana tús leis na scoileanna náisiúnta in Éirinn sa bhliain 1831. Go dtí sin ní raibh ag na Caitlicigh, ó thaobh oideachais de, ach na scoileanna scairte agus na scoláirí bochta. Ba mhór an dul chun cinn é agus faoi 1833 bhí 107,000 scoláire ag freastal ar na scoileanna. Ach bhí fadhb mhór amháin ag baint leo; Níor tugadh aitheantas ar bith don Gh’ilge ina gcurricula. Ní mór duit a mheabhrú anso gur G’ilge amháin a bhí á labhairt ag móramh na tíre ag an am. D’ionsaigh Seán MacÉil, ard-easpag Tuama, an córas nua mar gheall ar a fhrithgh’lachas, mar a thug sé air, ach don chuid is mó bhí formhór na n-eaglaiseach i bhfabhar na scoileanna. Ar ndóigh thosnaigh an Rialtas agus an Eaglais i dteannta a chéile ag cur brú ar thuismitheoirí, Béarlóirí a dhéanamh dá bpáistí. Cuimhníodh ar bhataí scóir mar sheift chun an Gh’ilge a chur síos.
Tá cnúsach scéalta ón mbéaloideas faoi na bataí céanna sa leabhar ‘Féil-Sgríbhinn Eóin Mhic Néill,’ agus is as an alt san formhór na fíricí seo leanas. Is léir ós na cuntaisí go raibh na bataí in úsáid go forleathan agus nárbh ionann an tslí a mbaintí úsáid astu gach áit. Bhraith an córas úsáide go minic ar an múinteoir. "Ar dhúthracht nó mí-dhúthracht an mháistir a bhraitheadh an bata scóir a bheith in úsáid in aon chor, nó gan a bheith, is follus. Ní foláir, ámh, nó tugadh gríosadh údarásach dona máistrí chun feidhm a bhaint as mar ghléas, agus chabhraigh an mhuintir sa bhaile le droch-intinn na scoile a chur chun cinn mar is mar sin a bhí roth ag casadh san am san" ‘Bataí Scóir’ le Seán Ó Súilleabháin. Cloisim daoine go minic a rá nach raibh dlí ar bith i gcoinne na G’ilge i bhfeidhm sna scoileanna náisiúnta. Fastaím!
In áiteanna bhíodh bata scóir dá chuid féin á chaitheamh ag gach scoláire. Bata beag sé órlach nó mar sin a bhíodh ar córda timpeall a mhuinéil ag gach duine acu. Bhídís á gcaitheamh acu nuair a théidís abhaile agus dá gcloisfí iad ag labhairt aon fhocal G’ilge sa bhaile chuirfeadh a dtuismitheoirí eang sa bhata le scian; agus na tuismitheoirí seo gan focal Béalra acu féin go minic. Seo mar a chuir Mícheál Mac Énrí ó Mhuigheó síos orthu: "Cuirtí poll i bpíosa nó i mbloc beag adhmaid agus cuirtí sreangán tríd le ceangal thart faoi mhuinéal gach páiste agus dá gcluintí an páiste sin ag labhairt focal G’ilge sa mbaile, nó ag dul ar scoil, tháinig le duine ar bith eang a ghearradh san mbloc in aghaidh gach uair a labhraíodh an Gh’ilge agus lá ar na márach thabharfadh an máistir scoile leadóg do gach aon pháiste in aghaidh gach gearradh dá raibh san mbata."
"Cipín scóir a bhí ar na rudaí seo nuair ba ghnáth leo bheith san áit seo. Bhí siad ag an máistir agus nuair a chluineadh sé dalta ag labhairt G’ilge ar dtús, chrochfadh sé an cipín scoir fá mhuinéal an dalta. Nuair a chluinfeadh an máistir an dalta ag labhairt G’ilge an dara huair ghearrfadh sé eang sa chipín agus lena chois seo gheobhadh an dalta buille amháin. De réir mar a bhí na heangaí ag méadú bhí na buillí ag méadú. Ní dheachaidh an cipín thart ó dhalta go dalta ach bhí cipín le fáil ag dalta ar bith a raibh G’ilge le cluinstin aige nó aici," Pádraig Mac Ailin, O.S., Árd Leathan, An Clochan, Tí Chonaill.
Bhíodh an ‘capall bán’ nó an ‘signum’ ag imeacht in áiteann freisin. Bhíodh an ‘signum’ in úsáid dhá chéad bliain roimis sin ar Mhór-Roinn na hEorpa nuair a bhítheas ag iarraidh Laidin a chur á labhairt sna scoileanna eaglasta. Dá mbéarfaí ar scoláire ag labhairt aon teanga ach Laidin chuirfí slat ar chórda nó bráisléad timpeall a mhuinéil. Tugtaí signum ar an rud seo. Bhíodh an ‘signum’ ag an duine san go dtí go gcloisfeadh sé scoláire eile ag labhairt na teanga neamhcheadaithe. Ó am go ham ghlaofadh an máistir amach, "Cé aige a bhfuil an signum?" Gheobhadh an scoláire bocht, a mbeadh sé aige, léasadh.
Sign up to The Irish Echo Newsletter
"Nuair a bhíos-sa ag dul ar scoil bhíodh an ‘signum’ nó an capall bán á thabhairt amach d’éinne a labharfadh focal G’ilge. Pé duine go mbeadh an capall bán aige ag deireadh an l’, gheobhadh sé trí shleap chrua. Bhí sé lá ag buachaill gurb ainm dó Dónall Ó Conaill agus chuamar abhaile agus d’itheamar ár ndinnéar. Bhí sé ina chomharsa béil dorais agam. D’éiríos amach agus fuaireas ba Uí Chonaill ar ár gcuid talún agus dúrt leis i mBéarla dul agus na ba a chasadh. D’fhiafraigh sé díom cá rabhadar agus dúrt leis go rabhadar sa Leath-Ghleann. D’fhógair sé dhom in árd a chinn is a ghutha an capall bán. "Cad chuige go dtabharfá an capall bán domhsa, nó cad é an chúis atá agat orm?" arsa mise. "Nár labhrais G’ilge?" ar seisean." "Níor labhras, agus ní thógfad an capall bán," arsa mise.
An mhaidin dar gcionn dúirt Ó Connaill leis an máistir gur labhair mise G’ilge ach nách dtógfainn an capall bán uaidh. "Níor labhras," dúrt-sa, "ach gur fhógraíos dó na ba a chur as an ngort gurb ainm dó an Leath-Ghleann, agus ní fhéadfainn aon Bhéarla a chuir ar an Leath-Ghleann." Ach d’fhreagair Ó Conaill go bhféadfainn ‘Half-Glen’ a thabhairt air.
"Seadh, ní bhead-sa dian ort," dúirt an máistir, "ach is leat-sa an capall bán agus tabhair do dhuine éigin eile é." Ní fada a bhí sé agam-sa. Timpeall is ceathrú míle ón scoil, thaobhaíos suas le buachaill de Mhuintir Churráin, agus bhíos ag priocadh is ag giobadh air go dtí gur dhírigh sé ar bheith ag labhairt G’ilge agus ag eascainí. D’fhógraíos dó an capall bán. Ruainne de chipín agus poll ina lár ab ea an capall bán so, agus nuair a chuaigh Ó Corráin ar scoil amárach fiafraíodh de cad é an chúis a bhí air chun an capall bán fháil, agus dúirt sé go raibh sé ag eascainní agus ag labhairt G’ilge agus má bhíodar san mar dhá chúis id’ choinnibh gheobhfá trí shleap." Pádraig Mac Gearailt, Cill an Ghoirtín, Uíbh Ráthach. Anois nárbh iontach an tseift í, daoine óga saonta a chur ag troid lena chéile. Go dtí an tseachtain seo chugainn, go dté sibh slán!
PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.
An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.