OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Brú na Bóinne

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Díreach lastoir de Bhaile Shláine i gCo. na Mí tá lúb sa Bhóinn. Istigh sa leathchiorcal talún seo, atá tuairim is dhá mhíle ar fhaid, tá roinnt desna séadchomharthaí is ársa ar domhan. Tá suas le dachad dumha sa cheantar. Is reilig mhór é dáiríre. Tuamaí pasáiste atá sna na dumhaí seo agus deir na seandálaithe go mbaineann siad leis an Aois Neoiliteach. Thug na Seana-Gh’il Brú na Bóinne ar an gceantar leathchiorcalach seo. Tá cáil ar trí cinn desna dumhaí — Sí an Bhrú, Cnobha agus Dubhadh, nó i mBéarla briste — Newgrange, Knowth agus Dowth. Toisc an oiread san de cháil a bheith ar Shí an Bhrú nó Newgrange seachas na cinn eile, go minic tugtar Brú na Bóinne ar an áit sin amháin. Bhí dhá bhrí le ‘brú’ sa tsean-Gh’ilge, áit chónaithe agus limistéar.

Agus cá bhfuaireadar an t-ainm Newgrange? Timpeall na bliana 1800, scríobh fear dárbh ainm Charles Vallancey píosa faoi Newgrange. Cheap sé go dtáinig an t-ainm Newgrange ósna focail Gh’ilge ‘Grian-úaig.’ Dob ionann ‘úaig’ agus ‘uaimh’ sa tsean Gh’ilge. Bhí dul amú air. Ba iad na Cistéirsigh i Mainistir Mellifont a bhronn Newgrange ar an áit. Bunaíodh an mhainistir in 1142. Gheibheadh na manaigh deontais talún ó am go ham agus ba ghnáth leo ‘granges’ a thabhairt ar na ‘feirmeacha’ nua seo. Fuaireadar píosa talún sa Bhrú uair éigin sna meán aoiseanna agus thugadar an ‘Newgrange’ air. Is mar sin a fuair Newgrange a ainm. Treasna na habhann ó Newgrange tá áit ar a dtugtar fós Roughgrange agus taobh leis tá Sheepgrange. Is bailte fearainn iad go léir. Mar sin níl aon bhonn stairiúil le "Uaimh na Gréine" mar shean ainm ar Newgrange.

Sa bhliain 1539 choigistigh Henry VIII Mellifont agus a cuid tailte. Faoi 1699 bhí Brú na Bóinne i seilbh duine darbh ainm Charles Cambell. Mhúscail an fear seo suim arís sa Bhrú. Is amhlaidh a chuir sé meitheall fear, lá, ag bailiú clocha chun tógála. Amach leo go Sí an Bhrú agus de thimpiste nochtadar doras an tSí. Bhí Cambell an tógtha leis an ndumha agus chuir sé fios ar an scoláire Edward Lhuyd. Tháinig saineolaithe i ndiaidh saineolaithe ach níor thuigeadar tábhacht na fionachtana. Cheapadar i dtosach gurbh iad na Lochlannaigh a thóg an dumha. Céad bliain níos déanaí thuigh George Petrie cé chomh tábhachtach is a bhí Sí an Bhrú ach níor tugadh aon aird air. Scríobh an t-ársaitheoir William Wilde, athair Oscair, leabhar taistil faoi abhainn na Bóinne agus tharraing sé aird rómánsach ar na dumhaí. Ar feadh na mblianta chuir fo-sheandálaí suim sa tSí ach níor thárla aon rud gur fiú trácht air go dtí 1961. Sa bhliain sin cheannaigh Rialtas na hÉireann Sí an Bhrú agus an talamh mór thimpeall air ón úinéir, feirmeoir darbh ainm Delaney. Go gairid ina dhiaidh sin thosaigh an tOllamh M.J Ó Kelly ó Coláiste na hOllscoile Chorcaí ag tochailt is ag athchóiriú an dumha. Chríochnaigh sé an tionscadal in 1975. Rinne sé obair éachtach.

Bhain sé úsáid as carbóntréimhsiú chun teacht ar aois an fhoirgnimh — breis is 5000 bliain. Chruthaigh sé go raibh Sí an Bhrú ailínithe le Grianstad an Gheimhridh. Ait le rá bhí an scéal sa bhéaloideas — go dtéadh gathanna na gréine isteach sa tuama uair sa bhliain — ach níor chreid éinne é gur chruthaigh Kelly arís é. De réir Kelly thug an dream neoiliteach breis is míle bliain sa Bhrú agus ansan timpeall 2000 rc tháinig Muintir na nEascraí nó na ‘Beaker People’ agus lonnaíodar ann. D’fhágadar siúd eascraí agus déantáin bhreochloiche ina ndiaidh. Ansan tháinig na G’il.

Nuair a chonaiceadar an Brú thoghadar mar áit chónaithe dá ndéithe é. Fuarathas boinn Rómánacha a théann siar go 400 AD, sa tochaltán. Fágadh mar thoirbhirtí iad de réir dealraimh. Chónaigh cuid de rithe na nGael sa Bhrú sna meán aoiseanna. D’fhág gach dream nua a rian féin ina ndiaidh —- Na Lochlannaigh , Na Normhánaigh agus na Sasannaigh. Aon duine a bhfuil suim aige sa seandálaíocht ba chóir dó an leabhar a scríobh Ó Kelly ag cur síos ar a thionscadal amhra a léamh — "Newgrange: Arch’ology, Art and Legend." Agus tú in Éirinn arís tabhair cuairt ar Ionad Cuairteora Bhrú na Bóinne.

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

Tá Brú na Bóinne ar cheann desna príomhláithreacha seandálaíochta ar domhan agus tá Sí an Bhrú ar cheann desna foirgnimh is sine a bhfuil a dhíon féin fós slán ós a chionn. Tógadh é 600 bliain roimh Pirimid Giza agus 1200 bliain roimh Stonehenge agus 3000 bliain roimh Falla Mór na Síne. Chun an scéal a chur i gcomhthéacs ní mór duit a mheabhrú freisin gur tógadh an séadchomhartha ársa seo tuairim is 2500 bliain sul ar tháinig na G’il go hÉirinn.

Bhí draíocht ag baint riamh leis na dumhaí rúndiamhracha agus tá fós. Bhíodh sé de chumhacht ag na séadchomharthaí neamhchoitianta seo go samhlaítí Brú na Bóinne ina áit chónaithe ag déithe agus ag lucht sí. De bharr thábhacht shamhaltach an Bhrú, tá iomrá air i miotais, i bhfinscéalta, sa bhéaloideas agus sa tseanchas agus tá carn mór litríochta ann a bhfuil ceangal aige leis an áit bheannaithe seo. I scéal ón naoú haois titeann an Daghdha i ngrá le Bóinn, bean Elcmair — ón mBrú. Thug an Daghdha teachtaireacht éigin le déanamh dó agus fhaid a bhí sé as baile bhí an Daghdha agus Bóinn le chéile sa Bhrú. As an dteangmháil seo saolaíodh Aonghus. Fuair seisean seilbh ar an mBrú níos déanaí. Bhí baint ag Cú Chulainn, Fionn Mac Cumhaill, Diarmaid agus Gráinne agus Naomh Pádraig féin leis an mBrú. Fitear finscéalta agus stair ina chéile sna scéalta seo.

I mBrú na Bóinne a chuirtí rithe Teamhrach de réir na scéalta. Cuireadh duine amháin acu, ámh, ar an dtaobh eile den abhainn. Sul a bhfuair Cormac Mac Airt bás d’iarr sé ar na draoithe é a chur i Ros na Rí. Anois mar gheall ar gur chreid Cormac i nDia na Chríostaíochta ní rabhadar chun rud a dhéanamh air. Nuair a fuair sé bás rugadar an corp leo i dtreó an Bhrú. Nuair a bhíodar ag dul treasna na Bóinne leis an gcorp sciob an sruth chun siúil é uathu agus chaith in airde ar an dtrá i Ros na Rí é. Cuireadh ansan é. É mo scél!

Dumha = mound. Séadchomhartha = monument. Déantáin bhreochloiche = flint artifacts. Tochaltán = excavation. Toirbhirt = offering. Coigistigh = confiscate. Carbóntréimhsiú = carbon dating.

PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese