OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai: Brian na Banban. (1882-1963)

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Ar na leabhair a luaigh mé san alt, an tseachtain seo caite, bhí "Songs of 1798," le Seán Ó Brádaigh. Sa réamhrá tiomnaíonn Seán an leabhar "do chuimhne Bhriain Uí Uiginn – Brian na Banban – múinteoir, scríbhneoir, file, staraí agus saighdiúir i gcúis na hÉireann." Cheapas gur cheart píosa beag a scríobh faoi Bhrian don tseachtain seo.

Nuair a bhíos óg is beag má bhí éinne in Éirinn nách raibh ainm Bhriain ar eolas aige – a chuid chártaí Nollag is mó ab’ ábhar le sin. Scríobhas alt cheana faoi na cártaí agus conas mar a chuir Brian tús leis an ngnó san i 1925. Scríobh sé na mílte rann dona cártaí céanna idir Bhéarla agus Gh’ilge.

Ach taobh amuigh dena cártaí thuill sé cáil dó féin de bharr na n-amhrán agus de bharr na hoibre a rinne sé ar son na teanga agus na tíre. Gheobhair cur síos ar Bhrian i The Life and Times of Brian Ó Higgins le Pádraig Ó Tuile nó achoimre chruinn ar a shaol i Beathaisnéis a Trí 1882-1982 le Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. (Muna bhfuil na Beathaisnéisí agat faigh iad mar is leabhair thagartha fhíor-úsáideacha iad agus fara sin, i bhfocail Philip Uí Laoire is pictiúr ilchodach den athbheochan iad).

Rugadh Brian ar an 1 Iúil 1882, i gCill Scíre, Co. na Mí, mar a raibh feirm bheag ag a athair. Bhí suim aige sa scríobhneoireacht óna óige agus d’ fhoilsigh an Meath Chronicle roinnt véarsaí uaidh go luath ina shaol. Cé gur theastaigh uaidh bheith ina iriseoir b’éigin dó dul le printíseach i siopa grós’ra. Chaith sé tamall de bhlianta ansin. I 1901 thug sé a aghaidh ar Bhaile Átha Cliath. Chaith sé blianta fada ag obair mar chúntóir i dtithe tabhairne sa chathair. Ach níor chuir an obair isteach ar a chíocras chun léinn agus ba ghearr go raibh sé ina bhall de Chraobh Eoghain Uí Ghramhna de Chonradh na G’ilge.

De chinniúint casadh Art Ó Griofa air agus go gairid ina dhiaidh sin thosuigh sé ag scríobh don United Irishmen. Bhí fadhbanna aige lena shláinte ar feadh tamaill agus b’éigin dó dul abhaile. I 1905 agus 1906 d’fhreastal sé ar chúrsaí i gColáiste Múinteoireachta na Mumhan agus bhain sé teastas múinteora amach dó féin. Chaith sé trí bliana ina thimire don Chonradh.

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

Chuaigh sé leis na hÓglaigh i 1913 agus throid sé san Éirí Amach i 1916. Chaith sé cúpla bliain i bpriosún agus toghadh é in olltoghchán 1918 mar theachtaire ó Iarthar Chláir ach bhí sé fós i ngéibheann nuair a tionóladh an Chéad Dáil. Bhí sé ina bhall den Dara Dáil agus d’fhan sé le Sinn Féin nuair a bunaíodh Fianna Fáil i 1926. Chaill sé an suíochán i 1926 agus chreid sé gurbh é Dev ba chúis leis. Níor mhaith sé riamh dó é.

Nuair a bhíos ag freastal ar an Scoil Náisiúnta fadó bhí múinteoir agam a bhí an tugtha do scéalta agus bhí leabhar de chuid Bhriain aige – Scéalta na Maighdine Muire. Bhí scéal amháin sa leabhar ar chuireas ana spéis ann ag an am. Chaitheas blianta ag lorg cóip den leabhar. Bhuel thángas ar chóip le déanaí agus críochnód leis an scéilín spéisiúil sin. (Na focail idir lúibíní is le Brian iad.)

Maidin amháin, breis is cúig céad bliain ó shoin bhí iascaire ina sheasamh ar an dtrá in Eochaill, Co. Chorcaí. Chonaic sé píosa mór adhmaid ag teach isteach ar bharr na taoide. Chuir sé scairt ar a gcáirde agus thugadar faoin lomán brea saile a bhreith leo. Theip glan orthu agus ba ghearr gur ghoid an fharraige an t-adhmad ar ais uathu. Thug an taoide leis é chuig mainistir de Órd San Dominic láimh le hEochaill.

Chonaic manach an crann agus ghlaoigh sé ar cúpla manach eile agus rugadar leo an lomán go talamh gan stró ar bith. D’ardaíodar leo as san é agus d’fhágadar ina luí é ar an dtalamh in aice doras an tséipéil. "Thuit báisteach i rith na hoíche agus líonadh poll a bhí ins an admad. Maidin amáireach bhí fear dall ag dull isteach chun aifrinn Dé agus nuair a bhí an tslí á lorg aige chuir sé a lámh isteach sa pholl. Shaoil an fear bocht gur uisce coisreactha a bhí aige agus bhain sé comhartha na Croise dhe féin agus chaith sé cuid den uisce ar a shúile, mar ba ghnáth leis. Ar an nóiméid cad a tharla? Fuair sé radharc na súl arís, agus thosnuigh sé ar an scéal iontach a innsint do gach éinne a bhí i láthair, ag tabhairt buíochais ós ard do Dhia na Glóire."

Tháinig an tAbb agus scrúdaigh sé an poll. Fuair sé tua agus scoilt sé an t-adhmad. Cad a bhí istigh ann ach íomhá den Mhaighdin Mhuire agus an Leanbh Naofa. Gan dabht ba scrín de shaghas éigin a bhí ann i dtosach, sa bhFrainc b’fhéidir, nó gur fhás an crann timpeall uirthi. Seans gur leag stoirm an crann agus gur rug an sruth leis go hÉirinn é. Is ag Dia amháin tá fhios.

"Fuarthas freagra ar an oiread san achainí san eaglais sin gur tugadh Scrín Muire na nGrást ar an áit inar cuireadh suas an íomhá. Cailleadh an íomhá ar feadh tamaill ach fuarthas arís í agus tá sí fé láthair in Eaglais San Dominic i gCorcaigh." (Tá cara liom i gCorcaigh faoi láthair ag iarraidh a fháil amach cá bhfuil an íomhá anois má tá sí fós in aon chor ann.)

PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

The 26th Annual Feis of the Nassau County Board of the AOH will be held at Hempstead Harbor Beach Park, West Shore Road, Port Washington, NY on Sept 20th starting at 9am. Beginning at 1pm there will be competitions in Irish Language. Anyone interested in these competitions may call Joe Halligan at 516-935-2642.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese