OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Chonaiceas Uaigh Oscailte Romham

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Ní raibh deireadh fós leis an gCogadh Cathartha nuair a d’éirigh bruíon idir na Poblachtaigh Radacha agus Abe Lincoln. Níor thaithn an scéim iarchogaidh, a bhí beartaithe ag Abe, leo. Chreideadar go raibh Abe ag gabháil a bheith ró-bhog ar fad ar na réabhlóidithe. Bhí sé de mhí-ádh ar Abe go raibh an poblachtach radacach ba mhó orthu, Edward M. Stanton, ina Rúnaí Cogaidh aige ina Chaibinéad. Tá gach dealramh ar an scéal go raibh Stanton ag súil go mbeadh sé ina shaghas deachtóra sa Deisceart. Ach ba dhuine gasta grámhar plámásach é Lincoln a raibh meas ag daoine air agus iontaoibh ag fiú muintir an deiscirt as agus bhí sé in ann na Poblachtaigh a láimhseáil.

Nuair a feallmharaíodh Lincoln rinneadh Uachtarán den Leas-Uachtarán Andrew Johnson, ó Tennessee. Malairt Lincoln a bhí ann – é dúr, tostach, neamhbhalbh. B’é an t-aon Ionadaí ón Deisceart é a d’fhan dílis nuair a scar a stát ón Aontacht. B’fhuath leis na radacha Johnson mar ba dheisceartach é agus de bharr gur chinn sé ar scéimeanna Lincoln a chur chun críche. Nuair a thug sé bata agus bóthar do Stanton i gcoinne tola na Comhdhála agus i gcoinne an Tenure of Office Act, bhí an lasóg sa bharrach. Ní rabhadar chun masla den tsort sin a ligint in aisce leis. Ba rud poilitiúil é ó thosach.

Bhí móramh dhá dtrian ag na poblachtaigh radacha sa Seanad agus cé gur úsáid an tUachtarán a chumhacht chroise go mion minic chuir an móramh an chumhacht sin ar ceal. Ach anois is arís d’éireodh le Johnson bac a chur orthu nuair a thaobhódh duine dena radacha leis. Ba dhuine den tsort sin Jim Lane as Kansas. D’ionsaigh na Radacha é agus bhíodar chomh dian san air gur mhairigh sé é féin ar an gcéad lá de Iúl 1866. Toghadh Edmund G. Ross mar sheanadóir ina áit. Bhí leo anois. Bhí na vótaí acu sa tSeanad chun Johnson a chiontú dá ndéanfadh Teach na nIonadaithe táinseamh air.

Nuair a dhéantar táinseamh ar dhuine cuirtear coireanna ina leith. D’aistríos an píosa sa bhunreacht a bhaineann leis. Ag seo Alt 2, Cuid 4 den Bhunreacht: Ruaigfear an tUachtarán, an Leas Uachtarán agus Oifigigh Shiabhialta an rialtais as oifig, má dhéantar táinseamh orthu agus má fhaightear ciontach iad i dTréas, Breabaireacht, nó Coireanna agus Oilghníomhartha móra eile. In Alt 1, Cuid 3, tá cur síos ar an tslí cheart leis an dlí thuas a chur i bfeidhm. Is ag Teach na nIonadaithe atá cumhacht táinsimh. Ní mór don Coiste Dlithiúil ar dtús teacht ar chomhréiteach i dtaobh altanna táinsimh. Ansan caitheann na hIonadaithe a gcuid vótaí ar son nó i gcoinne táinsimh. Ní gá ach móramh chun táinseamh a dhéanamh. Téann an chúis ansan go dtí an Seanad. Ní mór dhá dtrian dena vótaí sa tSeanad chun duine a chiontú. I gcás an Uachtaráin is é an Príomh Bhreitheamh a bhíonn sa chathaoir. Níl de chumhacht ag an Seanad ach duine a dhíbirt as a phost.

Rinne na hIonadaithe táinseamh air Mí Feabhra, 1868. Cuireadh an chúis go dtí an Seanad. Ní raibh ach 27 Stát san Aontacht – bhí na cinn eile fós scartha – agus mar sin 54 Seanadóir. Ní raibh uathu ach 36 vóta chun Johnson a chiontú. Ach bhíodar amharasach faoi Ross de bharr ruadaí a dúirt sé lena cháirde. Thriaileadar bagairtí agus plámás. "Tá carn airgid ann dó," arsa Ben Butler, "cad tá ón mbithiúnach bradach?" Thairg páipéar $20,000 do dheartháir Ross, ach insint dóibh cad a bhí ar aigne aige. D’fhan sé ina thost. Thosnaigh an triail ar an 16 Bealtaine, gan fhios ag éinne ach aige fhéin conas a vótálfadh sé.

Follow us on social media

Keep up to date with the latest news with The Irish Echo

Thit ciúnas ósnádura ar a raibh i láthair i dTeach an tSeanaid nuair a tháinig an Príomh-Bhreitheamh fhaid leis an Seanadóir Edmund Ross. "Cad deir tú, a Sheanadóir, an bhfuil Andrew Johnson ciontach nó neamhchiontach sna coireanna a luaitear san alt táinsimh? "Neamhchiontach," arsa an tUasal Ross go hard. Leis an vóta sin sábháladh uachtaránacht Andrew Johnson agus neamhspleáchas na hoifige féin. Chuir iriseoir an cheist seo ar Ross blianta ina dhiaidh sin; "cad air a rabhais ag smaoineamh agus tú ag vótáil?" "Chonaiceas uaigh oscailte romham agus shiúlas isteach inti," ar sé.

I mBealtaine na bliana 1868 a thárla an eachtra so ach tá ceacht ann don lá inniu. Taispeanann sé cé chomh deachair is atá sé, Uachtarán a ruaigeadh as oifig fiú nuair a bhíonn na vótaí in ainm is a bheith ag údair an táinsimh. I ndeireadh an l’ ní raibh na vótaí ag na poblachtaigh 130 bliain ó shoin agus ní bheadh inniú dá ragadh cúis Clinton chomh fada leis an Seanad. Ní mor a mheabhrú freisin go raibh formhór an phobail i gcoinne an Uachtaráin ag an am cé nách raibh pobalbhreitheanna chomh tabhachtach is atáid inniu. Dála an scéil, chríochnaigh Johnson a thréimhse sa Teach Bán cé nách raibh sé in ann mórán a chur chun críche. Cúpla bliain ina dhiaidh sin chuir muintir Tennessee a mac ionúin ar ais go Washington — mar Sheanadóir. Ní fheadar a’ mbeidh Seanadóir darb ainm Bill Clinton againn amach anseo.

Agus Ross bocht — níor lean rath ná séan é. Taréis a théarma a chaitheamh i Washington ina aonarán, mar ná labhródh éinne leis, chuaidh sé ar ais go Kansas. Má bhí rudaí go dona i Washington bhíodar seacht n-uaire níos measa sa bhaile. B’éigin dó bailiú leis go New Mexico. D’éirigh go maith leis ansan agus sul a bhfuair sé bás bhí se de shólas aige go bhfuair sé ard-mholadh as a chrógacht ó mhóramh na na ndaoine céanna a mhaslaigh é blianta roimis sin. Nách ait an t-ainmhí an poiliteoir?

PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8 a.m., an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8 a.m.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese