OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Chugaibh An Púca

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Ní minic anois a chloistear caint ar an bpúca. Scoláirí is mó a bhíonn á phlé. Go bhfios dom ní fhacathas púca in Éirinn le deich mbliana feichead anuas. Ní fheadar cén fáth. Ar ndóigh ní bhíonn daoine ag siúl ná ag rothaíocht amuigh faoin dtuaidh ist oíche mar a bhídís. Bíonn gluaisteán faoina a dtóin acu go léir na l’thanta so. Ní fheadar a’ bhféadfadh púca coimeád suas leo siúd, fiú dá mba mhian leis é. Seans leis go scanraíonn na soilse an t-ainmhí bocht agus go bhfanann sé istigh ina pholl i bhfad ó shoilse agus rí rá an tsaoil. Creideann mo chara Séamas gurbh amhlaidh a mhairigh DDT é. Aon rud a dh’fhéadfadh an ruaig a chur ar na dreancaidí, deir sé, d’fhéadfadh sé púca a mharú. Deir daoine eile gur chuir an TV deireadh lena ré.

Chonaic mo shean athair púca oíche fhuar fhliuch dhorca agus é ag teacht abhaile ón Léim sna fichidí. Ba ghnáth rud ag an am é. Chualas an scéal uaidh go minic. Ag siúl a bhí sé agus bhí sé chomh dubh le pic. Ní raibh aon solas aige ach an solas a bhí le feiscint ag teacht ón gcorr-thigh le hais an bhóthair. Bhí go maith gur chas sé suas Bóthar an Chairéil. Bhí an smior reoite ina chnámha fán am seo. Bhí tigh ar an gcroisire agus rith sé leis bualadh isteach ann, ach ní raibh ach leath mhíle le dul aige agus bheadh Mary Ann ag súil leis. Bhí bata draighin ina láimh aige agus bhí sé ag braith roimhe chomh maith agus ab fhéidir leis. Bhí cúpla céad slat siúlta aige nuair a stop sé go tobann. Bhí poll mór ar thaobh an bhóthair go dtugaidís Poll a’ Ghabhair air agus bhí droch ainm ar an áit riamh.

Chonaic sé mar a bheadh solas ag teacht amach as an bpoll. Ansan léim madra mór dubh a raibh saghas solais timpeall air amach i lár an bhóthair. Agus mo shean athair ag iarraidh éalú uaidh shleamhnaigh sé agus thit ar fhleasc a dhroma isteach sa díog. Nuair a d’éirigh sé bhí an madra ag glinniúint air lena shúile móra dearga. Ait le rá ní raibh aon eagla air roimh an madra anois. D’iontaigh an madra ar a shála agus thug sé an bóthar ó thuaidh air féin. Lean mo shean athair é go dtí an bóthairín suas chun a’ tí. Chomh tobann is a thaibhsigh an madra scinn sé as radharc. Púca a bhí ann de réir mo shean athar, á threorú abhaile. Speabhraidí a bhí air ó bheith ag taoscadh na dí ró-dhian dar le Mary Ann.

Neach mioscaiseach gan bheith mailíseach a bhíodh sa phúca in Iarthar Chorcaí. Bligeard ceart ab ea é mar go gcacadh sé ar na sméara um Shamhain. Thagadh sé i gcruth capaill, asail nó madra nó fiú i riocht duine. Bhíod sé dubh i gcónaí. De ghnáth dhéanfadh an púca capall de fhéin nuair a thiocfadh sé ar dhuine a bheadh ina aonar in áit iargúlta. Chuirfeadh sé a cheann idir dhá chois an duine agus as go bhách leis ar fuaid an cheantair. Cuirfeadh sé sceon sa bhfear bocht sul a bhfágfadh sé ar ais san áit ina bhfuair sé é. Deirim-se, fear, mar níor chualas go dtárla a leithéid riamh d’bhean. Bhíodar san ró-chiallmhar le bheith amuigh ist oíche.

Má tá suim agat sna Púcaí ceannaigh an leabhar brea "Chugat an Púca" le Deasún Breathnach. Tá cur síos cuimsitheach ansin ar stair agus ghinealach an phúca. Ní neach Éireannach é mar a chruthaigh Marstrander. Ó Shasana a tháinig sé go hÉirinn — agus déarfain gurbh é an neach ba shibhialta dá dtáinig riamh chugainn ón áit chéanna. Seans go dtéann an púca siar go Pan, Gabhar Dia na Gréige. Bhíodh sé de nós aige siúd sceon a chur i ndaoine in áiteanna iargúlta agus is uaidh a thagann an focal Béalra "panic." Dála an scéil nuair a úsáidtí púca san iolra – púcaí — ba shióga nó taibhsí a bhíodh i gceist acu.

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

Níorbh é mo shean athair an t-aon duine a fuair cabhair ó phúca. Tá scéal ag Seán Ó Conaill an fear uasal sin ó Uíbh Ráthach. Baineann sé le fear a bhí ag teacht abhaile déanach. Bhí coiréal ar thaobh an bhóthair a raibh poll mór ann. Nuair a bhí sé ag dul thar an bpoll ghlaoigh duine éigin air. "Do bhain se ana phreab as, mar bhí sé ana dhéanach san oíche. Do labhair a’duine leis istigh sa pholl agus dúirt sé leis teacht isteach go fóill ina theannta." "Agus ní baol duit!" adúirt sé. "Ach do tháinig sé isteach." "Mise a’ Púca" ar seisean. "Agus tá trí dream den tSlua ‘rach anois ag teacht, agus do bheidís id’ choinnibh," adúirt sé," "agus ní fheadaraís cad a dhéanfaidís leat." "Ba ghairid a bhí an fear sa pholl nuair a ghabh an chéad dream thart, agus an tarna dream ina dhiaidh sin, agus an triú dream ansan i ndiaidh a chéile."

"Bí amuigh anois," arsan Púca, "agus imigh leat abhaile, agus ní baol duit go lá arís," adúirt sé. "Dá mbeifeá rómpa súd ar an mbóthar, b’fhéidir go mbeifeá sa tslí ar dhuine éigint acu, agus ní fhearadaís cad a dhéanfaidís leat!" Níorbh aon dóichín é an púca.

Níor chreid mo sheana mháthair Mary Ann sna púcaí go lá a báis. D’aimsíos scéal fúthu san Ireland’s Own agus thaispeáineas di é. Níor bhog sí. "Ó a leana," ar sí, "aon uair a chastar duine ort a chonaic púca, bí deimhin de gur meisceoir é." Tá súil agam gur mhaith an púca dí an míchreideamh. Athbhliain fé mhaise dhaoibh.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese