Le Séamas Ó Cualáin
Ag tús na bliana 1908 tháinig Tommy Burns, gaiscíoch trom-mheáchan an domhain, anall ó Mheiriceá go hÉirinn agus é ar a chamchuairt timpeall na cruinne. Ba mhian leis freisin an chraobh a bhuaigh sé cúpla bliain roimhe sin a chosaint le linn a thurais. Tar éis tamaill socraíodh troid i gcomhair chraobh an domhain idir Tommy agus Jem Roche, curadh trom-mheáchan na hÉireann, agus roghnaíodh an Theatre Royal i mBaile Átha Cliath mar láthair an chomhraic ar Oíche Fhéile Pádraig 1908.
Ba as Ceanada ó dhúchas do Tommy Burns agus bhuaigh sé craobh an domhain i Los Angeles i bhFeabhra 1906 nuair a bhuail sé Marvin Hart ar phointí i dtroid a mhair fiche babhta. In imeacht na bliana 1907 chlóigh sé Jack O’Brien, Bill Squires (faoi dhó), Gunner Moir (curadh Shasana), Jack Palmer, Jewey Smith agus Bill Long agus bhuaigh sé bunáite na dtroideanna le buillí scoir (k.o’s). Ach ní miste a lua gur fhan sé glan ar an dornálaí cumasach Jack Johnson.
Seacht mbliana fichead a bhí Tommy ag an am agus é i mbláth a nirt is a mhaitheasa. Ní raibh sé ach cúig troithe is seacht n-orlaí go leith ar airde agus deirtear gurbh é an gaiscíach trom-mheáchain ba lú riamh é a thug an chraobh leis. Mheáigh sé trí chloch déag is trí phunt.
Fathach fir as Loch Gorman: Ní raibh aon dornálaí i gCriocha Fáil ó aimsir Dan Donnelly a raibh an oiread measa air is a bhí ar Jem Roche as Loch Gorman. Den ocht gcomhrac déag is fiche a throid sé bhuaigh sé deich gcinn fhichead agua a bhformhór sin le criogbhuillí (k.o’s). Chuir easna Cleachtaidh as go mór dó. Ba mhinic nár throid sé ar feadh sé mhí agus sin tréimhse an-fhada do aon trodaí. Rinneadh iarrachtaí comórtas a eagrú idir é féin agus Gunner Moir ach dhiúltaigh an Sasanach casadh leis. Chomh maith le bheith ina dhea-dhornálaí ba thogha peileadóra agus iománaí a bhí i Jem freisin. Faoin am seo bhí sé naoi mbliana fichead d’aois agus é sé troithe is seacht n-orlaí ar airde, rud a d’fhág aon orlach déag go leith d’fharasbarr aige ar a chéile comhraic. Mheáigh sé dhá chloch déag agus naoi bpunt; b’shin ocht bpunt níos éadroime ná Tommy Burns.
Ach bhí Jem chomh ramhar le rón agus ba chuma cé chomh dian is a thr’náil sé níor tháinig laghdú ar bith ar a bholg mór! Go deimhin tráchtadh ar feadh i bhfad ar an sreangscéal a chuir tr’nálaí Jem chuig an bpáipéar nuachta tráthnóna, "The Evening Mail," go gairid roimh an dtroid. Trí fhocal a bhí sa sreangscéal: "Fatter but fitter!" Ba leor sin mar thuairisc ar an Éireannach.
Sign up to The Irish Echo Newsletter
Fáilte Chroíúil: Leath cáil na troda idir an tÉireannach agus an Meiriceánach sa bhaile is thar lear. Bhí lucht leanúna Jem bainte amach i gceart agus iad ag tnúth go géar go n-éireadh lena mbuachaill bán craobh an domhain a bhuachan. An lá roimh an dtroid thaistil Jem Roche ar an tr’in óna chont’ dúchais go Baile Átha Cliath. Ar feadh an bhealaigh chruinnigh na sluaite ag gach stáisiún agus iad go glórach agus ag guí gach ratha air. Agus cébí cár stop an tr’in b’éigean do Jem teacht amach ar an ardán agus labhairt leis na daoine.
Nuair a bhain an tr’in cathair Bhaile Átha Cliath amach cuireadh fíorchaoin fáilte roimhe arís agus bhí na sráideanna ón stáisiún go hóstán Jem plódaithe le daoine agus iad ag béiceach: "Give it to him, Jem!" Let him have it good!"
Sárullmhúchán: Rinneadh ullmhúchán den scoth i gcomhair an chluiche. Bhí an cró dornála (boxing ring) réitithe amach thar barr le soilse gléineacha agus ceamara feistithe le scannán a dhéanamh den ócáid mhór. Ina cheann sin bhí sé socraithe ag cairde Jem go ligfí púir dheataigh amach trí shimléir mór na hamharclainne nuair a bhuafadh fear Loch Gorman faoi mar a mheas siad! Ach bhí breall orthu.
Ainneoin meas an phobail ar Jem ba é Tommy Burns rogha na ngeallghlacadóirí; 3 v.1 a bhí le fáil ar an Éireannach agus d’ardaigh sin go 6 v 1 roimh an gcluiche. £2,500 a bhí i ndán don bhuaiteoir agus aisteach go leor frítheadh £1,000 den mhéid sin ón mbeirt dhornálaithe, £500 ó chaon duint acu. Chosain suíochán timpeall an chró troda cúig ghine agus gine a íocadh ar gach ceann eile. Bhí an oiread sin tóra ar thicéid gur díoladh is gur athdíoladh iad ar phraghsanna an-ard. Ní raibh fiú is áit seasaimh le fáil oíche an chomórtais agus fágadh na mílte taobh amuigh. Tháinig iasachta agus cuireadh iadson sna boscaí ar thaobh na hamharclainne.
Deireadh Ré do Jem is do Tommy: Ar bhuille a deich ar Oíche Fhéile Pádraig chroch an bhuíon cheoil suas "The Boys of Wexford" agus seo amach Jem Roche ina gheansaí uaine agus crios bán is uaine faoina chom. Thabharfadh an t-ollslua na ba bodhra as coillte lena ngártha molta is gríosaithe! Bhí sé fiche nóiméad tar éis a deich nuair a tháinig Tommy Burns ar an láthair agus é feistithe i ngeansaí dearg agus bratach na Stát Aontaithe timpeall a choim. Chas an banna ceoil "Hail! Columbia" ar an toirt in onóir de ghaiscíoch an domhain agus fearadh na múrtha fáilte roimhe.
An dá luath is a buaileadh an clog le tús a chur leis an gcluiche mór d’ionsaigh an tÉireannach lena chiotóg ach sheachnoigh Tommy an buille. Tharraing Jem lena chiotóg arís ach níor éirigh leis teagmháil lena chéile comhraic. Ansin d’ionsaigh Tommy, d’ísligh Jem a dheasóg a bhí ag cosaint a smige agus le luas lasrach bhuail an Meiriceánach é ar chnámh an ghéill. Thit Jem ina chnap ar urlár an chró agus cé go ndearna sé tréaniarracht ar éirí bhí a phort seinnte agus an comhaireamh tugtha.
De réir na saineolaithe ba í an troid seo an ceann ba ghiorra riamh do chraobh trom-mheáchan an domhain. Chuir an bualadh sin deireadh le ré dhornálaíochta Jem Roche. Lean Tommy Burns dá thaisteal agus nuair a bhain sé an Astráil amach cé chasfaí air ach an Meiriceánach eile, an dornálaí cáiliúil gorm Jack Johnson. Mhair an troid seo ceithre bhabhta déag ach bhí Tommy á léasadh chomh dona sin go mb’éigean do na póilíní an comhrac a stop. Fearacht Jem Roche d’éirigh Tommy Burns as an dornálaíocht de bharr na greasála a tugadh dó.