OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Comhcheilg Dhún ar Aill

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Sa bhliain d’aois an tiarna 1829 ritheadh Acht Fuascailte na gCaitiliceach tré Pháirlimint Shasana. Ba é Dónall Ó Conaill ba mhó faoi ndeara é. Sa bhliain chéanna toghadh ina Theachta Páirliminte ó Chont’ an Chláir é agus d’éirigh sé as an dlíodóireacht mar shlí bheatha. As so amach bhí sé chun a chuid ama a chaitheamh le cúrsaí polaitíochta amháin. Ach ní raibh an Conallach scartha leis an ndlí fós. Sul a mbeadh an bhliain istigh bheadh sé i gCorcaigh ag cosaint slua fear a gabhadh i g’Comhcheilg Dhún ar Aill.’ Seo mar a thárla.

Bhí na Buachaillí Bána láidir i gCorcaigh na l’thannta san agus bhíodar ana ghníomhach timpeall Dún ar Aill. Bhí an giúistís George Bond Lowe ag léamh ina sheomra suite oíche nuair a tháinig urchar tríd an bhfuinneog agus bhris an lampa taobh leis. Scríobhadh amhrán faoin eachtra: "Three cheers for the the man who gave the blow That broke the pate of George Bond Lowe." Go gairid ina dhiaidh sin scaoileadh faoin Doctúir Norcott agus faoi ard-shirriam an chont’ Michael Creagh. Scaoileadh faoi bheirt nó triúr eile dena huaisle chomh maith.

Ghlac sceoin na huaisle agus scaipeadar an scéal go raibh comhcheilg fhorleitheideach ar bun d’fhonn deireadh a chur leis na tiarnaí agus na huaisle ar fad. Mar ba ghnáth ní raibh aon easpa brathadóirí sa dúthaigh agus ba ghearr go raibh breis is fiche duine faoi ghlas acu ar amhras. I measc na bpríosúnach bhí roinnt buachaillí bána gan dabht ach don chuid is mó ní raibh aon bhaint ag a bhformhór leis an ‘gcomhcheilg’ ná faic dá fhios acu. Dé hAoine, 23 Deiread Fomhair, 1829 cuireadh an chéad cheathrar díobh ar triail. Daoradh chun báis iad faoi thráthnóna. Níor chaith an coiste ach fiche noiméad ag machnamh ar an mbreith. Bhí ceathrar eile le dul ar triail Dé Sathairn ach ar ámharaí an tsaoil cuireadh siar é go dtí an Luan. Thug an sos beag seo caoi dá gcairde rud éigin a dhéanamh. Bhailíodar le chéile agus ní fada go rabhadar ar aon fhocal i dtaobh rud amháin; Muna dtiocfadh Dónall Ó Conaill i gcabhair orthu go gcrochfaí go léir iad. "Cuirimís fios ar Ó Conaill," arsa duine acu, "ni éiteoidh sé ár n-achainí orainn."

Ach bhí Ó Conaill i gCiarraí agus bheadh an triail ag tosú arís i gcionn ocht n-uaire déag agus fiche. Níor thráth seanchais é. Bhailíodar 100 gine chun costaisí a íoch agus chuireadar chuige.

Thoghadar marcach maith, Liam De Búrca mar theachtaire. Bhí deartháir leis ina phríosúnach. Soláthraíodh an capall ab fhearr a bhí le fáil dó agus bhuail sé chun bóthair. Bhí turas deich míle agus ceithre fichid roimhe, thar bóithre mí-réidhe achrannacha agus bhí an oíche ag titim. Is ón leabhar "Beatha Dhomhnaill Uí Chonaill" le Domhnall Ó Súilleabháin na fíricí seo leanas. Chuir an Búrcach an bóthar de ar a dhícheall gur shrois sé Máigh Chromtha mar ar mhalartaigh sé capaill. Thug sé a aghaidh ansan ar na cnuic agus tháinig maolú air mar gheall ar an ndorchadas. Shrois sé Droichead Uí Mhórdha mar a bhfuair sé capall a thug go Neidín é. Mhalartaigh sé capaill arís agus siar leis gur bhain sé an tSnaidhm amach. "Ní raibh malairt bealaigh aige ach tré Bhéal na Méine, agus Bhinn a’ Phréacháin, siar an Sanctóir, fé bhun seana-theampuill an Chomhaid agus le heascra an l’ chonaic dhá mhíle uaidh siar ceann a riain, ó bharr Túirín na bhForann."

Sign up to The Irish Echo Newsletter

Ráinigh go raibh Ó Conaill ag féachaint amach tríd an bhfuinneóg agus chonaic sé chuige an marcach faoi lánluas. Amach leis agus bhí an teachtaire ag an ndoras roimis. Bhí saothar ar an bhfear bocht agus thosaigh sé ag spalpadh cainte. "Trialadh an chéad cheathrar den slua úd a gabhadh mar gheall ar Dhún ar Aill agus daoradh chun báis iad. Cuireadh mise anso á iarraidh ort-sa teacht go Corcaigh agus an chuid eile a shaoradh nó crochfar gach éinne riamh acu." Níor ghá mórán brú a chur ar an gConallach. "Ná bíodh ceist ort," ar sé, "bead-sa i gCorcaigh in am amárach."

Cuireadh treo bí agus dí ar an mBúrcach agus taréis Aifrinn d’éisteacht, thug sé an bóthar abhaile air féin lán de dhóchas. D’iarr an Conallach air capaill a chur in áirithe dhó fhéin fan na slí, mar bheadh sé ina dhiaidh gan aon ró-mhoill. Bhí De Búrca ar ais i gCorcaigh faoin a hocht ar maidin Dé Luain. Cúpla uair ina dhiaidh tháinig Domhnall, ina aonar, i gcarráiste beag. Deir siad gur thit an capall marbh ar an tsráid ós comhair na cúirte amach. D’ordaigh sé béile aráin agus bainne a bhreith chuige sa chúirt agus isteach leis. Fuair sé cead ite ón mbreitheamh agus shuigh sé ag éisteach leis an gcúisitheoir agus é ag iarraidh sealán a chur faoi mhuinéal an cheathrair seo.

Níorbh fhada gur thosaigh an Conallach ag cur isteach air. "Ní dlí é sin," nó "Cuireadh an acht san ar ceal." Sháraigh sé arís is arís eile é. Ansan nuair a glaodh ar na spiairí agus na brathadóirí b’é an scéal céanna é. Duine díobh san ab ea Clampar Ó Dálaigh. Deir siad gur iompaigh a lí ann nuair a chonaic sé Dónall agus dúirt; "Ó mhaise is ag Dia atá fhios gur beag an choinne abhí agam go gcasfaí orm anso inniu thú. Go saora Dia ort mé!" Thit an cás as a chéile. Scaoileadh an ceathrar saor ar deireadh agus taréis triail eile b’éigin dona húdaráis na príosúnaigh go léir a scaoileadh.

An ceathrar a daoradh chun báis, ámh, cuireadh an loch amach iad go dtí an Astráil. Fuaireadar pardún ginearálta i 1838 ar ocáid chorónaithe Victoria. Agus Clampar Ó Dálaigh, mhair seisean go ceann tamaill fhada ina dhiaidh sin. Bhí an dearg-ghráin ag muintir na háite air. Chaith sé blianta in imní a mharaithe agus bhíodh gunna i gcónaí ina sheilbh. Fuarthas marbh ar an mbóthar é ar deireadh agus an t-aon chara a bhí fágtha sa saol aige taobh leis — an gunna.

(Tá an scéal níos casta ná mar atá sé scrite agam thuas. Féach an leathnach baile:

(http://www.rootsweb.com/~irlmahs/index.htm)

PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese