OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Cuimhnígí ar an Chicle!

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

"In ainm Dé, a Bharra cad é an caitheamh i ndiaidh guma coganta a bhíonn ar mhuintir na tíre seo?" Breandán Feiritéar, a bhí anso ar cuairt, a chuir an cheist sin orm. Ait le rá, chuireas an cheist chéanna ar shean-aintín liom, nuair a thugas féin an béas fé ndeara don chéad uair, fadó. "Drochbhéas salach isea é," dúirt sí, "agus ná déan cleachtadh dhe nó leanfaidh sé dhuit." "Gabhair thobac a thagann ar dhaoine ar na tr’nacha nuair nách mbíonn cead acu toitíní a chaitheamh agus tosnuíonn siad ar an nguma a chogaint." "Ní bhíonn aon oidhre orthu ach tréad bó ag cogaint na círe." "Ó cleachtadh salach brogach isea é agus tá gach stáisiún ina bhréanlach acu." Thug sí andúiligh agus rudaí níos measa orthu. Bhí an dearg ghráin aice do lucht an óil, lucht caite tobac agus lucht coganta guma. Ní raibh iontu dáiríre, dar léi, ach dream amháin.

Is dóca go raibh cuid den fhírinne aici mar bhí agus bíonn lucht caite tobac tugtha don ghuma. Ach is iomaí duine a bhíonn ina chogantóir nách gcaitheann toitíní. Bíonn imreoirí "baseball" an tugtha don ghuma agus ní chaitheann a bhformhór tobac. Chífeá daoine chuile áit ar domhan na l’thanta so ag cogaint guma, ach dáiríre, is nós Meiriceánach é amach is amach. I rith an tarna cogaidh dhomhanda ní chognódh éinne guma sa tSeapán ar eagla go gceapfadh daoine eile go raibh bá aige leis na Meiriceánaigh. B’ iad na G.I.ianna a scaip an cleactadh ar fuaid an domhain.

Ach cé chuir tús le tionscal an ghuma agus cad a thug ina cheann é a dhéanamh? Thomas Adams a chuir tús leis an dtionscal sa tarna leath den aois seo caite. Ó fhear dárbh ainm Antonio Lopez de Santa Anna a fuair sé an smaoineamh. Sea, fear an Alamo. "Cuimhnígí ar an Almo." Uachtarán Mexico. An fear a bhí i gceannas ar an arm a mhairigh Davy Crocket agus Jim Bowie in 1836. Dá mhí ina dhiaidh sin bhuaigh Sam Houston agus arm Texas air ag San Jacinto. Gabhadh é ach scaoileadh saor é -de bharr gur thug sé comhartha rúnda na Masons do Houston de réir an bhéaloidis.

Sna 1860í ruaigeadh Santa Anna as Mexico agus chuir sé fé i Staten Island ar fead tamaill. Thug sé leis lón bliana de chicle — súlach crainn darb ainm sapodilla — agus bhíodh sé ag cogaint ar phíosaí beaga de ar a shuaimhneas. Ar ndóigh, saghas suaimhneasáin atá sa ghuma de réir saineolaithe. Nós de chuid na nIndiach ab ea é. Bhí Thomas Adams ina chomharsa béil dorais ag Santa Anna. Chuir sé an suím sa chogaint. Nuair a d’imigh an Ginearál d’fhág sé bloc chicle ag Thomas. Is cuma nó muc duine gan seift dúirt Thomas leis féin agus rinne sé meascán siucra agus chicle agus dhíol sé i bhfuirm milseán é le siopa i New Jersey. Bhí éileamh mór air láithreach.

Bhí greim ag Adams agus a shliocht ar an margadh guma go dtí deireadh na haoise. Fán am san ba thionscal mór é. Tháinig fear darbh ainm William Wrigley go Chicago i 1891 agus gan ach $31 ina phóca aige. D’oscail sé siopa agus cheap sé seift chun aird a tharraingt ar an áit — bronntanas a thabhairt amach le gach díolachán. Sé bronntanas ar ar shochraigh sé ná guma coganta. Taréis tamaill bhuail smaoineamh eile é nuair a chonaic sé go raibh dúil mhór ag an bpobal sa ghuma. Ní dhíolfadh sé ach guma as san amach. Tuigeann sibh cad a thárla.

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

Ó luas an poiliteoir Santa Anna, ní mór dom anois cúrsaí gnéis agus a shaol príomháideach a tharraingt anuas. Níl aon iriseoir gur fiú iriseoir a thabhairt air nách ndéanfadh an rud céanna. Tá cearta ag an bpobal an dtuigeann tú? Cearta an phriompalláin a thugaim-se orthu. Ar aon nós baineann an scéal so le bean áluinn darbh ainm Emily Morgan. Sclábhaí ab ea í agus de réir gach tuairisce, bhí sí níos deise ná an rós geal. Casadh Emily agus Santa Anna ar a chéile an lá roimh San Jacinto. Bhí a chláirín déanta. Chaith sé an oíche ina phuball i dteannta Emily ag caitheamh codlaidín (opium). Bhí sé fós ina léine oíche nuair a ghabh saighdiúirí Texas é an lá dar gcionn. D’ éalaigh Emily uathu. Ach maireann cáil na mná fós agus mairfidh go dteo mar dob í an "Yellow Rose of Texas"í. Maran bréag é is mór an scéal é.

Ar ais i Mexico i 1838 throid Santa Anna go cróga i gcoinne na bhFrancach ag Veracruz. Gortaíodh san troid é agus b’éigin do mháinlia cos leis a theascadh dhe. Choinnigh Santa Anna an chos go ceann ceithre bliana. I Meán Fomhair 1842 bhí sochraid mhór ag a lucht leanúna dá chois i gCathair Mexico agus cuireadh i scrín i dTeampall San Paula í. Dhá bhliain ina dhiaidh sin bhí círéib sa Chathair agus cuireadh an ruaigh arís ar Santa Anna. Bhris dream réabhlóidithe isteach sa teampall agus goideadh cos an Ghinearáil. Tá sí ar shiúl ó shoin. É mo scél! Go mbuaile Dia seans maith chughaibh!

PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8a. m.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese