OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Daltaí na G’ilge, Gluaiseacht Réabhlóideach

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Bhí céad agus fiche duine ag an Deireadh Seachtaine G’ilge i Jamison le déanaí. Is ag Dia amháin atá fhios cé mhéid daoine a bheadh ann dá dtabharfaidís na treoracha cearta amach. Chuaigh Eibhlín Rua, Clare agus mé fhéin ar str’-rud is annamh nuair a bhíonn Clare inár dteannta. Ba chóir go mbeadh amhras orainn faoi na treoracha úd ó thosach ó bhíodar éasca le léamh. Bhí sean treoracha ag Eibhlín ach shocraíomar ar na cinn nua a úsáid ó bhíodar chomh soiléar san. Bhí dul amú orainn — faoi dhó. Eibhlín is túisce a thug faoi ndeara é. "Thabharfainn an leabhar," ar sí "gur ghabhamar thart fán bhfoirgneamh san faoi dhó cheana." Stopamar agus chuireas paidir chuig Naomh Fionnbarra. Ní raibh an t-amen as mo bhéal sul a bhfacamar gluaisteán ag gabháil thart agus "Ná lean mise tá mé ar str’," ar a chúl. Níor thugamar aon cheann don fhógra agus leanamar é. Is mar sin a bhaineamar Jamison amach.

Bhí slua ann romhainn, daoine nách mbacann le treoireacha don chuid is mó. Ar aghaidh linn go Halla Dunne. Bhí Páidrigín Collum, deirfiúr le hEibhlín, romhainn sa doras. Bhí trí huaire caite aici ag fanacht linn agus bhí a dhá taobh buailte ar a chéile leis an ochras. Is amhlaidh a gheall Eibhlín di go mbeadh sí i Jamison go luath agus go raghaidís amach chun greim bídh a fháil áit éigin. Bhí sí le ceangal. Déarfainn go gcuireadh sí scian i nduine againn mura mbeadh go raibh sí ró-lag ag an ochras. Ná tóg ón méid sin gur duine fiáin í Páidrigín. Ní headh in aon chor. De ghnáth is duine ciuin ciallmhar í. Ach an lá so dob éigin d’Éamonn North greim barróige a bhreith uirthi agus í a chur isteach sa charr. Chuamar faoi luas go dtí an bhialann ba ghaire dúinn. Shochruigh sí síos arís taréis an bhéile agus níor chualamar gíog ná míog asti ina dhiaidh sin. Chuamar ar ais go Halla Dunne.

Bhí an fear eagair féin, Liam MacGiodaire, agus a tháiniste Pádraig Mullen laistiar de bhord mór ag fearadh fáilte roimh gach duine. Fuair chuile dhuine treoracha agus clár pearsanta ón mbeirt. Bhí gach rud leagtha amach go cruinn acu agus ghluais cúrsaí ar aghaidh go breá réidh gan chosc gan cheataí. Tá ár mbuíochas ag gabháil do Liam agus Pádraig agus don fhoireann éifeachtach a chabhraíonn leo. Thángadar go luath maidin Dé hAoine agus chuireadar chuige. Ar an bhfoireann sin tá Páidrigín Collum, Éamon North, Deirdre MacFarland, Rath DeHaust. Ní mór dom beirt eile a lua, — na daoine a bhí i mbun an tsiopa leabhar – Bairbre Gabrielan agus Áine Jacoby. Agus ná déanaimís dearmad de Paul Duffy, cócaire par excellence, agus a chuid hors d’oeuvres blasta.

Chítear domhsa go bhfuil caighdean na G’ilge ag dul in airde gach bliain. Tá líon na scoláirí ag dul i méid freisin. Níl aon easpa múinteoirí maithe ann na l’thannta so. De réir gach tuairisce a chualas-sa i rith na deireadh seachtaine bhí na scoláirí lán sásta leis na ranganna. Ag seo ainmneacha na múinteoirí: Róislín Blyn-La Drew, Mollaí MacCionnaigh, Prionsias Longworth, Seosamh Mc Closkey, Barra Ó Donnabháin, Deirdre McFarland, Roibeárd de Búrca, Eibhlín Zurell, Sóisear Mac Cionnaigh, Seán Tierney, Pádraigh Mac Gill agus Éamon Mac Uighlín. Bhí Mollaí agus Sóisear mar is gnáth chuile áit, eisean ina fhear a tí agus ise i mbun ceoil. Chuirfeadh Seán Tierney Prionsias na cait ag gáirí lena léirín faoin bhfaoistin. Chaithfinn bliain ag éisteacht le Pádraig Mac Gill agus a chuid filíochta.

Bhí gach duine i mo rang-sa féin líofa agus d’fhéadfaidís go léir bheit ag múineadh ranga dá gcuid fhéin. Bhí fear ó Chiarraí ann Breandán Ua Conaill a togadh le G’ilge. Bhí iníon agus mac leis ina theannta agus iad ag foghlaim na teanga. Bhí Laura Guardi agus Hilary Sweeney sa rang — beirt a bhíonn ag múineadh G’ilge ina gceantair féin. Bhí mo shean chara Máire Ní Cheallaigh sa rang fara Liam agus Pádraig. Bhí Rath de Houst agus Seán Mac Lochlainn ann. Bhí Seán díreach taréis teacht abhaile ó Éirinn mar a raibh sé ag an Oireachtas. Is mó scéal a bhí á shuaitheadh againn. Ní minice sinn ag trácht ar phointí gramadaí ná ar chúrsaí reatha agus diabhlaíochta. D’fhoghlaimíos féin alán.

Follow us on social media

Keep up to date with the latest news with The Irish Echo

Ag trácht ar chaighdeán, bronnadh an Fáinne Óir ar na daoine seo: Brendan Ua Conaill, Máire Kelly, Catriona Ní Dhochartaigh, Mallaí Uí Dhochartaigh, Pádraigín Collum, Ceil Lucas agus Stiofán Brown. Agus an Fáinne Airgid orthu so: Peadar Martin, Deirdre Whelan, Gobnait Humphreys, Máire Eilís Murphy agus Pádraigín McCloskey, Tréaslaímid a ngradam dóibh.

Tá leathnach baile gleoite ag Daltaí na G’ilge — a bhuí sin le Donnacha Ó Cuinn, Lúcas Kane, agus Caoimhín Ó Cléirigh. Is fiú dhaoibh féachaint air. Seo agaibh an seoladh;– http://www.monmouth.com/~daltai/daltai.htm — . Tá Nuacht Dhaltaí na G’ilge leis an nGliomach Geabach Rua le feiscint faoi láthair ag — http://www.monmouth.com/~daltai/news.htm. Tá cur síos cuimsitheach ar an deireadh seachtaine ann ach ná creid focal fúmsa. In aois seo na teilechumarsáide níl Daltaí na G’ilge puinn chun deiridh ar aon dream. Táimíd go léir faoi chomaoin ag Liam agus na laochra timpeall air as an obair éachtach atá á déanamh acu. Tá réabhlóid ar siúl i gcúrsaí teangan. Bí linn.

Níl dealramh réibhlóidí ar Ethel Brogan. Carraigh ar ciall í, saoi ar eolas, í grámhar bríomhar treorach. Blianta ó shoin bhí brionglóid aici — eagraíocht a bhunú chun an Gh’ilge a mhúineadh agus a scaipeadh. D’eagraigh sí an chéad Deireadh Seachtaine G’ilge i 1981. Las sí tine atá ag dul i méid ó shoin. Ethel, go maire tú féin agus Bill céad! É mo scél!

PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8 a.m., an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8 a.m.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese