OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Doiteán Bhailícín

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

"Dódh tig go talamh i mBailícín, Paróiste Dhún Chaoin, in Iarthar Dhuibhne, Co. Chiarraí, i lár na hoíche an 5ú Bealtaine 1870. Fágadh seachtar de mhuintir Dhún Chaoin marbh taréis na hoíche; an léirscrios ba mhó sa pharóiste ó aimsir an Ghorta féin."

Mar sin a thosnaíonn Mícheál Ó Dubhshláine ag cur síos ar an dtubaiste úfásach a tharla i bparóiste Dhún céad is trioca bliain ó shin. Is óna leabhar nua-fhoilsithe "An Baol Dom Tú" na fíricí seo leanas.

Is ó Willie de Mórdha, athair Mhíchil a chéad airíos trácht air, slán mar a n-instear é. Chuireas suím mhór ann mar is iontach go deo an méid eolais a bhíonn le fáil i scéalta den tsort seo. Eolas i dtaobh saol sosialta na ndaoine, i dtaobh tithe agus troscán, i dtaobh éadaí agus uairlisí. Nuair a bhíos i gCiarraí an Samhradh seo caite dúirt Mícheál liom go mbeadh leabhar ag teacht amach go luath go raibh cur síos cuimsitheach ann ar imeachtaí na hoíche uafásaí san. Gheall sé go gcuireadh sé cóip sall chugam chomh luath is a thiochfadh sé amach. Chomh maith do dhein. Bhí flaithiúlacht ag roinnt le muintir de Mordha riamh.

Staidéar staire sóisialta atá sa leabhar ar phobal Dhún Chaoin sa leath déanach den 19ú haois déag agus sa chéad leath den bhfichú haois. Clúdaíonn sé saol agus saothar Sheáin Uí Dhálaigh 1861-1940, nó an ‘Common Noun’ mar ab fhearr eolas air. Bhí sé ina mhúinteoir scoile i nDun Chaoin ar feadh tréimhsé fada agus bhí tionchar nach beag aige ar an bpobal Gaelach. Dódh a athair, Mícheál, sa dóiteán. Chonaic sé an corp an oíche sin agus séard a dúirt sé de réir a fhianaise féin ná "Mhuise dá bhfanfá ag baile ní imeodh sé seo ort," Bhí sé naoi mbliana d’aois ag an am agus d’fhág an dóiteán ina dhílleachta bocht uaigneach é mar bhí a mháthair ar shlí na fírinne chomh maith. Cailleadh í aimsir na Nollag cúig bliana roimis sin.

Tráthnóna Déardaoin, 5 Bealtaine, 1870 a bhí ann. Bhí ochtar de mhuintir Dhún Chaoin ag teacht abhaile ó Bheiginis i mbád saighne. Ní rabhadar ró-fhada ó ché Dhún Chaoin nuair a chonaiceadar bairille ar snámh sa bhfarraige taobh leo. Rum nó fíon b’fhéidir? Bheadh oíche go maidin acu. Cheangailíodar an soitheach den bhád agus tharrangaíodar go talamh é. D’fhágadar i bhfolach ansan é go hoíche ar eagla na bhfear gorm. Fán am so thuigeadar gurbh ola a bhí sa soitheach, pairifín nú geas mar a thugaidís uirthi, mheasadar. Bheadh solas go Nollaig acu. Nuair a tháinig smál na hoíche orthu d’árdaíodar an bairille leo go tigh Thaidhg Óig Criomhthain, duine den dream a bhí sa bhád.

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

Bothán beag ceann tuí a bhí ag Tadhg. Dhá sheomra bheaga a bhí ann, doras amháin agus a dhó nó a trí de fhuinneóga beaga.. Ina gcónaí sa tigh bhí Tadhg, a bhean Cáit agus a dtriúr iníon, Máire, 10 mbliana, Léan, 15, agus Cáit 17. Bhí Léan agus Cáit taréis an lá a chaitheamh sa nDaingean agus bhíodar traochta. Chuadar a chodladh go luath agus bhí Máire bheag ina codladh rompa. Tugadh an bairille isteach sa chistin agus baineadh an barra de. Scaip an scéal ar fuaid na háite go raibh bairille ola á roinnt i dtigh Thaidhg Óig agus ba ghearr go raibh slua mór ag déanamh ar an dtigh. Ina measc bhí Mícheál Ó Dálaigh. Shuigh sé ar phaca salainn in aice na tine agus d’fhan ansan ag faire ar a dheirfiúr Cáit ag dáileadh amach na hola. Bhí muinín ag gach éinne as Cáit mar ba bhean chóir mhacánta í agus gheobhadh gach éinne a chion den ola. Dhruid na daoine isteach lena gcannaí agus thug Cáit taoscán ola dóibh agus sheol sí an doras amach arís iad mar ná raibh slí sa tig dóibh go léir. D’imíodar leo abhaile go brea sásta taréis na hoíche.

Sa deireadh ní raibh fágtha sa tig ach muintir a’ tí, criú an bháid agus a mná; triúr duine déag, seachtar fear agus seisear ban. Fuaireadar go léir taoscán ola agus díreach nuair a bhí deireadh roinnte acu smaoinigh duine éigin ar an nGabha Beag. Duine tábhachtach ab ea an gabha sa pharóiste agus chaithfeadh sé sin roinnt ola fháil. De réir an Common Noun b’í a aintín féin, Cáit, ba údar na tubaiste. Deir sé gur fhéach "sí síos sa tsoitheach go mbeadh a fhios aici an raibh aon taoscán fós thíos in íochtar, ach ná féadfadh sí a dhéanamh amach an raibh nó ná raibh mar ná raibh aon solas insa tig ach caochsholas lag a bhí ag teacht ó aon gheataire beag amháin a bhí ar lasadh os cionn an adharta in airde." Fuair sí geataire eile agus d’fhéach sí síos sa tsoitheach arís. Thit smól den ngeataire síos agus phléasc an ola go hobann.

I bhfaiteadh na súl bhí an tig faoi bharr lasrach. Loisceadh ceathrar ina mbeatha ar an bpointe. D’éirigh le Máire bheag éalú tríd an bhfuinneóg ach maraíodh an bheirt chailíní mhóra sa tseomra. Bhí Máire loiscthe go dona ámh agus níor mhair an créatúr ach dhá lá. Loisceadh Mícheál Ó Dálaigh agus Léan Ní Mhóráin bean Thomáis Uí Luing. D’éirigh le Tomás féin an buaile a bhaint amach ach nuair a chonaic sé ná raibh Léan amuigh, isteach leis arís ach bhí na lasracha ró-fhíochmhar dhó. Fuair sé dó marfach as. Níor mhair sé ach coicís.

Agus Cáit. Iontach go leor d’éirigh léi na cosa a thabhairt léi amach sa chlós ach ansan thug sí faoi dhul isteach arís chun a deartháir a shábháil. Chuaigh a cuid éadaí tré thine agus rith sí amach agus síos le fán i dtreo na habhann ag scréachadh. Chaith sí í féin isteach san abhainn agus í fós ar lasadh agus daoine timpeall uirthi ag iarraidh í a mhúchadh. Bhí sí meabhrach nuair a tugadh abhaile í. "In ainm Dé, cad na thaobh gur chuais isteach?" arsa a máthair léi. "Ní le teaspach a chuas isteach ann in aon chor, ach chun Micil a thabhairt amach go dtís na dílleachtaithe, mar níl éinne acu anois, agus cad a dhéanfaidh siad?" Cúig lá ina dhiaidh sin bhí sí i bhfochair a dearthár.

Ceaptar anois gurbh aicéatón nó artola a bhí sa bhairille. Ní Cáit bhocht ach aineolas agus drochrath ba chúis leis an dtimpiste. D’fhág bás an tseachtair scamall dubh os cionn cionn Dún Chaoin, scamall a bhfuil rian de fós le feiscint ar imeall na spéire. Go ndéana Dia níos fearr dóibh ar thaobh thall na teorann!

Faigh cóip de "An Baol Dom Tú" le Mícheál Ó Dubhshláine. Féach "Litríoch.com."

PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese