Le Barra Ó Donnabháin
Sé bliana déag is fiche a bhí an tAthair Eoghan Ó Gramhnaigh nuair a fuair sé bás i Los Angeles i 1899. D’ainneoin giorracht a shaoil agus d’ainneoin na síor-bhreoiteachta a ghoil air lena ré, chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar Gh’ilgeoirí a linne. Duine lách, uamhal, uasal ab ea é, ach bhí sé móraigeantach fuinniúil freisin. Bhí sé lán chomh huasal agus chomh héachtach le haon duine den ghlúin éachtach uasal san a chaith a ndúthracht le hathbheochaint na G’ilge. Ba Chonnrathóir é Eoghan agus b’é ba mhó ba mhian leis ar an saol so ná athshlanú na teangan.
Rugadh i mBaile Fallúin é, i gCo. na Mí ar an 24 Meán Fomhair, 1863. Bhí a athair Séamas ina thréadaí ag an tiarna talún Abraham Colles. Ní raibh aige ach bothán agus giota beag talún. Ar amharaí an tsaoil, timpeall an ama seo bhí stíobhard á lorg ag Colles agus fuair Séamas an post. D’aistríodar go dtí an Driseóg mar a raibh tigh brea acu agus ardú mór tuarastail mar aon leis. Bhíodh Séamas as baile go minic as san amach ag ceannach beithíoch sa Mhumhain dá mháistir. D’fhág san gurbh í an mháthair a thóg na páistí. Blianta ina dhiaidh sin dúirt mac léinn de chuid Eoghain nár chuala sé riamh é ag tagairt dá athair, ach dá gcasfaí an mháthair air ar neamh lá éigin, go n-aithneodh sé í ar thuairisc a mic. Ní ghabhfadh lá thart nách luafadh sé í leis an rang.
De réir a fhianaise féin níor chuala sé focal G’ilge go raibh sé ceithre bliana déag d’aois. Duine desna hoibrithe a bhí ag obair ar an bhfeirm a d’fhreagair as G’ilge é nuair a bheannaigh sé dó. Cheap sé go dtí sin go raibh an teanga marbh. Thosnuigh sé ag cur ceisteanna. Bhí an teanga líofa fós ag duine anso is ansúd. Bhí Nannie Shiels ina comharsa aige agus bhuaileadh sé isteach chúici ar a shlí abhaile dó ón meán scoil ar an Uaimh. Chonacthas dó go luath ina shaol go gcaithfeadh sé dul go dtí na cainteoirí dúchais dá mba mhian leis an teanga a fhoghlaim i gceart. Chuir sé chuige.
Cheannaigh sé cóip den Young Ireland ar an Uaimh lá agus cad a bhí istigh ann ach ceachtanna G’ilge a chuir Seán Ó Nualláin agus Seán Pléimeann le chéile d’ fhoghlaimeoirí. Ag trácht ar an eachtra seo deir Seán Ó Ceallaigh ina leabhar "Eoghan Ó Gramhnaigh." ‘B’fhacthas dó go raibh méar Dé ag rianú pátrúin a shaoil agus á spreagadh chun tuilleadh spéise a chur sa teanga sin ar dhual do a bheith ina cheannródaí tarrthála agus ina íobartach aici. Neartaigh sé a rún le bheith ina mháistir gan cháim ar an nG’ilge. D’fhoghlaim sé agus mheabhraigh sé na ceachtanna úd gach uile sheachtain nó go raibh siad ar bharr a theanga aige."
Bhuail an bhreoiteacht é agus é fós ag freastal ar Choláiste Naomh Fhinnín ar an Uaimh. De réir scéil amháin, cheannaigh a athair tigh nua agus tugadh seomra beag thuas staighre d’ Eoghan. Oíche amháin mhúscail sé i lár na hoíche agus chonaic sé duine nó taibhse ag bun na leapan agus culaith bhán go troigh uime. Chlúdaigh Eoghan é féin leis na pluideanna agus dúirt paidir. Nuair a d’fhéach sé amach arís bhí sé fós ann. Chuir sé speic air agus thosnaigh an rud ag druidim ina threo. Lig an buachaill bocht scread nimhe as. Nuair a tháinig a mhathair isteach bhí se sínte ar an urlár gan aithne gan urlabhra. Ní fhaca sé lá ar fónamh ón lá san amach. Eitinn, nó "an buachaill" mar a thugaimís uirthi, a bhí air de réir dealraimh. Ach níor stop an aicíd é.
Never miss an issue of The Irish Echo
Subscribe to one of our great value packages.
Ar an 1 Mean fomhair 1882 chuaigh Eoghan go Máigh Nuad. Chuir sé roimhe bheith ina shagart agus bheith ina mháistir ar an nG’ilge. Cé nách raibh meas ar bith ar an nG’ilge i Máigh Nuad na l’thannta san, bhíodh mic léinn le G’ilge ann as gach cúinne den tír. Roghnaíodh Eoghan cainteoir dúchais i gcónaí le bheith ina chara siúlóide aige ionas go mbeadh dreas cainte aige leis. Bhíodh Peadar Yorke mar chara aige agus dob eisean a mheall go hArainn é ar a l’thannta saoire. Dúirt Yorke nár chuir Ó Gramhnaigh de suim sna gnáthábhair sa choláiste ach an méid a dhéanfadh cúis dó, sa tslí go mbeadh breis ama aige le caitheamh ar a theanga dhúchais.
Oirdníodh ina shagart é Lá Fhéile Eoin, 1889. Chaith sé cúpla mí ar an Muileann Cearr sul ar aistríodh go Baile na Carraige san Iarmhí é. I rith an ama seo chuir Eoghan aithne ar Dhúghlas de hIde agus ar Eoin Mac Néill. Toghadh ina bhall de Chomhairle Aontacht na G’ilge é agus chuaigh sé i mbun eagarthóireacht Irisleabhar na G’ilge. I Deireadh Fomhair na bliana céanna toghadh é ina Ollamh le G’ilge i Máigh Nuad.
Cé nách raibh an Greamhnach i lathair ag an gcrinniú ag ar bunaíodh Conradh na G’ilge, —bhí sé in Albainn ag an am — "bhí sé in éineacht le de hIde agus Micheál Cíosóg i nGaillimh 25 Eanáir 1894 chun an chéad chraobh den Chonradh a bhunú ann," (Beathaisnéis IV, D. Breathnach, M. Ní Mhurchú). Ansan i 1893 d’iarr an tArdeaspag Liam Breathnach air, ceachtanna simplí a scríobh don Weekly Freeman. Is mar sin a tháinig "Easy Lessons in Irish" ar an saol. De bharr na gceachtanna san beidh cuimhne go deo ar an nGramhnach.
Dúirt Donnchadh Ó Floinn (Beathaisnéis IV) in 1963: "Ní furasta do mhuintir an l’ inniu an fuadar agus an flosc chun léinn a shamhlú a tháinig faoi gach aicme daoine in Éirinn de thairbhe na leabhairíní beaga glasa úd a cheap an tAthair Eoghan." Ach bhí an tsláinte ag dul i ndonacht air i gcónaí agus i 1894 shochraigh sé ar shaoire gréine i gCalifornia. Cheap sé go ndéanfadh saoire leathbhliana maitheas dó. I Mí na Samhna 1894 d’fhág an Teutonic Cóbh Chorcaí agus Eoghan ar bord. Ní raibh sé le filleadh ina bheatha.
PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.
An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.