Le Barra Ó Donnabháin
Ochtó míle lastuaidh de Nua Eabhrac, neadaithe i measc sléibhte na Catskills, tá baile beag aluinn ar a dtugtar Red Hook. I lár an bhaile tá cill chlochaí Naomh Críostóir. Taobh leis tá teach an pharóiste mar a bhfuil cónaí ar an Athair Charlie Coen. Tá dhá bhliain déag caite aige i Red Hook anois agus beidh sé ann go deo má éisteann an t-easpag lena chuid paróisteach. Aon áit a mbíonn Father Charlie is leasc leo é a ligint uathu. Roimis seo chaith sé ocht mbliana déag ar Staten Island.
Tamall ó shin nuair a bhí deireadh seachtaine G’ilge ar siúl ag Daltaí na G’ilge in Esophus, tháinig Fr. Charlie chugainn chun an t-aifreann a rá as G’ilge. "Cé hé an sagart," arsa duine nua. "Sin é an tAthair Charlie," arsa duine eile, "scaipeann sé creideamh agus ceol." Tá beirthe ar Charlie sna focail sin ag mo dhuine.
"Téarma teann daingean é creideamh," deir an tAthair Pádraig Ó Fiannachta in alt dár teideal "Creideamh an Bhlascaoid." "Tugaim faoi deara gur breá le lucht teagaisc agus eile focal nua reiligiún ina áit go minic. Ach is dul amú é sin, is géilleadh é don nuascolaíochas agus cúlú ón tuiscint bhunúsach ar cad is creideamh ann dáiríre, is é sin saol a chaitear de réir prionsabail áirithe, agus i gcás an chreidimh Chríostaí, saol a chaitear de réir theagaisc agus shampla agus le géilleadh do Chríost ár Slánaitheoir. Tógadh mise mar bhuachaill óg i saol a bhí lán de chreideamh bunúsach Críostaí." Tógadh Charlie sa saol céana ‘nar tógadh an tAthair Pádraig agus cloíonn sé leis i gcónaí. Ar leac a thinteáin féin a fuair sé freisin an grá don cheol agus dá oidhreach.
Bhí an ceol timpeall air ó thosach. Ceoltóir le dealramh ab ea a athair agus ba cheantar mór ceoil é Oirthear na Gaillimhe ag an am. "Ba thábhachtaí i bhfad an ceol sa teach ná an bia," deir Charlie. Ach ba dheachair teacht ar uirlisí ceoil agus bhíodar costasach. Thosaigh a dheartháir Jack ar an gceol nuair abhí sé ocht mbliana d’aois nuair a fuair sé sean-fheadóg ó chomharsa. Fuair sé sean-fhliúit níos déanaí ón gceoltóir Tommy Gaffey. Bhíodh Charlie ag éisteach le Jack agus ag foghlaim uaigh. Bhí cúig bliana ag Jack air. An fheadóg a d’fhoghlaim Charlie i dtosach ach bhí suim aige sa concertina, uirlis a athar. Thit an ceann a bhí ag a athair as a chéile le haois agus ní raibh teacht ar ceann aon áit. Sa deireadh thiar b’éigin dó turas a thabhairt ar Shasana chun ceann a fháil.
D’fhág Charlie slán ag Éirinn i 1955 agus lean sé Jack go Nua Eabhrac. Ach níor oir ‘r deatúil na cathrach dó mar bhí plúchadh air agus thug sé a aghaidh ó thuaidh ar Liberty agus Grossingers mar a bhfuair se post. Bhí sé chun sé bliana a chaitheamh ann. Anois bhí an dúil sa cheol chomh láidir is a bhí riamh ann ach ní raibh aon cheol timpeall air. Níor stop rud beag mar sin Charlie riamh. Bhíodh seisiún ag Jack agus Paddy Ó Brien sa Bhronx gach Céadaoin. Cheannaigh Charlie sean-téipthaifeadán agus théadh sé síos gach seachtain. Chuireadh sé na foinn ar théip agus chaitheadh sé an tseachtain á bhfoghlaim. ‘Níl tobar ar bith gan casán,’ deir siad.
Sign up to The Irish Echo Newsletter
Ó aimsir a óige bhí Charlie ag smaoineamh ar an sagartóireacht ach bhí an tsláinte ina choinne. Tháinig feabhas mór air sna sléibhte. Ach bhí constaic eile ar an mbóthar roimhe. Sul a nglacfaidís leis mar abhar sagairt abhus, bhí air scrudú iontrála a dhéanamh. Trí ábhar a bhí sa scrúdú so, Béarla, Matamaitic agus Eolaíocht. Ba scrúdú den tsort ‘roghnú iolraí’ (multiple-choice) é. Anois ní raibh aon fhadhb aige le Béarla agus Matamaitic ach ní raibh eolas dá laghad aige ar an Eolaíocht. Níor thosaíodar ag múineadh eolaíochta go coitianta sna scoileanna in Éirinn go dtí na seascaidí. Nuair a cuireadh an páipéar ós a chomhair labhair sé le Dia, "Fútsa anois é a Dhia, má tá mé uait treoirigh mo lámh!" D’éirigh go han-mhaith leis sa scrúdú agus an marc ab aoirde a ghnóthaigh sé fuair sé san ealaíonn é. Is fearr focal sa chúirt ná punt sa sparán aon lá den bhliain.
Oirníodh ina shagart é i 1968 agus cuireadh go dtí Staten Island é. Ba ghearr go raibh daoine óga an pharóiste ag canadh amhrán Gaelach. Mhúin sé breis is dachad amhrán dóibh. Fuair cailín amháin acu an tarna áit in Éirinn ag canadh ar an Sean Nós. Bliain amháin bhí cailín gorm i measc na ndaoine a thug sé go hÉirinn agus bhíodar an-tógtha léi thall. Ní raibh Charlie féin díomhaoin ar feadh na mblianta sin, bhuaigh sé seacht mboinn uile-Éireann. In 1974 amáin fuair sé an chéad áit ar an gconsairtín, ar an bhfeadóg agus ar an bhfliúit. Fuair sé bonn uile-Éireann ag amhránaíocht ar an sean-nós freisin. Nuair a chuir Becky Miller tús leis an Staten Island Festival in 1981 bhí Fr. Charlie ann chun cabhrú leo. Charlie a bhíodh ina ‘fhear a’ tí’ acu.
D’aistrigh sé go Red Hook in 1986 agus tá sé lán chomh gnóthach ansan is a bhí sé i Staten Island. Chuir sé tús le ceolchoirmeacha ar an chéad agus an tarna Domhnach de gach mí san Hotel Rhinecliff. Bíonn seisiúin taréis na ceolchoirme agus is iontach go deo na daoine óga go léir a fheiscint ag glacadh páirt iontu. Bhíos ann cúpla uair agus chuir sé gliondar ar mo chroí. Tugann sé lán eitleáin dá pharóistigh ar turas ‘raíochta go hÉirinn gach bliain. Bíonn sé gnóthach le muintir Chomhaltas Ceoltóirí Éireann chomh maith. Dála an scéil i 1998 insealbhaíodh Father Charlie féin i gClú Halla CCÉ. Ba mhaith an oidhe air é.
Ba liosta le háireamh na fleánna agus na feiseanna a raibh agus a mbíonn baint aige leo. Má bhíonn tú ag lorg CD dá chuid cuardaigh na suímh:
http://www.ireland-withpatpreston.com/books-traditional-music.htm agus http://www.greenlinnet.com.
Thógfadh sé leabhar chun cur síos ceart a dhéanamh ar Father Charlie. Na buanna a bhronn Dia air roinneann sé go flaithiúil linn go léir. Dá n-iarrfaí orm cur síos a dhéanamh air in abairt amháin déarfainn ‘nach ndearna sé dearmad riamh ar cér dhíobh é ná ar cá bhfuil a thriall.’
Gluais: Ba mhaith an oidhe air é = he well deserved it. Cuirtear ‘aghaidh’ in ionad ‘oidhe’ go minic. Deir siad "Is maith an aghaidh ort é," ag déanamh comhghairdis le duine. Níl tobar ar bith gan casán = where there’s a will there’s a way.
PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.
An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8 a.m.