Le Barra Ó Donnabháin
I Mí Meán Fomhair na bliana seo caite labhair Rosemary Nelson ós comhair an Fho-Choiste Cearta Daonna i dTeach na nIonadaithe i Washington. Dlíodóir ón Lurgain ab ea Rosemary a raibh clú idirnáisiúnta uirthi de bharr a troid ar son cearta sibhialta dá comhshaoránaigh. Náisiúntóirí don chuid is mó a bhíodh á gcosaint ag Rosemary cé nár leasc léi riamh cabhrú le duine ón dtaobh eile — agus chabhraigh go minic.
Níor thaitin a cuid oibre le dreamanna airithe – an RUC ina measc. Ag caint a thug sí i dTeach na nIonadaithe, dúirt sí: "go raibh an RUC le tamall anuas á crá agus á himeaglú agus í i mbun oibre agus go ndearnadh ionsaí corpartha uirthi níos mó ná uair amháin. Rinne oifigigh an RUC básbhagairt uirthi freisin." Ar an 15 Márta 1999, phléasc buama faoi charr Rosemary agus maraíodh í go fealltach. Bhí sí dachad bliain d’aois agus d’fhág sí a fear céile, Paul agus triúr clainne, Gavin 14, Christopher 11, agus Sarah 8, ina diaidh.
Gheall Ard-Chonstábla an RUC Ronnie Flanagan, láithreach, go raibh sé chun póilíní ón iasacht a bhreith isteach – ón FBI agus ó Shasana—chun fiosrúchán a dhéanamh ar a bás ach anois is léir nách raibh sa mhéid sin ach "cóiriúchán fuinneoige." Tá an FBI taréis éirí as an bhfiosrúchán ar fad gan tada a rá faoi agus tá na Sasanaigh ag imeacht i ndiaidh a chéile. Anois muna mbeadh rud éigin le ceilt acu cheapfá go mbeidís lán sásta dream ón FBI, abair, a bheith ag cabhrú leo.
Ní dóigh liom go bhfuil mórán daoine, fiú sna Sé Chont’ Fichead, a chreideann nách raibh baint éigin ag baill airithe den RUC leis an dúnmharú mar ba tairne i mbeo acu Rosemary. Creideann furmhór na nIonadaithe i Washington é sin. Sea, dúirt "Cosantóirí Na Láimhe Deirge, dream den UDA, gurbh iad féin a chuir an buama sa charr agus ana sheans gurbh iad. Ach dá mba iad féin, is deachair a chreidiúint gur i ngan fhios don RUC a rinne siad é. Ar feadh cúpla lá roimh mharú Rosemary bhí Fórsaí Slándála ana ghníomhach sa cheantar. D’ainneoin sin is uile bhí an ‘Lámh Dhearg’ in ann sleamhnú isteach i ngan fhios dóibh agus pléascán sofaisticiúil a chur ar tinneall fén gcarr. De réir na saineolaithe níl an sórt san oilteachta acu.
Ag trácht ar an UDA, tá gach dealramh ar an scéal go bhfuil deireadh lena sos cogaidh. Muna bhfuil sé léite agat dob fhiú duit an píosa a scríobh Jack Holland faoi seo, an tseachtain seo caite, a léamh. Tá an UDA ag scaoileadh Caitliceach arís agus ag dó tithe. Tá aimsir na máirseálacha ag teacht. Is ag dul in olcas a bheidh rudaí as so amach. Agus a’ bhfuil éinne ag trácht ar dhíchoimisiúnú i gcás an UDA? Ní chloisim iad. Tá gach éinne ag leagadh a chéile ag iarraidh iad a cheansú. Cén fáth? Creidim-se féin go bhfuil fíor eagla ar Blair agus Ahern dul i gcoinne na nDílseoirí seo. Tá idir airm is chumhacht acu. Tuigeann na Sasanaigh go bhfuil ana thacaíocht ag an UDA i measc an RUC agus na bhfórsaí eile slándála. Cúig bliana fichead ó shoin nuair a thug na Sasanaigh faoi Chomhaontú Sunningdale a chur i bhfeidhm phléascadar buamaí i mBaile Átha Cliath agus Muineachán agus maraíodh 33 agus gortaíodh 250. Bhí lámh nách beag ag na fórsaí slándála sna himeachtaí san freisin. Léigh "In Dubious Battle" le J. Bowyer Bell. Is léir go bhfuil Comhaontú Aoine an Chéasta faoí mhór-bhrú faoi láthair.
Follow us on social media
Keep up to date with the latest news with The Irish Echo
Go dtí go mbíonn Rialtas Shasana toilteanach an fód a sheasamh i gcoinne na nDílseoirí ní bheidh réiteach ó thuaidh. Go dtí an lá go mbíonn sé de mhisneach i bPríomh Aire éigin a rá leo nách bhfuil cead acu, agus nách mbeidh choíche arís, máirseáil go cathbhuach síos bothar Garvaghey, ní bheidh síocháin ó thuaidh. Go dtí go mbíonn fórsa iontaofa póilíní ann a mbíonn muinín ag gach taobh astu ní bheidh comhaontú ann. Beidh na Dílseoirí dílis do Shasana go dtí an lá a gcuirtear d’fhiachaibh orthu cúlú agus tuigeann na Sasanaigh é sin go maith.
Caitheadh go holc le náisiúnaithe an Tuaiscirt ó thosach. Thréigh muintir an Deiscirt iad nuair a bhí gá acu leo. Le linn fheachtas Uachtaránachta an Stáit (Éire) cúpla bliain ó shoin bhí Eagarfhocal san iris Comhar agus b’fhiú dúinn machnamh ar chúpla smaoineamh ón alt san. Ní fheadar cé scríobh ach b’Ultach é agus chuir na hionsaithe a rinneadh ar Mary McAleese déistin air. Deir sé: "Bhí agus tá go leor daoine den tuairim nách bhfuil ceart ag náisiúnaithe an Tuaiscirt éileamh ar bith a dhéanamh ar institiúdí an Stáit seo (Éire). Meon na críochdheilte is cúis le sin agus tá an meon sin ag éirí níos coitianta agus níos antoiscí le himeacht gach aon l’. Bhí sé de leithscéal ag go leor de bhunadh an Stáit seo le 30 bliain anuas nách raibh siad ag iarraidh baint ná páirt a bheit acu le Tuaisceart Éireann mar gheall ar fheachtais armtha na bparamíleataithe agus fórsaí an stáit thuaidh."
"Ba é a mian siúd an doirteadh fola a choinneáil faoi fhad sciatháin agus sa méid agus is féidir, tuigeann náisiúnaithe an Tuaiscirt an meon sin. Ní raibh fáilte againn féin roimh an mharú ach b’éigean dúinn cur suas leis. Mar sin féin, ba thrua linn agus b’ábhar feirge againn é gur loic an bhunaíocht dheisceartach orainn arís agus arís eile le linn am an ghátair." Tá súil agam nác loicfidh an babhta seo. Fuair Rosemary bás ag cosaint cearta na nÉireannach seo.
Ní tráth seanchais é. Cúpla lá ó shoin labhair Paul Nelson ag crinniú i Manhattan. Bhí Frank Durkin, Richard Harvey agus Mary Pike ar an ardán freisin. Fógraíodar 15 Meitheamh le bheith ina "lá gníomhaíochta" ar fuaid an domhain. Féach an suíomh "www.RosemaryNelsonCampaign.com" Tá teipthe ar rialtas Shasana go dtí seo cearta sibhialta na Náisiúnaithe a chosaint ar na Dílseoirí. Tugann bás Rosemary léargas don domhan mór cé chomh dona is atá cúrsaí fós sna Sé Chont’. Tá sé de dhualgas orainn aird a tharraingt ar na cúrsaí sin. Tá an méid sin dlite ag Rosemary dínn.
PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.
An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.