OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Feoil Bhán

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Is maith í an bhó;

Is bainne í le n-ól;

Is im í agus feoil;

Is solas geal ar bórd;

Deineann a heirbeall rón;

Sign up to The Irish Echo Newsletter

Agus a hadharca ceol;

Agus is maith é a leathar chun na mbróg.

Tá litríocht agus béaloideas na hÉireann breac le tagairtí don bhó. Luann na filí go minic í agus sa dán ‘Druimeann Donn Dílis’ is mar bhó a shamhlaíonn duine acu Éire féin. Tá ‘Táin Bó Cúailnge’ againn agus ‘Táin Bó Fraích,’ ‘Táin teora n-erc nEchach’ agus fiche táin eile. Dob ionann ba agus saibhreas. Ach bhí níos mó ná saibhreas i ag baint leis an mbó. B’ainmhí naofa í. Dhealródh sé go raibh an stádas san aice roimh theacht na Críostaíochta. Smaoinigh ar an Ghlas Goibnenn agus an bhó fhionn onar ainmníodh Abhainn na Bóinne agus Inis Bó Finne agus Bóthar na Bó Finne. Bandia a bhí inti siúd. Agus tugtar ómós go minic don bhó i mbeathaí na naomh. Cuimhnigh ar Odhar Chiaráin, an bhó iontach san. Nuair a fuair sí bás baineadh an tseithe di agus éinne a luífeadh ar ‘Seithe na hUidhre’ níor bhaol dó ifreann.

Ach thar aon rud eile b’ábhar bia agus dí dár sinsir an bhó. Ba mhuileann soghluaiste bia í. Cé nach luann an ranncán i dtosach an phíosa seo an bhó mar ábhar fola, bhíodh sé de nós acu, suas go dtí dhá chéad bliain ó shin, fuil a bhaint ós na ba agus í a ól go mór mór in aimsir an ghátair. Má tá tuilleadh eolais ó éinne faoi na rudaí seo, tá sé le fáil sa leabhar tábhachtach "Early Irish Farming," le Fergus Kelly. Inniu táim chun cúpla focal a rá faoi an mbainne agus déanamh na cáise fadó.

Feoil bhán a ghlaoití ar an mbainne anallód agus ní gan fáth é. Bhraith na sean Gh’il go mór ar tháirgí déiríochta. I bhfad roimh aimsir na bprátaí agus an bhia Shínigh, ba í an cháis ceann de phríomhbhianna mhuintir na hÉireann. Is soiléir an méid sin óna mhinicí a thagraíonn siad di sa tsean litríocht. Creideann eolaithe áirithe go rabhadar ag déanamh cáise in Éirinn i bhfad sul ar leag na Ceiltigh cos ar an dtalamh bheannaithe don chéad uair. Bhíodh saghas bó in Éirinn sa ré réamhstairiúil go dtugtar ‘Bos Longifrons’ uirthi. Ceaptar gur ceansaíodh an t-ainmhí seo i bhfad siar.

Níl an oiread sin eolais againn ar na bealaí ina ndéantaí an cháis ach tá go leor ainmneacha ar na saghasanna éagsúla cáise sna scríbhinní. D’fhéadfadh cáis bheith brúite nó neamhbhrúite, aibithe nó neamhaibithe. Tugann na hainmneacha nod dúinn, uaireanta ar an saghas cáise a bhíonn i gceist. Ina theannta san is minic, freisin, a thagraíonn na sean údair do thréithe na cáise a luann siad. Dhealródh sé, freisin, gur bhain cineálacha áirithe le ceanntair; bhain an mulchán le Port Láirge mar shampla.

Ba cháis ana chrua an mulchán agus bhíodh gá le tua chun a scoilte. Dob as bainne tanaí a dhéantaí é. Má bhí an mulchán cuíosach crua, ba charraig ar chruas an tanach (tanag). Thugtaí grús ar an tanach freisin. Bainne bearrtha a úsáití sa chás seo. Is le tanach a mharaigh Furbaire, M’dhb, de réir an scéil. Scaoil sé urchar tanaí léi as tabhaill. Deirim-se leat go mbeadh gá agat le Alka Seltzer nó dhó agus béile den cháis sin alptha siar agat.

Is ón leamhnacht a dhéantaí millsén. Murab ionann is an tanach ba éasca an cháis seo a dhíleá. Is dóca nách raibh mórán meas ag ár sinsear ar bhainne úr agus leamh-nacht a thabhairt air. B’fearr leo an bláthach nó an bainne géar le n-ól. Drúchtán a thugtaí ar an meadhg a bhíodh fágtha nuair a dhéantaí millsén. Bhíodh deoch eile meidhge ann go dtugaidís treabantar uirthi. Is eol duinn conas a dhéantaí í. Dob amhlaidh a chuiridís leamhnach ar fiucadh agus dhortaidís bláthach isteach san árthach. Théachtadh an meascán agus d’ólaidís fuar é.

Bhíodh cáis go dtugaidís m’thal uirthi le fáil, cáis bhog thais mar is léir ón ainm. Tá an focal maothal againn sa Mhumhain fós. Gruth buí nó bainne tiubh na bó taréis laogh a bhreith is brí leis. D’fhéadfadh go bhfuil baint ag an dá fhocal le chéile. Luaitear an cháis seo go minic sna sean leabhair. Dheintí rothaí móra dí agus chroctaí óna fraitheacha í le haibiú.

Agus an táth. Is ionann an focal táth agus gliú. Cáis ghrutha bhrúite a bhí innti. Dhéantaí an gruth a théamh agus a shuathadh go dtí go ngreamódh sé ina liathróid teann amháin. Chuirtí i múnlán í ansin chun cruth faoi leith a chur uirthi. Ní mór dhá shaghas eile a lua sula gcríochnód; faiscre grutha agus cáis bhainne ghéir. Cáiseanna botháin ab ea iad san.

Is leor sin mar theist ar choitiantacht na cáise roimh an 17ú haois. Tháinig meath ar an dtionscal san seachtú haois déag taréis Chionn tSáile. San 18ú haois ba iad na Gaill amháin a bhí ag déanamh cáise in Éirinn. Agus bhí ortha siúd, daoine oilte i gcúrsaí cáise, a bhreith anall ó Albain chun cabhraithe leo. Ní mar sin atá an scéal faoi láthair. Tá cúrsaí cáise go breá folláin arís.

Gluais: Rón = long hair as from an animal’s tail, or the cloth made from it called hair-cloth. Since rón is pronounced rún in some areas, I suspect it is related to ruainneach which means bristle or horse hair. Maothal nó bainne buí, = beestings, the rich milk of a cow after calfing. Bainne bearrtha = skim-milk. Leamhnacht = fresh/new milk. Bláthach = buttermilk. Gruth agus Meadhg = curds and whey.

PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8 a.m., an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8 a.m.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese