OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Fiche Bliain ag Fás

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Oíche Dé Sathairn, 15 Aibreán, tháinig slua mór de cháirde Ethel Uí Bhrógáin le chéile i bhFishkill chun comhghairdeas a dhéanamh leis an mbean uasal san agus chun buíochas a ghabháil léi as an obair éachtach atá déanta aici ar son teanga agus cultúr na hÉireann ar feadh na mblianta. Fiche bliain ó shin chuir sí tús le Daltaí na G’ilge. D’eagraigh sí an chéad Deireadh Seachtaine G’ilge i 1981. Ach bhí rud eile le ceiliúradh againn chomh maith, cothrom l’ phósta Bill agus Ethel, caoga bliain ó shin.

Bhí sé d’ onóir agam féin bheith im’ fhear a’ tí don ocáid shona stairiúil seo. Ní raibh mórán le déanamh agam ámh mar bhí gach mionsonra dá shuaraí eagraithe ag Liam Mac Giodaire agus Pádraig Ó Mulláin roimh ré. Fara sin chabhraigh Eibhlín Zurell agus Páidrigín Collum liom leis an charn mór litreacha a léamh.

Fuair Ethel lithreacha comhghairdis ón Uachtarán Bill Clinton, ó George Pataki, ó Daniel Patrick Moynihan, agus ó William D. Powers. Tháinig litir agus teistiméireacht ón Ionadaí Kelly, ón Seanadóir Saland agus ón Uasal Manning. Bhí litreacha ó Pheig Cloherty Cumann na G’ilge, Boston; Tomás Ó Súilleabháin, Montana; Peadar Gilmore, Baile Pitt; Ron Mac Conchrú, Ohio; Cóilín Owens i Washington; Conradh na G’ilge, Toronto.

Chum Frances Longworth, Gobnait Humphreys agus Eibhlín Zurell dánta in onóir do Ethel. Bhronn Máirín Stock leabhar álainn griangrafanna ar an aoi onórach. Bhronn an Dr. Frank Holt, Cumann na G’ilge N.J., plaic uirthi chomh maith. D’oscail an tAthair Charlie Coen an ceiliúradh le paidir agus chuir an Br. C.B. Ó Cuinn clabhsúr ar an oíche le paidir eile. Bhí ana oíche ar fad againn. Ag seo síos trí litir ó cháirde Ethel in Éirinn. Cheapas gur go mbeadh suim agaibh iontu.

A Ethel, a chara,

Sign up to The Irish Echo Newsletter

Is mór an chúis áthais dom an litir seo a chur chugat ar ócáid chomórtha do leathchéad bliain ag obair ar son na G’ilge agus ar son chultúr na hÉireann. Comhghairdeachas agus buíochas ó chroí leat as an éacht atá déanta agat. Is fada do cháil, a Ethel agus is faide do thionchar.

Tréaslaím leat as an lóchrann a choinneáil ar lasadh agus an aisling a choinneáil beo i l’thannta an dorchadais, san am nach raibh an tóir chéanna ar an Gh’ilge agus ar choltúr na hÉireann as atá le blianta beaga anuas. Tréaslaím leat as do dhílseacht, as do flaithiúlach agus as do ghrá do-bhogtha agus do-chloíte don teanga seo againne.

Tá mé féin agus muintir uile na hÉireann, go mór faoi chomaoin agat. Guím sonas agus séan, rath agus raidhse ort féin agus ar do chuid oibre.

Is mise le meas,

Máire Mhic Ghiolla Íosa, Uachtarán na hÉireann

A Ethel, a chara,

Ba mhaith liom comhgairdeachas a dhéanamh leat as an obair éachtach atá déanta agat ar son na G’ilge i Meiriceá. Tá fhios agam go bhfuil sé fiche bliain anois ó bhunnaigh tú Dáltaí na G’ilge agus go bhfuil go leor leor daoine taréis a bheith páirteach sna cúrsaí G’ilge a reachtáil tú i rith an ama sin. Tá a fhios agam gur iomaí duine a spreag teu le teacht go hÉirinn ar thóir an dúchaisGh’laigh. Mo mhíle beannacht chugat agus go mairfidh tú agus do shaothar.

Mise le meas,

Éamonn Ó Cuív, T.D.

A Ethel a chara,

Níor chuir mé aithne ort go dtí beagán sa bhreis ar bhliain ó shin, ach san achar ghairid sin is mór an meas agus an cion atá agam ort. Is léir dom an grá atá ag do chuid daltaí duit, grá atá tuillte agat le hallas do shaothair agus le cineáltas do chroí mór maith thar na blianta. Is inspreagadh agus eiseampláir thú do mhuintir na hÉireann, sa bhaile is i gcéin. Déanaim comhghairdeacgas leat as a bhfuil bainte amach agat ar son na G’ilge agus ar son chultúr na hÉireann. D’oibrigh tú gan stad, gan staonadh, gan fuaradh agus tá a bhfuil déanta agus tógtha agat le leathchéad bliain ina chreidiúint duit.

Mar fhocal pearsanta agus mar fhocal scoir, ba mhaith liom a rá gur ábhar lúchaire agus mórtais dom gur chuir mé aithne ort. Tá díomá orm nach dtig liom bheith i láthair chun d’aghaidh a fheiceáil agus gach duine dod’ mholadh go hard na spéire. Sonas agus séan ort, Ethel, rath agus raidhse, agus mar fhíor-fhocal scoir, ó Ultach go chéile: Up Ard Mhacha!!

Le meas agus mór-urraim,

Ray Mac Manais

A Chairde,

Ba mhaith liom a rá gurbh í Ethel duine de na daoine is spreagúla agus is pléisiúrtha ar chas mé leo ariamh agus mé ag plé le saol na G’ilge, in Éirinn agus ar fud an domhain, le fiche bliain anuas. D’fhear sí fáiltí móra romhsa agus múinteoirí eile as Oideas Gael i gcónaí agus muid ag triall ar imeachtaí Dhaltaí na G’ilge. Ceann de na tréithe is láidre atá ag Ethel ná go n-éiríonn léi foireann iontach tacaíochta a bhailiú timpeall uirthi, a bhíonn dúthrachtach dílis don Gh’ilge.

Tugann a saothar an deis do na mílte duine greim agus blas a fháil ar an Gh’ilge agus a saibhreas, deis a bheadh ceilte orthu ach amháin an obair iontach atá a dhéanamh ag Ethel agus Daltaí na G’ilge.

Guím gach rath ar Ethel agus Liam agus déanaim comhghairdeas, ach go háirithe, libh beirt ar bhur gcomóraddh 50 bliain. Le mór mheas agus beannachtaí chuig mo chairde uilig.

Liam Ó Cuinneagáin, Stiúrthóir Oideas Gael

Tamall de bhlianta ó shin agus mé ag cur síos ar Ethel dúras: Carraigh ar ciall í, saoi ar eolas, í grámhar bríomhar treorach. Má tháinig aon athrú uirthi ó shin ba i dtreo na grámhaireachta agus na bríomhaireachta é. A Ethel a chara, fad ar do shaol is l’thanta geala is go raibh sruth agus gaoth leat féin agus le Bill i gcónaí. Ádh mór.

PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8 a.m., an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8 a.m.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese