OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Hugh Smith, sa Bhaile Slán

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Bhíos ag múineadh G’ilge i Missoula, Montana, nuair a tháinig an droch scéal. Bhí Hugh Smith marbh. Chuaigh an scéal go smior ionam. Ní raibh sé ar fónamh le fada ach bhíomar ag súil le míorúilt. Ghlaoigh Dia chuige féin é ar an 16 Eanáir, sé bliana dheag agus an lá a d’imigh Séan McGlynn uainn. Luas bás Hughie ós comhair an ranga agus sul a raibh seans agam a rá leo cérbh é nó cér dhíobh é scairt ceoltoir dárb ainm Kim McKee amach: "Nách raibh sé siúd ina Chathaoirleach Náisiúnta ar CCÉ?" "An fear céanna," arsa mise. Chuaigh cáil an fhir uasail san áit nár leag sé cos riamh.

Chaith Hugh seal ina Uachtarán freisin ar an Cavan Football Club, an "Mullahorn Club," "Cavan Fife and Drum, "Pioneers," "Irish American Society of Nassau, Suffolk and Queens," "New Hyde Park Gaels," "Mullighan-Quinn Branch CCÉ." Bhí a chroí sáite sa cheol agus sa chultúr.

Dá mairfeadh Hugh cúig céad bliain ó shoin bheadh sé ina thaoiseach mór le rá. Ba cheannaire beirthe é. Bhí sé in ann duine a chur ar bhóthar a leasa i ngan fhios dó féin. Is cuimhin liom bheith taobh leis sa tséipéal ag sochraid Peggy Conlin, bean Andy, ar dheis Dé go raibh a hanam. "Tá súil agam go ndéarfaidh duine éigin paidir as G’ilge," arsa mise. "Téigh féin suas," arsa Hughie. Nuair a chonnaic sé go rabhas idir dhá chomhairle, dúirt sé; "Suas leat, tógfaidh sé cian de chroí Andy bhoicht." Níor fhág sé an tarna suí sa bhuaile agam. Suas liom. Nuair a thángas ar ais ní dúirt sé ach — "Anois!" Chuir sé ar mo shúile, ina shlí dheas féin, go raibh dualgas le comhlíonadh agam.

Rugadh Hugh i 1937, i Mullahoran, Co An Chabháin, an triú duine de dheichniúr clainne, — Nora, Jimmy, Hugh, Phyllis, An tAthair Tom, Tony (Antóin), Oliver, agus triúr a rugadh in éineacht Helen, Michael agus Joseph. Níor mhair ach Helen den triúr. Buachaill lúfar gasta ab ea Hugh, suim mhór aige sa pheil agus i ngluaisteáin. Ba bhreá leis bheith ag scrudú agus ag deisiú inneall. Nuair a bhí sé ceithre bliana dhéag chuaigh sé chun conaithe le haintín leis i Muineachán agus d’fhreastal sé ar scoil theicniúil ansin. Chaith sé tamall de bhlianta ina mheicneoir. I 1958 thug sé a aghaidh siar ar an Oileán Ur. De bharr a chuid eolais ar innill fuair sé post mar mheicneoir le Brooklyn Union. Casadh Maureen air sna Catskills agus phósadar i 1961. Saolaíodh triúr clainne dóibh, Phyllis, Theresa agus Tommy. Ba lánúin shona iad ar feadh na mblianta. I 1992 tháinig an ailse dhamanta aniar aduaidh ar Hughie.

A leithéid de thórramh ní fhacas riamh. Na sluaite ag feitheamh go foighneach ar an tsráid chun slán a fhágaint ag a gcara. Agus ní raibh duine amháin acu nár mheas Hughie ina chara pearsanta aige féin. Bhíos ag éisteach le daoine thart orm agus a scéal féin ag gach duine faoi. Scéalta féile agus flaithiúlachta scéalta comharsanúlachta agus carthanachta, scéalta ceoil agus siamsa. Na mílte gníomhartha beaga cabharacha Sea, bhí an fhéile ag roinnt leis riamh agus deir siad nách ndearmadann Dia fear an chroí mhóir. Istigh sa tseomra, taobh lena fear mar ba ghnáth, a clann timpeall uirthi, bhí Maureen ag feidhmiú go calma. Is ag Dia amháin atá fhios cé mhéid a chéas sí le déanaí. Go dtuga Dia suaimhneas di.

Never miss an issue of The Irish Echo

Subscribe to one of our great value packages.

Léigh Fr. Tom an t-Aifreann. Bhí slua sagart ag cabhrú leis, ina measc beirt Gh’ilgeoirí Fr. John Malone agus Fr. Seán McDonnell. Bhí an seipéal lán go doras. A leithéid de cheol caointeach aluinn ríméideach. Antóin, a iníon Áine agus Joanie Madden agu Martin Mulhare a bhí ag seinm. Ceol sí. Thug Fr. Tom caint bhrea dúinn óna chroí amach, ar shaol Hughie. Labhair Lábhrás Ó Morchú, Ard Stiúrthóir CCÉ, fear a raibh an aithne aige ar Hughie agus ard mheas aige air. Bhí misean ag Hughie, dúirt sé, agus ba fhear gnímh é. Chuir sé a chuid cainte chun críche i gcónaí. Luaigh sé cé chomh fáilteach is a bhí Hugh agus Maureen i gcónaí nuair a thagadh cuairteoirí chun an dorais — lán busanna díobh ar uairibh.

Bhíomar inár seasamh timpeall na huaighe i Holy Rood. Bhí Pat Reilly agus Joe Madden taobh liom agus chonaiceas araon iad ag dearcadh suas. – "A Mhuire Mháthair cad é sin," arsa Joe? D’fhéachas suas tríd na crainn agus bhí cros mhór bhán sa spéir ghorm ós ár gcionn. Cros fhoirfe. Déarfadh duine gan mórán céille gurbh amhlaidh a d’fhág dhá eitleán a rian sa spéir i bhfuirm croise de thimpiste. Ach thuigeamar láithreach go raibh Hughie ag tabhairt comhratha dá cháirde go raibh sé sa bhaile slán. Sheinn Antóin, Áine, Joanie, Martin Mulhare, Matty Connolly agus Tommy Smith dreas ceoil sa reilig.

Bhailíomar i hala an IA i Mineola taréis na sochraide. Chaith Hughie píosa maith dá shaol ann agus braithfimíd uainn sa todhchaí é. Bhí béile breá againn a bhuí sin le Bridie Mahoney, Brendan Kearns agus na baill. Casadh Bríd agus Seán Rabhartaigh orm. "Tá cara thuas againn anois," arsa Seán. "Tá agus tá craobh úr Mullighan-Quinn ann fosta," arsa Bríd. Bhí seans agam labhairt le cuid de mhuintir Mhic Ghabhann. Thóg Antóin a chlann le G’ilge agus thóg sé mo chroí Áine a chloisint ag labhairt G’ilge líofa snasta. Bheadh Hughie an mhórálach astu go léir.

Níor ghlac uabhar ná éirí in áirde Hughie riamh. Ba dhuine uasal ceart críochnaithe é agus Gael ó thalamh. Shiúlfá Éire gan teacht ar dhuine chomh nádúrtha Gaelach leis. An daonacht agus an g’lachas a thug sé leis ó dhúchas níor thréigeadar riamh é. Bhí sé d’ádh orainn gur shiúl sé ‘nár measc ar feadh tamaillín. Ní miste dúinn bheith buíoch go raibh fear dá chumas ar ár gcine.

PS: Fuaireas fax ó Mhícheál de Mordha á rá go bhfuair Seán Mhaidhc Léan Ó Guithín bás an Domhnach seo caite. Iarbhlascaodach go raibh cáil mhór air mar shaineolaí ar shaol na n-oileánach ab ea Seán. Ba gharmhac do Rí an Oileáin é. D’fhág sé an tOileán 17 Samhain 1953. Maireann a dheartháir, Muiris fós i mBaile an Rátha. Suaimhneas síoraí dá anam.-

PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese