OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Imram Alexei

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Bhí Bran mac Febail lá ag siúl leis fhéin, gar dá dhún. Chuala sé ceól iontach laistiar de agus d’iompaigh sé ar a sháil ach má iompaigh bhí an ceol fós taobh thiar de. Taréis tamaill chuir an ceol ina chodladh é lena bhinneas agus nuair a dhúsaigh sé bhí ubhall-chraobh bhláfar lámh leis ar an dtalamh. Thóg sé an chraobh agus rug leis í isteach sa dún. Bhí slua bailithe ann. Go tobann thaispeáin " bean as tíribh ingnáth" í féin ós a gcomhair. D’fhéach sí idir an dá shúil ar Bhran agus chan sí caoga rann. Mar seo a thosnuigh sí: "Craobh dind abaill a hEmain dofed* —." Cuireadh a bhí á thabhairt aici do Bhran dul ar imram thar muir mhór. Dob ionann an chraobh agus cárta cuiridh. ( * An apple branch I bring from Avalon.)

Ina leabhar nua-fhoilsithe, The Apple Branch, A Path to Celtic Ritual, tugann Alexei Kondratiev cuireadh dúinn teacht ina theannta ar lorg Eamhain Abhlaigh agus iontaisí dochreidte an domhain Cheiltigh a bhreathnú ar feadh an bhóthair. Is bóthar é a thógfaidh ar ais go dtí ár bhfréamhacha sinn. Ach, má ghlacaimíd leis an gcuireadh, ní bóthar réidh é i gcónaí a bheidh romhainn, deir Alexei, ach tugann sé léarscáil dúinn lenár dtreoiriú. Míníonn sé na comharthaí agus na siombailí a chasfar orainn sa tslí dúinn. Cuireann sé anam arís sna searmanais Cheilteacha. Agus dá mba mhian le héinne a shlí fhéin a thoghadh níl cosc air ach na siombailí a bheith ar eolas aige.

Ach cad ab áil linn dena searmanais agus den tsean saol Ceilteach? Cén bhaint atá ag na sean nósanna leis an lá atá inniu ann? Tá, ar ndóigh, baint mhór. Mar shampla, ba chuid lárnach de chreideamh na gCeilteach úsáid chiallmhar a bhaint as a dtimpeallach. Ba rud naofa í an talamh. Bhí dlúth-bhaint ag an rí leis an dtalamh. Bhí an rí ina fhear chéile ag bandia na talún. Níor mhór dó aire mhaith a thabhairt di nó bheadh droch rath ar an gceantar. Dhá mhíle bliain sul ar thosnaigh daoine ag trácht ar "caomhnú" thuigh na Ceiltigh go raibh cead ag an gcine daonna na hacmhainní nádúrtha a úsáid chun sochair shóisialta agus eacnamaíochta, ach, ag an am céanna go raibh sé de dhualgas orthu na hacmhainní san a chaomhnú agus a choimeád slán don todhchaí. Bhí meas acu ar an dúlra.

Tá cuid mhait saineolaithe á rá anois go bhfuil an domhan i mbaol mór de dheasca truaillithe. Táid ag tuar le fada droch chríoch don chinne daonna muna n-airí siad béasa. Tá an crios ózóin á scriosadh ag fluaraícharbón. Gach lá tá gnáthóga á lot de bharr ghníomhaíochtaí daoine, — tógáil tithe, úsáid lotnaidicídí agus ceimiceáin eile, camras, deatach, brúscar agus mar sin de. Níl fhios ag éinne cé mhéad dríodar núicléach atá caite go míchúrmach ar grinneall na farraige. Níor ghá ach beagán chun reilig a dhéanamh de phíosa maith den domhan. Mar shampla thárla astitim in Éirinn de dheasca na tubaiste núicléiche i Chernobyl a d’fhág an dúil c’siam-137 sa bhféar a chuaigh as sin isteach i mbainne na mbó. Bhí leibhéal sách ard radaighníomhaíochta sa bhainne go ceann tamaill ina dhiaidh sin. Níl na tíortha móra ná na comhlachtaí móra idirnáisiúnta, agus is acu siúd atá an t-údarás dáiríre, fós réidh chun cosc a chur leis an lot. Saint chun an airgid agus na comhachta is cúis le sin. B’fhéidir gur mithid dúinn claoí arís le cleachtais dreama a raibh meas acu ar a dtimpeallacht agus ar an nduine aonair agus amhras acu as comhachtaí móra lárnacha.

Tá leabhar Alexei lán d’ fhíricí. Cé gur scríobh sé mar aonad é – tá snáth leanúnach ann ó thosach deireadh – fós d’fhéadfadh duine dul go leathnach 155 agus eolas domhain a fháil ar Bhealtaine nó go leathnach 105 dá mbeadh eolas uaid ar fhéile na Samhna. Tá gearrinsint ann ar stair na gCeilteach agus na dtíortha Ceilteacha ó thosach go dtí an lá tá inniu ann. Pléann sé timthriallta na gréine agus na geallaí, agus na féillte a bhaineann leo. Tógaimís Lá Le Bríde.

Sign up to The Irish Echo Newsletter

Imbolc nó Oímealg a thugaidís ar an bhféile sa chian aimsir. Tá baint ag an gcéad fhocal le bligh (crúigh) na Nua-Gh’ilge agus sé brí a bhí leis ná bleachtanas nó lachtadh. Tagann an tarna ceann ó Ouimelko an tSean-Cheiltigh = bainne na caorach. Nuair a chéad chonaic na Ceiltigh an bainne ag teacht i gcíocha na gcaorach bhí fhios acu go raibh greim an gheimhridh ag bogadh. De réir Fhéilire Choligny — féilire Ghailleach atá scríofa ar phlátaí umha is atá i dtaisce i Mús’m Lyons — thugtaí Ogronios ar an mhí sin. Dhealródh sé gur "deireadh an fhuachta" is brí leis an bhfocal. Féach Samhain < samh fuin = deireadh an tsamhraidh. Níl anso ach blas bídeach den iomlán.

Molaim an leabhar go hard. Dob fhada mé ag tnúth le leabhar ón bhfear léanta seo. Is iontach an bronntanas Nollag é agus tá sé beagnách gan faic. Cuir glaoch ar Aingeal nó Denise ag 212-274-1923 agus faigh cóip. Agus ná déan dearmad ar cad dúirt an bhean ó thíorthaibh coimhthíochta le Bran: "Ná tuit frí lige lesce" ach "Tinscan imram tar muir glan." Sé sin le rá "ná bí i do phráta toilg (couch potato) ach tabhair faoi thuras mara." Rath ó Dhia oraibh!

PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8 a.m., an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8 a.m.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese