Le Ray Mac Mánais
An chéad rud agus an rud ba mhó ab’ ionadh liomsa fán Gh’ilge agus mé i mo ghasúr óg ná go raibh a leithéid de rud is an Gh’ilge ann. Tógadh le Béarla mé i bparóiste Ard Eoin, i gcathair Bhéal Feirste agus Béarla uilig a bhí thart orm. Ach níor thuig mé nach raibh G’ilge agam!
Bhí mé iomlán cinnte agus sásta im’aigne gur ‘Irish’ a bhí á labhairt agamsa agus ag mo chairde, siocair gur Gh’il muid, agus gur ‘English’ a bhí á labhairt ag lucht an BBC mar gur Sasanaigh a bhí iontu sin agus gur ‘Meiriceáinis’ a bhí á labhairt ag na buachaillí bó agus ‘Mexiceáinis’ a bhí ag na leaids a thug ‘gringos’ ar na buachaillí bó.
Dar liom nach raibh ann ar chlár an domhain ach an dá theanga: uimhir a haon an teanga choitianta seo a raibh a ndóigh féin ag achan náisiún lena fhuaimniú, sé sin gur labhair na hÉireannaigh Irish, na Sasanaigh English, na hAlbannaigh Scottish agus mar sin – agus uimhir a dó an teanga rúndiamhrach eile sin nár thuig duine ar bith ach na sagairt agus Dia: sé sin Laidin an Aifrinn.
Bhí mo chuid paidreacha ar eolas agam i nG’ilge ó mo mháthair: bhí ‘In ainm an Athar’ agam, ‘Sé do Bheatha a Mhuire’ agus an ‘Ár n-Athair’, ach de bhrí nár thuig mé focal ar bith dá raibh iontu, agus siocair gur ag caint le Dia agus an Mhaighdean Muire a bhí mé, shíl mé gur Laidin a bhí mé ag labhairt.
Thit an tóin as mo shaol an lá a chuaigh mé ag an phictiúlann in éineacht le huncail liom. I dtreo dheireadh an scannáin bhí Geronimo ag caint le scaifte Apaches. Caithfidh sé gur úsáideadh foth-theidil mar chuaigh an comhrá dothuigthe seo ar aghaidh ar feadh tamaill maith agus bhí mise caillte ar fad. Níor thuig mé cad é mar a thuig siad a chéile. Nuair a cheistigh mé m’uncail faoi seo mhínigh sé domh gurbh í a dteanga dhúchais féin a bhí á labhairt ag na Apaches.
Sign up to The Irish Echo Newsletter
B’shin a lá a fuair mé amach go raibh a leithéid ann is teangacha eile, go raibh a leithéid ann is teanga na G’ilge. B’shin an lá a nochtaíodh domhsa go raibh teanga ársa álainn ag muintir na hÉireann agus nach raibh agamsa di ach cúpla paidir.
Bhí mé trí chéile. Bhí mé croí-bhriste. Fuair mé amach go raibh Gaeltachtaí ann inar labhair daoine an teanga seo an t-am uilig. Fuair mé amach go raibh dornán maith daoine i mo chathair féin a raibh an Gh’ilge acu. Ach an rud ba mhó a chorraigh mé den mhéid a fuair mé amach an lá sin ná go raibh G’ilge ag mo shinseanmháthair, maimeó mo mhamaí a rugadh agus a tógadh i nDeisceart Árd Mhacha agus a fuair bás tamall maith sular tháinig mise ar an tsaol.
Dar le mo mháthair agus an ghlúin ‘s aicise gur naomh cruthanta a bhí i mo sheanmhaimeó, gur bean álainn, lách, léannta a bhí inti. Dar liomsa gur fealltóir a bhí inti cionn is nár fhág sí an teanga a fuair sise mar oidhreacht le huacht do na glúnta a tháinig ina diaidh. Thóg sé tamall maith de bhlianta orm an peaca seo a mhaitheamh do mo sheanmhaimeó, gur bhris sí an ceangal teanga a chuaigh siar siar isteach i gceo na staire.
Níl mé cinnte fós an bhfuil an peaca sin maite agam go hiomlán di, mar b’ise ba chúis le mé féin a bheith i bpeaca. Ón lá sin a chuala mé Geronimo ag caint leis na Apaches agus a thuig mé nach raibh teanga mo shinsear agam, bhí mé in éad leis an lucht sin a raibh an Gh’ilge acu ón chliabhán agus i bhfearg leis an scaifte díobh nár mhór leo an bua a bhí acu.
Samhlaíodh domhsa an Gh’ilge féin agus í a fhoghlaim a bheith mar iontas na n-iontas. B’fhada lom an lá a bheinn ábalta ar chomhrá a bheith agam i nG’ilge. Insan cheantar inar rugadh mé ní raibh craobh den Chonradh ná ranganna G’ilge ar fáil. B’ionadh liom é seo, mar ba chuid thábhachtach den tsaol é do mhuintir Ard Eoin ár bhféiniúlacht a chur in iúl i bhfiainise a raibh de Ghalldachas thart orainn.
Geiteó a bhí in Ard Eoin, buailte suas le bealach mór a raibh sé de nós ag Oráistigh bheith ag máirseáil air sa tsamhradh. I rith na míonna Iúil agus Lúnasa bhíodh muid fá léigear. Bhí bealaí éagsúla againn chun féiniúlacht ár muintire náisiúnaí a léiriú: chuirtí fógraí ar na ballaí ag guí droch-chríoch ar Bhanríon Shasana, ar Brookeborough agus ar na B Specials; dhéantaí múrphictiúir a pheinteáil den Sáirséalach agus den Chonallach; chaití maslaí ag an lucht Bhuí agus in amanna chaití clocha. Bhí mé i gcónaí den bharúil láidir gur cumhachtaí agus gur éifeachtaí i bhfad a bheadh na maslaí sin dá gcaití i nG’ilge iad . . . cibé fá na clocha.
Chuir mé aithne ar chol seisir liom a raibh an Gh’ilge go maith aige. Ón am a casadh orm é bhí an fear bocht cráite agam. Agus é ag caitheamh frásaí agus abairtí liom mhínigh sé dom nár liom focal ar bith go dtí gur úsáid mé é. Botún mór a bhí ann. Bhí mé cíocrach chun focail de mo chuid féin a bheith agam. Níor chaill mé seans mo stór focal a úsáid sa dóigh go mba ‘liom féin’ gach aon uile cheann díobh. Tá an fear sin le naomhú fós. Is léir dom anois gur fhulaing sé pianta na Purgadóra agus an gasúr óg seo dá shíor-chéasadh, dá chiapadh agus dá chrá. Níor cháin sé riamh mé ach mhól sé i dtólamh, go hard na spéire, mo chuidse G’ilge a bhí bacach, bocht, briste.
Thosaigh mé ag freastal ar ranganna G’ilge ar Bhóthar na bhFál agus cibé cúpla pingin a fuair mé in aghaidh na seachtaine mar airgead póca chuaigh siad ar tháillí ranga. Deirtear gur contúirteach an rud é ardmheas a bheith agat ar dhuine nó ar rud sula gcuireann tú aithne cheart air, mar an faoileán a eitlíonn ró-ard níl bealach ar bith eile le dul aige ach síos. Ach ní an dá mhar an chéile iad an teoiric agus an cleachtadh, agus de réir mar a d’fhoghlaim mé is ea is mó an meas a bhí agam ar an teanga.
Chuaigh mé gnáth-bhealach an fhoghlaimeora: thug mé cuairteanna ar an Gh’ltacht, d’fhoghlaim mé na hamhráin, léigh mé na gearrscéalta agus na húrscéalta agus na beathaisnéisí . . . agus thit mé i ngrá leis an fhilíocht. I gcuid dánta Sheáin Uí Ríordáin léigh mé fán ‘Mise agus Mise Eile’ agus d’aithin mé gur iomláine mise mar Éireannach an Gh’ilge a bheith agam. Léigh mé fán chrá croí a d’fhulaing an Direánach agus é stoite amach óna dhúchas agus thuig mé dó.
Sular tháinig mé in aois fir tharla dom bheith sa Bhreatain Bheag ar saoire. Bhí mé ag stopadh i dteach ósta ina raibh muintir an tí dhátheangach. Lá amháin tháinig an gasúr óg isteach sa chistin, áit a raibh mise agus a mhamaí ag caint. Labhair sé lena mháthair i mBreatnais. Chuir an mháthair stop leis láithreach agus dúirt sí leis casadh ar an Bhéarla in omós dom’ aineolas ar an Bhreatnais. Ghabh sé leithscéal agus thiontaigh sé ar an Bhéarla gan stró. Ní raibh ann ach eachtra bheag bhaoideach ach bhí an-tionchar ag an scéilín sin orm. Thosaigh mé ag guí Dé go dtiocfadh an lá go mbeadh leanaí de mo chuidse chomh compórdach, sómasach, nádúrtha ag labhairt na G’ilge go mbeadh ormsa iarraidh orthu tiontú ar an Bhéarla ar mhaithe le béasaí. Agus tharla sé. Ní minic a tharla, ach tharla sé!
Deirtear go mbriseann an dúchas trí shúile an chait, ach cá fada a mhaireann an dúchas in anam an chine agus é tur, tirim, seasc? Níl a fhios agam. I gcás mo theaghlaigh féin fágadh dúchas na G’ilge trí ghlúin gan bheathú, gan chothú, gan chúram agus bhris sé tríd mo shúile. Nach ormsa a bhí an t-ádh. Agus nach ormsa a bhí an t-ádh go raibh mé in ann mo bheatha a thuilleamh trí mheán na G’ilge, mar is lucht a labhartha a chuartaím agus a gcomhluadar sin is ansa liom.
An cháil atá ar litríocht na G’ilge, ar a seandacht agus ar a fairsinge ní thig é a shéanadh. Ach mura mbeadh de litríocht againn ach an méid atá scríofa ag an ghlúin atá anois beo, bheinn fós i ngrá leis an teanga seo againne, lena rithimí, lena binneas, lena saibhreas. Cuimhním ar an Gh’ilge bhlasta fhileata a d’fhoghlaim mé ó fhear Gaeltachta fadó. Nuair a cheistigh mé é faoi litriú focail fuair mé amach nár chaith sé ach trí lá ar scoil lena shaol. Ní raibh léamh ná scríobh aige ach bhí saibhreas G’ilge aige nach mbeidh agamsa nó ag mo leithéid fhad a mhairfidh mé beo.
Is corrdhuine séanta a bhíonn go hiomlán sásta lena chuid. Rian de pheaca an tsinsir, adeir siad, a fhágann an chuid is mó dínn ag santú an ruda nach féidir a fháil. Tá mé féin chomh ciontach le duine ar bith eile, cé gur ruidín beag baoideach a bhím ag santú agus níl mé cinnte an dtig liom é a fháil nó nach dtig. Ní miste dom a admháil go bhfuil rud beag den éad fós orm. Tá mé in éad libhse, a chainteoirí dúchais na G’ilge ar an ábhairín beag seo amháin. Níl mé iomlán cinnte faoi seo, ach sílim . . . sílim . . . gur i mBéarla a bhíonn an chuid is mó de mo bhrionglóidí.