Le Barra O Donnabhain
Tá scamall éigin os cionn na hÉireann
Nár fhan dúil i gcéilíocht ag fear ná ag mnaoi.
Ní athníonn éinne des na daoine a chéile,
Is tá an suan céanna ar gach uile ní.
Ní miste spéirbhean bheith amuigh go déanach,
Follow us on social media
Keep up to date with the latest news with The Irish Echo
Níor fhan aon tréine sna fir a bhí,
Níl ceol in aon áit ná suim ina dhéanamh,
Is ní aithním glao cheart ag bean chun bídh.
Amhrán an Ghorta – Ní fios cé scríobh.
Is beag nár chuir an Gorta agus an imirce a lean é deireadh leis an gceol traidisiúnta in Éirinn. Scaipeadh na ceoltóirí agus an dream díobh a d’fhan in Éirinn mharaigh an t-ocras agus an t-anró aon tsuim a bhíodh acu i ndéanamh ceoil. Ach mhair spré éigin den cheol in áiteanna sa tír agus níor cailleadh ar fad an saibhreas a d’imigh thar lear. Bhailigh Captain Ó Neill na mílte píosa ceoil ósna himircigh i Chicago agus shábháil sé ón uaigh iad. Bhain ceoltóirí na hÉireann ana úsáid as leabhar Uí Néill ina dhiaidh sin. Sna triocaidí spreag céirníní Coleman agus Morrison na céadta ceoltóir thall is abhus. Ó thosach bhí lámh nách beag ag ceoltóirí a tháinig go Meiricea in athbheocan, i gcaomhnú agus i scaipeadh an cheoil traidisiúnta. Táid gníomhach fós. Tá Gaillmheach caoin uasal ceolmhar ar an mbaile seo ag scaipeadh ceoil bhrea thraidisiúnta le caoga bliain anuas. Jack Coen atáim a rá.
Fán am a rugadh Jack Coen, i Woodford in Oirthear na Gaillimhe in 1928, bhí an ceol ag teacht chuige féin arís sa cheantar. Ba cheoltóir le dealramh a athair, Mike. Bhí an tAthair Tom Larkin i mbun oibre ag bunú na "Ballinakill Traditional Players" agus bhí leithéidí Stephen Maloney agus Tommy Whelan, Tommy White, Kevin Maloney, Aggie White, Jerry Maloney agus Anna Rafferty sa bhanna ceoil aige. Sea, bhí ceol timpeall Jack ó thús. Mar a chuir a dheartháir, an tAthair Charlie Coen, go deas gonta é — "Ba thabhachtaí go mór an ceol inár dteachna ná an bia." Chreidfinn é.
Fuair Jack sean C feadóg nuair a bhí se ocht mbliana d’aois. Deir sé nách raibh meas madra ag ceoltóirí na háite ar an bhfeadóg bhocht ag an am. Bréagán a bhí inti do pháistí, dar leo. Lá mór ina shaol ab ea é nuair a fuair sé sean fhliúit ó cheoltóir darbh ainm Tommy Gaffey. Bhí an fhliúit seo ag titim as a chéile ach d’éirigh leis í a chur ar deil agus réitigh sí beart dó go ceann tamaill. Ansan, ar ámharaí an tsaoil, fuair deartháir leis ceann dó ar chúig scilling i siopa gill, i mBÁC. Bhí sé ar mhuin na muice.
Is cuimhin le Jack go raibh suas le céad port ina cheann aige faoin am a bhí sé ocht mbliana d’aois. D’fhoghlaim sé conas ceol a léamh go luath ina shaol. Fuair sé neart ceoil óna athair féin agus ó thriúr ceolteoirí eile, Tom Gaffey, agus Jim agus John Conroy. Bhí an tionchar ag Jim Conroy air, deir sé i gcónaí. Théadh sé go minic go dtí na céilithe i mBallinakill freisin, áit a mbíodh Eddie Moloney agus Jack Coughlin, na fliúiteadóirí cáiliúla, le cloisint. Ach cé nách raibh aon easpa ceoil sa cheantar bhí easpa oibre ann. B’éigin do chuid acu imeacht. Ina measc bhí ceoltóirí.
Sa bhliain d’aois an tiarna 1949 thug Jack a aghaidh ar Nua Eabhrac. Lasmuigh de bhliain go leith a chaith sé i Nua Jersey, is ann atá sé ó shoin. Thóg Jack agus a bhean ionúin Julia seisear clainne sa Bhronx. Nuair a tháinig Jack bhí greim daingean ag ceoltóirí Shligigh ar an gceol traidisiúnta. Dá luafá ceol traidisiúnta le duine sa chathair seo, ba iad Coleman, Morrison, Killoran, Lad Ó Beirne , Martin Wynne, nó Andy McGann is túisce a thiocfadh chun a chuimhne. Bhí líonra ag na ceoltóirí seo nár bhain Jack agus leithéidí Joe Cooley, Kevin Keegan, Mike Rafferty, Mike McHale, Joe Madden, Seán Mc Glynn, Joe Burke agus Martin Mulhare leis. Ach i ndiaidh a chéile chruthaíodar-san líonra dá gcuid féin. Ó na caogaidí ar aghaidh bhí dhá chanúint nó dhá stíl den cheol traidisiúnta le cloisint i Nua Eabhrach. Chuir an dá thraidisiún le saibhreas an cheoil.
Ag céilithe agus feiseanna is mó a chloisfeá an ceol traidisiúnta ins na caogaidí agus na seasgaidí. Cinnte bhíodh seisiúin ar siúl i dtithe príobháideach i gcónaí ach níor mhór duit cuireadh chun na n-ócáidí sin. Murab ionann is na l’thannta seo ní raibh ceol traidisiúnta le cloisint sna tithe tabhairne agus sna hallaí rinnce.
I 1956 casadh Paddy Ó Brien ar Jack agus é díreach taréis teacht anso ó Éirinn. Chuir Jack aithne ar Larry Redican timpeall an ama chéanna. As san amach bhíodh an triúr san ag seinm i dteannta a chéile go rí mhinic. Faraoir chuaigh Paddy ar ais go hÉirinn i 1962. D’éirigh an-cháirdeas idir Jack agus Larry Redican, cáirdeas a mhair go bhfuair Larry bás go tobann i 1975, ar dheis Dé go raibh sé.
Bhí Jack ina bhall den fhoireann "The New York Céilí Band" i dtosach na seascaidí. Ina theannta sa bhanna bhí, Larry Redican, Andy McGann, Paddy Reynolds, Paddy Ó Brien, Mike Dorney, Gerry Wallace agus Felix Dolan. Bhí clú agus cáil ar an mbanna céanna, ní nách ionadh.
Ceal spáis ní féidir liom scéal iomlán an fhir iontaigh seo a aithris, ach tóg uaimse é — tá Jack níos gnóthaí anois ná mar a bhí sé riamh. I mbliana insealbhaíodh i gClú Halla Chomhaltas Ceoltóirí Éireann é. Thug sé camchuairt coicíse ar an bhFrainc, in éineacht lena mhac Jimmy agus a dhalta Patrick Ourceau. Beidh sé ag múineadh ceoil i mBoston College ag an Gaelic Roots ag deireadh na míosa seo. Tá sé ag múineadh ceoil do thríocha dalta, — dála an scéil, bhíodh Jonnie Madden ina dalta aige. É sin go léir agus bíonn sé fós ag seinm go rialta sa chathair.
Fuair Jack Coen saibhreas ceoil le hoidhreacht. Níor leasc leis riamh an saibhreas sin a roinnt linn. Is saibhrede sinn go léir a fhlaithiúlacht. Guím-se rath Dé ar Jack, Julia agus ar a gclann.
PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.
An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.