OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai James Daly uimhir a 35025

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Ar 27 Meitheamh,1920, i Jullundur i bPunjab na hIndia, tháinig dream saighdiuirí óna Connaught Rangers le chéile agus chinneadar ar phlean. Chinneadar ar agóid a dhéanamh i gcoinne eachtraí rialtas Shasana in Éirinn. Éireannaigh don chuid is mó a bhí sna "Rangers" agus bhí Cogadh na Saoirse ar siúl sa bhaile ag an am. Ba shaighdiurí de chuid arm an rí iad féin agus ghoil sé orthu go raibh saighdiuirí Shasana ag marú Éireannach in Éirinn agus na Rangers ag troid ar son na hImpireachta ar an dtaobh eile den domhan. Phléadar na cúrsaí seo an oíche úd. Ó thaobh na Sasanach dhe ba ag cumadh ceannairce a bhíodar. Bhí Joseph Hawes ina shaghas ceannaire ar an gcrinniú agus dob as Cill Rois, Co An Chláir dó. Bhí fear eile ar an gcrinniú darbh ainm William Daly agus dob as Bealach an Tirialaigh, Co. na hIarmhí dó siúd.

An mhaidin dar gcionn nuair a thángadar amach ar paráid las Joseph Hawes toitín agus shiúl sé go neamhchorrabhuaiseach amach go dtí an áit a raibh an t-oifigeach a bhí i gceannas orthu ina sheasamh. "Is Éireannaigh sinnne agus nílimíd chun tuilleadh saighdiúireachta a chleachtadh thar cheann an rí ‘ fhaid is atá saighdiúir amháin Sasanach ar thalamh na hÉireann. Le sin d’órdaigh sé dá chomrádaithe a ngunnaí a chaitheamh uathu. Thógadar anuas an Union Jack agus d’árdaíodar an Trídhathach. Bhí na Connaught Rangers ar stailc. *Ceannairc a thug rialtas Shasana air agus ceannairc a bhí ann. (*mutiny)

Chuir Hawes teachtairí le scéala chun na Rangers i Solon agus Jutogh ag iarraidh orthu cabhrú leo. Níor thug an dream i Jutogh aon aird orthu. Ach i measc na bhfear sa bheairic ag Solon bhí James Daly deartháir le William agus ba cheannaire beirthe é. Bhí cúrsaí in Éirinn ag cur isteach air freisin. Shocraigh James agus a chomrádaithe ar agóid a dhéanamh láithreach agus chuadar ar stailc.

Bhí séiplíneach i Solon, an tAthair Benjamin Baker agus d’iarr sé ar Daly agus a chomhchealgairí a n-airm a thabhairt suas agus iad a chur faoi ghlas ar eagla na heagla. Bhí muintir Punjab thar a bheith míshasta leis na Sasanaigh, ag an am, agus ní fheadar d’éinne cad a dhéanfaidís dá bhfaighfidís an deis. Dá mbeadh fhios acu cad a bhí ar siúl sa bheairic. Thuigh Daly agus na Rangers an scéal agus bhíodar sásta na gunnaí a chur faoi ghlas. Rinneadh é. Ach an oíche chéanna thángadar ar athchomhairle agus thugadar faoi na gunnaí a fháil ar ais. D’ionnsaíodar an áit a raibh siad agus scaoil na hoifigigh futhu. Maraíodh beirt, Patrick Smythe agus Peter Sears. Níor mhair an cheannairc i bhfad ámh. Faoi cheann trí lá tháinig dreamanna saighdiuirí dílse agus ghabhadar na hagóideoirí ar fad. D’adhmhaigh Daly gurbh é a bhí i gceannas i Solon -"If you want to know who the leader is, I am — James Daly, number 35025 of Tyrellspass, Co. Westmeath." Níor shéan sé riamh go ndúirt sé é.

Cad a spreag na Connaught Rangers thar aon dream eile troid i gcoinne cumhacht na hImpireachta. Gan dabht bhí baint éigin ag an bpolataíocht leis an gceannairc. Bhí fo-dhuine i measc na Rangers ina bhall den IRB, ach go bhfios d’éinne ní raibh aon bhaint ag James Daly féin leo. Ach bhí litreacha le droch scéala ag teacht chucu ó Éirinn. Ba smaointí polaitíochta cinnte a chuir ina gceann brat na hÉireann a ardú agus cnaipí Shinn Féin a chaitheamh ar a gcótaí. Tá fhios againn cad a spreag Joseph Hawes. De réir a thuairisce féin chuir eachtra a tharla i gCo an Chláir fearg agus déistin air. Is amhlaidh a bhí sé sa bhaile ar a l’thannta saoire agus bhí cluiche iománaíochta ar siúl. Tháinig dream saighdiuirí isteach sa pháirc agus stopadar an cluiche agus ghabhadar roinnt daoine.

Sign up to The Irish Echo Newsletter

Fuarthas duine is seasca cionntach i gceannairc. Daoradh ceathrar duine dhéag chun báis agus gearradh tréimhsí fada priosúin ar na daoine eile. I ndeireadh an l’ níor cuireadh chun báis ach fear amháin, James Daly. Is léir ó na cáipéisí a bhaineann leis an eachtra go raibh na húdaráis den tuairim go gcaithfidís sampla a dhéanamh de dhuine éigin agus thit an crann ar an nDálach. An rud a shábhail furmhór na nÉireannach ón mbás — nár iarradar cabhair ósna hIndiaigh – na dúchasaigh. Thárla rud den tsaghas sin i gCawnpore in 1857 agus maraíodh na mílte ar an dá thaobh. (Cuardaígí Cawnpore ar an Idirlíon agus léigí an scéal sin.) In 1920 bhí an Punjab arís réidh le héirí amach. An bhliain roimis sin mharaigh saighdiuirí Ghinearál Dyer na céata Indiach in Amritsar. Bhí fonn díoltais orthu. Ach níor iarr na hÉireannaigh orthu cabhrú leo.

Le héirí gréine ar an 2 Mí na Samhna, 1920, i nDagshai, lámhachadh James Daly. Bhí sé bliain is fiche. Scaoileadh amach na saighdiuirí eile i 1923 agus chuadar abhaile go hÉirinn. Chuir muintir na hÉireann fáilte mhór rompu agus rinneadh iarracht ar phinsean a fháil dóibh ón rialtas. Ní raibh morán grá ag an rialtas do agóideoirí agus do lucht ceannairce ag an am. Bhí ceannairc san arm, in Éirinn, in 1924. Ní bhfuair na Rangers mórán tacaíochta riamh. Nochtadh leacht dóibh i nGlas Naíon i 1949.

Faoi dheireadh i 1970 tugadh corp James Daly agus coirp na beirte a maraíodh san ionsaí abhaile. Cuireadh James i mBealach an Tirialaigh agus an bheirt eile i nGlas Naíon. Labhair Joseph Hawes ag uaigh an Dálaigh an lá san. Ag trácht ar Daly dúirt sé gurbh é an fear ba chróga é a sheas riamh ós comhair scuad lámhaigh.

Tá eireaball leis an scéal. Fuair duine eile dena Rangers bás i bpriosún, in India, fear darbh ainm John Miranda. Rugadh i Liverpool é agus Éireannach ab ea a mháthair. Mheas feidhmeannach de chuid an rialtais nár chóir corp an allúraigh seo a chur i nGlas Naíon, cé go ndúirt Cumann na nUaigheanna Náisiúnta nárbh aon rud as an ngnáth é. Tá corp an fhir sin fós in India.

Cúpla bliain ó shoin thaispeáin Nollaig Ó Gadhra leabhar urnaí James Daly dom. Bhí sé ina phóca ag James nuair a maraíodh é. Bhí rian na fola fós le feiscint air. Chuir an séiplíneach a bhí i láthair abhaile chun a mháthar é. Smaoinigh ar an mháthair bhocht nuair a d’oscail sí an clúdach. Bhronn deirfiúir James ar Nollaig é sul má fuair sí bás. Ar dheis Dé go raibh siad uiligh.

PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese