OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai James Fintan Lalor 1807-1849

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Fuair Séamas Fiontán Ó Leathlobhair bás ar an 27 Samhain, 1849. Trí lá ina dhiaidh sin lean slua ollmhór an corp go dtí an uaigh i nGlas Naíon. Daoine bochta, sclábhaithe agus muintir na tuaithe den chuid is mó a bhí ar an slua. Trí bliana roimis sin, taobh amuigh dá mhuintir féin, ní bheadh aithne ag éinne den tslua air. Cad a rinne sé idir an dá linn chun an sort sin measa a thuilleamh?

Saolaíodh Séamas i dTigh na Cille, Mainistir Laoise, ar an 10 Márta 1807. Feirmeoir saibhir ab ea a athair. Níl mórán eolais againn faoina óige. Ba chruiteachán é de réir dhealraimh agus chuir an tsláinte isteach air ar feadh a shaoil. Ní raibh an radharc ná an éisteacht ró-mhaith riamh aige. Is dóca gurbh shin é an fáth gur cuireadh oideachas air sa bhaile i dtosach. Chaith sé tamall ar scoil i gColáiste Mhuire ar an gCnoc Beag níos déanaí. Thug sé turas ar an bhFrainc timpeall na bliana 1830 agus d’fhill sé arís ar Éirinn i 1832. Bhí athair Shéamais, Pádraig, an ghníomhach i gcogadh na nDeachú in 1831. Bhí sé ina fheisire Reipéil 1832-35. Tháinig easaontas éigin idir é agus Domhnall Ó Conaill ag an bpointe seo agus d’éirigh sé as an bpolaitíocht.

In 1845 fuair Séamas post mar leabharlannaí i mBéal Feiriste. Dhá bhliain ina dhiaidh sin thosaigh sé ag scríobh litreacha, litreacha simplí díreacha a d’athraigh stair na hÉireann. Bhí an tír i ngreim an Ghorta Mhóir agus bhí dream nua, na hÉireannaigh Óga ag éirí bréan de Ó Conaill agus de Chomhaltas na hAthghairme. Bhíodh Ó Leathlobhair ag léamh an Nation, páipéar na nÉireannach Óg, agus thaitin a fhealsúnacht leis. Bhí doimhin smaoineamh déanta aige ar fhadhbanna na nÉireannach agus dob ionadh leis nár léir do chách cad a bhí le déanamh. Sheol sé litir chuig Charles Gavan Duffy eagarthóir an Nation. Seo mar a chuir Seán Ó Lúing síos go hachoimre ar an litir sin.

"Chuir sé plean i láthair na nÉireannach Óg agus ghlac John Mitchell leis mar rud a bhí sobheartaithe i gcás na hÉireann. Beartaíoch neamhghéilliúil, freasúrach dob ea é; gan cíos d’íoch, seilbh a choinneáil ar a gcuid arm, gan dlí na mbocht d’aithint ná d’oibriú, díshealbhú a chosc agus a throid, an fómhar a choinneáil." Ní fhéadfadh sé bheith níos simplí. Éire dá sliocht agus a fearann dá muintir.

Nuair a gheobhaidh muintir na tíre seilbh ar a gcuid talún féin beidh deireadh le tíorántacht na dtiarnaí, dúirt Ó Leathlobhair. Beidh gach feirmeoir ina thiarna ar a ghabháltas féin. Níor foilsíodh an litir ámh mar cheap Duffy go raibh sé ró-radacach. Mar sin féin tugadh an aird ar an litir agus scaipeadh go forleathan í. Lean Ó Leathlobhair ag scríobh sraith litreacha i bprós neartmhar bríomhar. Teagasc polaitiúil a bhí iontu dáiríre. Arís is arís eile luann sé tábhacht eacnamaíoch na talún agus ceart na ndaoine don talamh. Níor leasc leis dul i muinín an chlaímh. Dá dteipfeadh ar mhuintir na hÉireann a gcearta a bhaint amach go síochánta ba cheart agus ba chóir iad a bhaint amach le treise airm. Níorbh fhiú faic an tsaoirse gan an talamh i seilbh na ndaoine.

Follow us on social media

Keep up to date with the latest news with The Irish Echo

Is fiú scríbhinní Uí Leathlobhair a léamh. Tá an prós lán de fhuinneamh. Deir sé sa chéad litir a chuir sé chuig an Nation nach ‘one of Mr. Ó Connell’s creeping, crawling, cowardly creatures’ é fein. Bhí an dearg fhuath aige do Ó Conaill mar cheap sé gur mheatachán é. Thuig sé nárbh fhiú faic Reipéil gan an talamh i seilbh na ndaoine. Chonaic sé lucht Reipéil ag caint agus daoine ag fáil bháis le hocras. Bhí seisean réidh chun troda dá mba ghá.

Nuair a cuireadh Mitchel an loch amach go dtí ‘Van Dieman’s Land’ dúnadh an ‘United Irishman.’ Bhunaigh protastúnach eile John Martin an ‘Irish Felon’ ina áit agus b’é an Leathlobharach an príomh scríobhnóir a bhí aige. Ar an 22 Iúl, 1848 bhí alt aige faoin dteideal "Clearing Decks" ina n-iarrann sé ar dhuine nó ar dhream éigin tús a chur le héirí amach. Bhailigh sé leis amach as an gcathair agus thug sé cuairt ar shagart, an tAthair John Kenyon. Ba chara le Mitchell é agus bhí sé ina Éireannach Óg. Má bhí féin ní raibh aon fhonn troda air agus ní bhfuair Séamas aon chabhair uaidh. Bhíodar sa tóir air de bharr an ailt thréasaigh agus gabhadh go tapaidh é. Chaith sé tamall i bpriosún. Bhí sé an bhreoite agus scaoileadh saor é. Ní túisce scaoilte é ná thosaigh sé ag ullmhú chun troda arís. Bhí sé ag súil le héirí amach i bhfomhar na bliana 1849. Theip ar an iarracht seo freisin agus gabhadh i gCluain Meala é. Taréis cúpla mí a chaitheamh i bpriosún scaoileadh amach é. Fuair sé bás go gairid ina dhiaidh sin.

Is annamh a chloistear ainm an Leathlobharaigh na l’thannta seo. Bhí Bill Mc Evoy á rá liom go gcoinníonn muintir Laoise a ainm beo fós sa mhórshiúl, Lá Le Pádraig. Tá íomhá den Leathlobhartach ar mheirge na Laoise. Ba chóir go mbeadh níos mó eolais air. Bhí gach poiliteoir a lean é in Éirinn faoi chomaoin aige. Mitchell, Davitt, Parnell, Connolly, Pierce, Collins agus De Valera san áireamh. Tá smaointe Shéamais le sonrú i ‘The Sovereign People’ le Pádraig Mac Piarais agus fuair Connolly an teideal ‘The Re-Conquest of Ireland’ uaidh. De cheal spáis ní féidir liom a cheart a thabhairt don Leathlobharach anso. Má tá tuilleadh eolais uait faoi, léigh ; James Fintan Lalor, Radical, 1990 le David W. Buckley; Irish Nationalism, 1980, le Seán Cronin.

Dála an scéil bhí deartháir ag Séamas darbh ainm Peter (1823-1889). Chuaigh Peter go dtí an Austráil agus lonnaigh sé in Eureka. Bhí sé ag obair sna mianaigh ansan. In 1854 d’éirigh na mianadóirí amach agus fearadh troid idir iad agus na cótaí dearga. Maraíodh 30 duine. Peter Lalor a bhí i gceannas ar na mianadóirí. Ach is scéal eile é sin.

PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese