OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Lucille Dudley

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

D’éag Ó Donnabháin Rosa ar an 29ú Meitheamh 1915 in Ospidéal Naoimh Uinseann, Staten Island. Tríocha bliain roimis sin bhí sé sínte san ospidéal céanna agus piléar greamaithe in aice cnámh a dhroma. Dob amhlaidh a chaith bean dárbh ainm Lucille Dudley sa drom leis ar Shráid Chambers i gcathair Nua Eabhrac. Bhuail an piléar é sa drom agus thit sé ar an tsráid. Tháinig daoine i gcabhair air agus gabhadh an bhean. Bhí sé d’ádh air bheith lámh le 160 Sráid Chambers mar a raibh "The Society of New York Hospital." Tugadh ann é. Níor fhan sé ach lá ann agus aistríodh go Naomh Uinseann é mar a bhfuair sé cúram ní ba fhearr. Ach cad a thug ar Lucille Dudley Rosa a scaoileadh? Grá gan chúiteamh b’fhéidir? Ní hea in aon chor, ach rud i bhfad níos sábháilte ná an grá, dynamite.

Ar an 25 Eanáir 1885 cuireadh pléascán i dTúr Londan, ceann eile i Halla Westminster agus ceann eile fós i dTeach na gComónach. Rinneadh an-réabadh ar Thig na gComónach. Cé gurbh iad fir Chlan na Gael a bhí taobh thiar dena gníomhartha seo is ar Ó Donnabháin Rosa a chuir furmhór na bpáipéar agus na n-údarás an milleán. Anois, cé nach raibh baint ag Rosa leis na pléascáin airithe seo bhí baint aige le roinnt eile díobh. Idir 1881 agus 1885 phléasc ar a laghad sé phléascán fichead i gcathaireacha Shasana. Bhí Rosa taobh thiar de cúig cinn díobh seo, deir Seán Ó Lúing. Thug na Fíníní "The Skirmishing Policy" ar na hionsaithe seo. Chuir na pléascáin isteach go mór ar mhuintir na gcathracha. Bhí an croí scanraithe as an mbanríon bhocht, Victoria, agus ní raibh go leor póilíní ann chun na boic mhóra agus na foirgnimh thábhachtacha a chosaint. Mar gheall ar sin bunaíodh an Secret Service agus an Special Branch. Ní miste mar sin cúpla focal a rá anso i dtaobh an bheartais.

"De réir na fianaise is coitianta, dob é an fear mórchlú Patrick Ford, úinéir an "Irish World," Gaillimheach a lonnaigh go hóg sna Stáit, an duine ba thúisce do spreag an beartas confach cogaíochta ar a dtugtaí The Skirmishing Policy," — ón leabhar "John Devoy," le Seán Ó Lúing. D’fhonn beartas cogaidh seo Patraick Ford a chur i gcrích isea cuireadh tús leis an gCiste Catha nó an "Skirmishing Fund" mar a thugaidís air. Bhí gá le Ciste Catha, de réir Ford, chun "earraí cogaidh, lón pléasctha, dynamite agus gléasanna cogaidh a cheannach le hintinn buillí obanna goimhiúla damáiste agus sabotáis a bhualadh ar Shasana." Cheap Ford go mbeadh sé an-éasca Londain a chur tré thine agus fásach luaithrigh a dhéanamh di. Phléigh Ford na tuairmí seo go hoscailte san "Irish World" idir 1874 agus 1876. Ba short John Brown na nGael Meiriceánach é, ag fógairt bás agus scriosadh ar a chuid naimhde. Chuir sé a dheartháir Augustine, J. J. Clancy agus Rosa i bhfeighil an Chiste.

Ceapadh Rosa ina rúnaí agus ghluais sé timpeall na tíre ag bailiú airgid agus ag craobhscaoileadh an tsoiscéil; go rabhthas ag ullmhú chun scirmise. Scríobhadh sé altanna san United Irishman faoi. Thosaigh an t-airgead ag teach isteach go tiubh. Ní raibh leithéidí John Devoy agus John Ó Leary agus go leor eile ró-shásta leis na cúrsaí seo. Sa chéad áit chuir sé isteach orthu go raibh Ford agus Rosa ag nochtadh a raibh ar intinn acu san Irish World. Fara sin, chreideadar go ndéanfaidís gníomh amaideach éigin a tharraingeodh mí-chlú ar chúis na hÉireann. D’éirigh scoilt eatarthu. Is scéal an-chasta é ach ní gá a rá inniu ach de dheasca na scoilte go raibh foirne de chuid Rosa agus foirne de chuid Chlan na Gael ag gníomhú i Sasana i rith na n-ochtóidí i ngan fhios dá chéile.

Tharraing Rosa aird agus fearg na Sasanach air féin. Fuair sé tuairim is céad litir milleáin is mallachta taréis na bpléascán i mí Eanáir 1885. Ina measc bhí níos mó ná bagairt mharaithe amháin. Thosnaigh scéal ag gabháil timpeall go raibh na Sasanaigh ar tí a mharaithe nó go rabhathas chun é d’fhuadach as an dtír. Dá dheasca sin, chuir a chairde fear iontaofa chun faire air ach thug Rosa faoi ndeara é agus chuir sé an ruaig air. Mar deir Seán O Lúing, "ráinig dochar na faillí sin chuige gan mhoill."

Sign up to The Irish Echo Newsletter

Ar a ceathair a chlog Dé Sathairn 31 Eanair 1885, fuair Rosa nóta ó oifig na dteileagraf. D’iarr an nóta air teacht gan mhoill mar bhí an scríbhneoir toilteanach cabhrú le hÉirinn, le hairgead agus le cúnamh pearsanta. Chuaigh Rosa láithreach go dtí an oifig agus casadh air bean darbh ainm Lucille Dudley. Chuadar go hOstán Sweeny. Dúirt sí gur mhian léi obair éifeachtach a dhéanamh; "theastaigh uaithi go marófaí daoine." Gheall sí go dtiocfadh sí ag triall air arís go luath agus go mbeadh slám maith airgid aici le tabhairt dó. An Luan ina dhiaidh sin tháinig nóta eile ag iarraidh ar Rosa casadh léi láithreach taobh amuigh den oifig.

Bhuail Rosa léi lasmuigh den oifig. Shín sí píosa páipéir chuige agus d’iarr sí air "a ainm a chur leis mar admháil ar an airgead a bhí aici le tabhairt dó." Léigh Rosa an páipéar agus stad sé nuair a chonnaic sé an focal ‘dynamite’. Dhiúltigh sé dí agus chas sé ar a shála le himeacht uaithi. Ghlaoigh sí ar ais air agus d’impigh sí air teacht léi agus an cheist a phlé. Thoiligh Rosa. "Sa tsiúl dóibh, stad an bhean go hobann agus lig sí do Rosa céim nó dhó a shiúl chun tosaigh uaithi, agus díreach le linn dó bheith ag gabháil thairsti, thóg sí amach gunna agus chaith sí leis sa drom." (Ó Donnabháin Rosa II le Seán Ó Lúing). Thit Rosa agus chaith sí leis cúpla uair eile. Níor bhuail ach an chéad philéar é. Thug fear éigin cúnamh dó agus bhí sé i ndán siúl go dtí Ospidéal Shráid Chambers.

Gabhadh an bhean agus "thóg Consal na Breataine J. P. Edwards, cúram cosanta na mná air féin," mar ba Shasanach í. Fuarathas ciontach ach ar neamheabhair í. Cuireadh in ospidéal meabhair-ghalar í i Middletown. Níor fhan sí ach tuairim is sé mhí ann. Ansan tugadh anonn go Sasana í "faoi chúram duine uasail," agus d’imigh sí ó radharc. Fuair Rosa litir ó Henry Labouchere, úinéir an pháipéir "Truth," á rá go bhfuair Lucille 200,000 punt as an ngníomh. Dúirt feidhmeannaigh Shasana nach raibh lámh ná páirt acu san eachtra. Creidim iad, ach cheapfá go bhfaighidís duine go raibh urchar beagáinín níos cruinne aige ar an méid sin airgid.

PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese