OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Máirín an Trúis

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Ag trácht ar an mbéaloideas dúirt Máirtín Ó Cadhain — "Ba é an t-aon chineál léinn é a bhí ag formhór mo chomharsan." Deir sé freisin -"Níl aon uair dá léim rudaí áiride i mBéaloideas nách mothaím an claidheamh solais ar ais aríst i mo ghlaic." Braithimse féin mar sin go minic go mór mór nuair is píosa ó mo thaobhsa féin tíre é. Don tseachtain seo tá scéal agam daoibh a fuair Peadar Ó hAnnracháin in Iarthar Chorcaí tá céad bliain ó shoin. Foilsíodh sa Lóchrann é i 1908. Bhain idir óg agus aosta sult as an sort seo scéil agus ta súil agam go mbainfidh sibhse freisin. Is éan beag gleoite í Máirín an Trúis. Is ionann í agus an caislín cloch nó an "stonechat" baineann. Donncha an Chaipín a thugtar ar a fear chéile.

Thárla go raibh an saol pas cruaidh ar dhreoilín uair amháin agus nuair a tháinig an t-am chun arbhair a chur ní raibh an síol aige i gcomhair na páirce a bhí ina hithir aige. D’imigh sé ag triall ar chomharsain a chónaigh cúpla páirc ar an dtaobh thoir de. Máirín an Trúis ab ainm don chomharsain. "A leithéid seo," arsan dreoilín, "páircín ithreach atá ansan thiar agam, agus níl aon tsíol agam le cur ann. Bheinn ana bhuíoch díot ach oiread síl a thabhairt dom ar iasacht is tá ag teastáil uaim i gcomhair an méid sin talún. Níl aon bhaol ná go ndíolfad an comhar sa bhFomhar, go prínsiopálta."

Dhein Máirín beagán machnaimh ar an scéal agus ansan dúirt sí, "Bíodh sé ina mhargadh mar sin. Ba dhual duit bheith macánta agus ní bheidh ort le déanamh ach an oiread síl a chur chugam aniar sa bhFomhar is bhéarfair leat anois. Seo leat amach go dtí an scioból agus líonfaimíd do dhóthain duit sa mhála so."

Chuadar amach is dheineadar amhlaidh. D’imigh an Dreoilín an bóthar siar agus a mhála ar a dhrom aige agus é go lán tsásta ina aigne. Bhí go maith go dtáinig an Fomhar. Fomhar grianach torthúil ab ea é. Chuimhnigh Máirín ar a raibh amuigh aici ar an ndreoilín . "Tá sé chomh maith agat," ar sise le maicín óg a bhí aici, "tú féin a chur i dtreo chun dul siar ansan go tigh an Dreoilín úd a thóg mála arbhair ar iasacht uaim an tEarrach so imigh tharainn. B’fhéidir go mbeidís ag bualadh lá acu so." As go bráth leis an maicín.

Ar amhraí an tsaoil bhí an dreoilín agus a chlann ag bualadh arbhair an lá céanna. Bhíodar ar a ndícheall, — gach ceann acu agus a shúiste go haclaí á chasadh aige. Bhí teachtaire Mháirín ag féachaint orthu tamall. "Dar Fia," ar seisean, ní fheadar cad a dhéanfad anois mar ní haithním an sean leaid thar aon cheann eile acu. Comhard agus comhéid iad go léir." Bhí sé mar sin tamall. "Sea," ar seisean fé dheireadh, "mo mháthair a dúirt liom teacht anoir chun a chur i n-iúl duit nár mhiste dhuit cuimhneamh ar an mála coirce fuairis ar iasacht uaithi i dtosach na bliana."

Follow us on social media

Keep up to date with the latest news with The Irish Echo

Stadadh den bhualadh. D’fhéach na dreoilíní ar a chéile agus sméid fo-cheann acu súil ar a chéile. Taréis tamaill chromadar ag gáire agus ba ghearr gur thosnaíodar arís ar an ngnó a bhí ar siúl acu roimis sin. Siúd soir abhaile arís é mac Mháirín go leath-chráite. D’inis sé an scéal dá mháthair "Á," ar sise, "níl aon ghastacht ag baint leatsa fós. Buachaill cliste is ea an sean leaid ach buachaill baoth is ea é. Bíodh geall go n-aithneoidh tú go breá amárach é ach mo chomhairle a ghlacadh. Sid í mo chomhairle duit anois. Buail siar chucu amárach arís. Seasaimh ag an doras tamall ag féachaint orthu ag obair agus abair; "Mhuise mo ghraidhin do chuisle a sheanabhuachaill!" Chífidh tú ansan de phreib cá mbeidh an sean dreoilín sin.

Sea. Lá ar na márach d’imigh an teachtaire siar go scioból an dreoilín arís. Sheasaimh sé ag an doras tamall. Chonaic na dreoilíní a bhí ag bualadh ar a ndícheall é agus níor dheineadar ach gáirí miona ísle a ligint astu agus leanúint orthu go saothrach arís. Ní fada go ndúirt an teachtaire in ard a ghotha: "Mhuise mo ghraidhin do chuisle a sheanabhuachaill."

Ní túisce ráite é sin ná gur léim dreoilín acu amach ón áit ina rabhadar ag bualadh agus chas sé a shúiste go h’rach ós cionn a chinn, agus bhéic sé agus liúigh sé agus dúirt: "Mise an buachaill chuige a mhic ó!" "Tán tú agam go deas anois a Dhreoilín a chroí," arsan teachtaire, "agus féach, líon chugam an mála coirce sin gan mhoill." Dhein an dreoilín rud air. Líon sé an mála agus chuir sé beirt dá chlainn féin soir leis.

D’imigh mac Mhairtín abhaile ag feadaíol go breá meidhreach dhó féin agus bhí fáilte roimis ag a mháthair. Ní ag feadaíol a bhí an dreoilín críona san ámh ach ag pusaíol dó féin mar thug a chlann íde béil dó.

Sin agaibh anois mo scéal agus mara bhfuil sibh sásta leis ní mise fé ndeara é ach an duine a thug dom é. Ní fheadar an fíor bréag é mar scéal agus go deimhin is beag ná gur cuma liom ciacu.

PS: Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese