Le Barra Ó Donnabháin
Tá cur síos ag Francis Ó Néill ina leabhar ‘Irish Minstrels and Musicians’ ar Mháirtín Ó Raghallaigh, píobaire cáiliúil on nGaillimh. Ina chónaí i dTeach na mBocht i nGort a bhí sé nuair a tháinig fear ó Chonnradh na G’ilge air. Tugadh go BÁC é don Fheis Cheoil i 1901 mar a bhfuair sé an chéad duais. An bhliain dar gcionn bhí an bua aige arís. Bhí sé ag an Belfast Harp Festival i 1903 agus bhí an méid seo le rá ag páipéar amháin faoi: "The wonderful old man played the ancient airs with such feeling, expression and profound understanding of their suggestions and meanings that he simply took the house by storm."
Ar ámharaí an tsaoil thángas ar cur síos comhaimseartha ar Mháirtín sa ‘Claidheamh Solais’ tamall ó shin. Bhí Máirtín fós beo nuair a scríobhadh é. Tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh as. D’fhágas mar a fuaireas é.
‘Rugadh Máirtín Ó Raghallaigh i nGaillimh cúpla míle ón mbaile mór sa bhliain 1829, nó mar a deir sé féin, "Bhí mé deich mbliana go díreach, Oíche na Gaoithe Móire." Bhí Máirtín dall ó rugadh é, agus mar ba ghnách an t-am sin nuair a bhéarfaí leanbh agus é a bheith dall, dúirt a thuismitheoirí leofa féin go mbeadh sé chomh maith acu píobaire a dhéanamh de Máirtín. Col ceathar dó féin, fear darbh ainm Séamas Ó Raghallaigh, a thug an chéad cheacht dó, agus lean sé den cheol chomh dian, dícheallach sin gur gearr go raibh Máirtín óg in ann ceol binn a bhaint as na píopaibh.
Shiúl Máirtín roimhe i gcuideachta le píobairí eile thart timpeall na hÉireann, agus go deimhin is iomaí áit ar thug sé cuairt uirthi. Ní bheinn tuirseach go brách na breithe ag éisteacht le Máirtín ag cur síos ar an tsean aimsir agus ar na sean cheoltóirí. San am sin ní raibh baile in Éirinn, beag ná mór, nách mbíodh píobaire nó beirt nó triúr ann, agus is iad a bhíodh cruógach (gnóthach) sa gheimhreadh ag céilithe is ag bainiseacha nó ag cros bhothar sa samhradh fhaid is bheadh solus an l’ acu.
Ach tháinig an Gorta agus an droch-shaol. D’imigh na daoine ina gcéadtaibh go Meiriceá agus go tíoraibh eile thar muir. Níor fágadh sa mbaile ach na sean daoine is na naíonáin agus ní raibh siadsan in ann píobairí a chothú. Faoi dheireadh thiar chuireadar suas don cheol agus scaipeadh a gcuid píopaí anonn is anall ar fuaid na tíre. Ní raibh aon trácht ar Mháirtín leis na ciantaibh go dtí go ndeacha Pádraig Mac an Ailghe ar lorg na bpíobairí timpeall is a hocht nó a naoi de bhliantaibh ó shoin. Casadh isteach i dteach beag i nGaillimh é agus is ann a fuair sé mo phíobaire bocht Máirtín. Ní túisce chuala Pádraig é ná bhí fhios aige gurbh iontach an píobaire a bhí ann. Sa bhliain 1901 tugadh aníos chun na Feise Ceoil é agus ní gá a rá gurbh é a ghnóthaigh an chéad duais. Rug sé an chéad duais ag an Oireachtas tamall gearr ina dhiaidh sin agus rinne sé an cleas céadna an bhliain dár gcionn.
Never miss an issue of The Irish Echo
Subscribe to one of our great value packages.
Bhíodh teach damhasa ag Máirtín anuas go dtí fiche bliain ó shoin ach níor thaithnigh sé sin leis na sagairt agus chuir siad deireadh leis. Is cosúil go raibh fios a ngnótha acu ach sé mo bharúil féin gur mhó an dochar a rinneadh ar an gcaoi seo ná ag an dream gallda a chuir scoileanna mí-náisiúntacha ar bun. Cíbé sin de, buaileadh an droch bheart seo ar Mháirtín, tógadh uaidh a a shlí bheatha agus ní hionadh nár éirigh an saol leis ina dhiaidh sin.
Cuireadh sé bláth na hóige ar sheanduine bheith ag éisteacht le Máirtín ag seinm. Dheamhan ríl ná port dá gcualthas riamh nách bhfuil aige. Maidir le sean amhránaibh tá lán a mhála díobh san aige. Chaithfeá seacht n-oíche agus seacht lá ag éisteacht leis agus gan an port céana a chloisint uaidh.
Tá dhá phíosa go háirithe go mba mhaith liom trácht orthu, .i. The Fox Chase agus " Cath Eachdhroma." Ta sean eolas ar an gcéad cheann ach is beag duine a chuala "Cath Eachdhroma." Cloiseann tú ar dtús gluaiseacht an dá shluaigh ag ionnsaí a chéile. Annsin tosuíonn an clampar dáiríre. Séidtear an cuaille-chomhairc. Faoi dheireadh, taréis mórán troda éist le caoineadh na baintrí. "Mo mhac marbh, mo mhac dílis, mo mhac bán." Sin é gol na mban san ár. Mo léan, is iomaí uair a briseadh cath orainn, san am fadó. Stopann an géar-chaoineadh agus siúd iad ag imeacht abhaile. Tá a mhalairt de cheol anois againn, — "Mairseál Bhriain Bhoroimhe." Dob fhiú do lucht stiúrtha feise nó cuirm cheoil, cibé áit a bhfuil sí, fios a chur ar Mháirtín agus é a chur ag seinm an dá phíosa seo thuas.
Seo roinnt bheag eile dá chuid ceoil: — An Chúis Dá Plé, An Maidrín Rua, Brídín Bhéasaigh, An Caisideach bán, An Lon Dubh, An Páistín Fionn, An Baile Beag ‘ mBímse ‘mo chónaí, An Staicín Eorna 7rl. Seineann sé ríl freisin a chum sé féin – The Fair Maids of Oran Hill a thugann sé mar ainm air.
Tá mé cinnte go dtabharfaidh Rúnaí Chumann na bPíobairí i mBaile Átha Cliath nó muintir Chonnradh na G’ilge i nGaillimh fios faoi do dhuine ar bith a bhéas ar lorg Mháirtín le haghaidh Feise nó Cuirme Ceoil. Beannacht leat a Mháirtín chroí, agus go gcuire Dia an t-adh ort i rith do shaoil.’ An Claidheamh Solais, Márta 7, 1903, ‘An Chraobh Rua’ a scríobh.
Cé go raibh cáil mhór arís ar Mháirtín ag deireadh a shaoil fuair sé bás i dTeach na mBocht. Cháin Ó Néill muintir na hÉireannaigh mar gheall ar seo. Ach más buan mo chuimhne léas áit éigin gur tugadh rogha do Mhairtín agus gurbh amhlaidh a thaitin Teach na mBocht leis; bhí sé go breá compórdach ann. Tá súil agam gur mar sin a bhí. Ar dheis lámh Dé go raibh sé.
PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.
An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.