OLDEST IRISH AMERICAN NEWSPAPER IN USA, ESTABLISHED IN 1928
Category: Archive

Macallai Mis agus Dubh Ruis

February 16, 2011

By Staff Reporter

Le Barra Ó Donnabháin

Cnoc an Áir an cnoc so thiar,

Is go lá an bhrátha biaidh dá ghairm;

A Phádraig na mbacal mbán,

Ní gan fáth a tugadh an t-ainm.

Innis mar is cuimhin leat,

Follow us on social media

Keep up to date with the latest news with The Irish Echo

A mhic Cumhaill, tásc an ghleó;

Aithris, is mo bheannacht ort,

Scéal fíor is ná togair gó.

Is as an dán Fiannaíochta ‘Cnoc an Áir’ an dá bhéarsa thuas. Insíonn Oisín an scéal atá taobh thiar den ainm Cnoc an Áir do Naobh Pádraig. Mar is léir ón tarna bhéarsa tá suim ag Pádraig sa scéal. Chuir na Fílí suim mhór sna logainmneacha ó thosach agus tá an nós fós ann aon áit ‘na maireann an Gh’ilge. Inniu ba mhaith liom píosa gearr a scríobh faoi sliabh eile agus an scéal a bhaineann leis. Más mian le éinne agaibh eolas níos mó a fháil ar an abhar seo, féach Celtica 1, pp, 382-4, agus Celtica II, pp 325-333.

Baineann an scéal leis an áit cháiliúil i gCiarraí ar a dtugtar Sliabh Mis. Cé nách dtéann an scéal atá againn anois chomh fada sin siar, creideann na scoláirí go bhfuil sé bunaithe ar abhar cian aosta. An Rí atá ann, Feidhlime Mac Criomhthain, fuair sé bás, de réir na nAnnála sa bhliain 847. Baineann an scéal le bean darbh ainm Mis agus tá cur síos ar cérbh í féin agus cér dhíobh í sna lámhscríbhinní? Maraíodh a hathair, Dáire Mór, a tháinig " ag déanamh conngcuis na hÉireann," i gCath Fionntrá. Taréis an chatha tháinig sí ar chorp a hathar agus d’imigh sí as a meabhair. D’ ól sí cuid dá fhuil, mar a rinne Deirdre roimpi agus Eibhlín Dhubh Ní Chonaill ina diaidh, "gur imigh fá dheireadh ar faoidhe foluamhuin le fiabhrus gealtachuis go Sliabh Mis."

D’fhás gruaigh agus clúmh síos go talamh uirthi agus ingne fada géara lena stróicfeadh sí éinne a thagadh ina gar. Níor leasc leí feoil dhaonna a ithe, fiú. Bhí an oiread sin eagla ag na Ciarraigh roimpi gur fágadh an dúthaigh timpeall an tsléibhe gan duine gan deóraí. Chuir Mis agus a cuid geaitsí isteach go mór ar an rí, ní nach ionadh. Gheall sé "duaise móra maille le ardchíosa na barrantacht don té do gheóbhadh nó do thiubhradh chun láimhe í ina beatha."

Thárla go raibh cláirseóir ag Rí Feidhlime darbh ainm Dubh Ruis. Dúirt seisean leis an Ri go raghfadh sé féin ag triall uirthí ach lab airgid agus óir a thabhairt dó. "Thugas an Rí an t-ór agus an t-airgead dó, agus nocha ndearna fuirreacht gur shroich sé Sliabh Mis." Shuigh sé san áit inar dhóigh leis í a ghabháil. Leath sé brat ar an dtalamh agus scaip sé an t-ór is an t-airgead ar imeall an bhrait. Ansin thosnaigh sé ag seinm ar an gcláirsigh agus níor chian gur tháinig Mis féin i láthair nuair a chuala sí an ceól aoibhinn. D’fhan sí ansan ag faire air agus ag éisteach leis an gceol. Nuair a stad an ceol labhair sí. "Nach duine thú?" ar sí. "Is sea" ar sé. "Créad é seo," ar sí, ag cur a láimhe ar an gcláirsigh. "Cruit " ar sé. "Is cuimhin liom an chruit, bhíodh a samhailt ag mo athair," ar sí. Ansin chonaic sí an t-airgead agus an t-ór agus i ndiaidh a chéile tháinig a ciall thar n-ais chuicí. Bíonn an chumhacht san ag an ór go minic.

Dúirt Dubh Ruis leí ansin go raibh ocras air agus nách raibh aige ina mhála ach arán. "Ní fál go h-‘r é, gheobhad fia dhuit," arsa Mis, agus d’imigh sí ar nós na gaoithe agus tháinig sí ar ais agus fia féna h-ascaill aici. Bhí sí díreach chun an fia a strachadh agus a ithe mar a bhí, nuair a dúirt Dubh, "Fóill, go ndéanfad an fia do chosgairt agus an fheóil do bhruith." Ansin rinne sé morc mór teine de chríonadhmad na coille agus bhí fleadh agus féasta aca. Thóg Dubh Rois bothán de ghéaga crann agus " ghabhas chuige duilliúr crann, caonach agus glasluachair agus chóirigh sé leaba dhi. Leath sé craiceann an fhia fúithi agus chuir sé a bhrat thairsti. Luigh sé féin lena taobh. Bhuel, níorbh fhada gur thit an bheirt i ngrá. Anois de ghnáth, sa lá tá inniu ann ar aon nós, cailleann daoine cibé splanc céille a bhíonn acu nuair a bhuaileann an grá iad ach níor mhar sin do Mhis é. Dob amhlaidh a tháinig a ciall agus a cuimhne agus a meabhair dhi i bhfochair an ghrá.

Thugadar dhá mhí ar thaobh an tsléibhe agus Mis ag dul i bhfeabhas in aghaidh an l’. Bhí sí chuici féin arís i gcionn an ama sin agus thug Dubh Ruis leis chun a’ bhaile í. Phósadar agus thógadar ceathrar clainne de réir na scéalta. Agus deirim-se leat nach raibh aon easpa feóil orthu mar bhí an rí fíor bhuíoch de Dhubh Rois as an obair éachtach a bhí déanta aige. Bhronn sé píosa breá talún agus carn mór airgid air. Mhair an lánúin go sona sásta ar feadh tamaill. Ansan lá dá raibh Dubh Rois "ag tógáil ardchíosa" ar Chlann Mhuiris, duais a bhronn an rí air de bharr Mis a thabhairt chun céille, mhairigh ceithearnaigh Chlainne Muiris é. Mhair a cháil mar cheoltóir sa bhealoideas mar is léir ón leath rann a scríobh Eoin Mac Cártha an Mhéirín san ochtú céad déag:

Ba bhinne a séis caorghuib ba mhílse glór,

Ná cruit an té thraoch Mis le draíocht a cheoil. (Is leagan athchóirithe, leasaithe, é seo de phíosa a scríobhas don Echo roinnt blianta ó shin. Le tamall anuas táim ag athscríobh agus ag cur le sean-phíosaí áirithe. Mo chara Séamus a mhol dom é seo a dhéanamh. Bhíodh cuid dena sean-phíosaí ró-ghearr lena cheart a thabhairt don ábhar. Tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh astu.)

PS. Beidh píosa as an alt seo le cloisint ar Míle Fáilte, le Séamas de Bláca, WFUV 90.7, 8am, an Satharn seo chugainn.

An excerpt from this article can be heard on Míle Fáilte with Séamas de Bláca, WFUV 90.7, on Saturday next at 8am.

Other Articles You Might Like

Sign up to our Daily Newsletter

Click to access the login or register cheese